id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:705
Mhol mé gur chóir plean réalaíoch le spriocanna cinnte ama a ullmhú agus a chur i bhfeidhm leis an méid seo a bhaint amach agus go leagfaí cóip den phlean céimnithe sin faoi bhráid na hOifige seo a luaithe agus is féidir, ach ar a dhéanaí laistigh de dhá mhí ó dháta na tuarascála seo.
I recommended that a realistic plan with definite deadlines to achieve this target should be prepared and implemented and that a copy of that graduated plan would be laid before this Office as soon as possible, but at the latest within two months of the date of this report.
eclr:706
Mhol mé chomh maith go mbeadh dualgais reachtúla teanga áirithe in aon chinntí atá á ndéanamh faoi chaiteachas caipitil i mBus Átha Cliath feasta.
I also recommended that statutory language obligations be taken into account in future when decisions are being made by Bus Átha Cliath in respect of capital expenditure.
eclr:707
Ní miste liom buíochas a ghlacadh le Bus Átha Cliath as an gcomhoibriú iomlán a chuir sé ar fáil don imscrúdú; is mór agam an comhoibriú sin.
I would like to thank Bus Átha Cliath for its cooperation with the investigation, which was much appreciated.
eclr:708
Imscrúdú seolta: 18 Meitheamh 2014
Investigation launched: 18 June 2014
eclr:709
Tuarascáil eisithe: 21 Deireadh Fómhair 2014
Report issued: 21 October 2014
eclr:710
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Health Service Executive
eclr:711
Léirigh imscrúdú a rinneadh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur sháraigh an Fheidhmeannacht na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9(1) & 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus í i mbun cumarsáide le tuismitheoirí agus caomhnóirí daltaí bunscoile i gceantar Gaeltachta Dhún na nGall i dtaca le seirbhísí fiaclóireachta.
An investigation found that the Health Service Executive failed to comply with the statutory language obligations which are set out in subsections 9(1) and 9(3) of the Official Languages Act 2003 whilst communicating with parents and guardians of primary school pupils in the Donegal Gaeltacht in respect of dental services.
eclr:712
Rinne tuismitheoir dalta i scoil Ghaeltachta i nDún na nGall gearán le m’Oifig i nDeireadh Fómhair 2014 gur i mBéarla amháin a eisíodh litir chuig tuismitheoirí/caomhnóirí gach dalta i rang a haon, rang a ceathair agus rang a sé sa scoil sin, chun faisnéis a thabhairt i dtaca le scrúdú fiaclóireachta a bhí le cur ar na daltaí.
The parent of a pupil in a Gaeltacht school in Donegal complained to the Office in October 2014 that a letter which issued to the parents/guardians of every pupil in first class, fourth class and sixth class in that school, to furnish information about a dental examination which was to be provided for pupils, was in English only.
eclr:713
Ba chás leis an ngearánach chomh maith gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar an litir sin.
The parent also noted that the headings of stationery on the letter were in English only.
eclr:714
Dhearbhaigh an gearánach dúinn, áfach, go raibh foirm dhátheangach in éineacht leis an gcumarsáid.
The complainant confirmed, however, that a bilingual form had issued with the communication.
eclr:715
Bhí an cheist seo tarraingthe anuas cheana ag an Oifig seo leis an bhFeidhmeannacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2013.
This question had been raised previously by the Office with the Executive in October 2013.
eclr:716
Tugadh le fios do m’Oifig mar fhreagra ar an ngearán sin go n-eiseofaí an téacs i nGaeilge agus i mBéarla ar gach litir chaighdeánach maidir le coinní agus chuig na scoileanna, agus go n-athrófaí na ceannteidil ar an stáiseanóireacht.
The Office had been advised in response to this complaint that the text would be in Irish and English in every standard letter to do with appointments and in every standard letter issued to the schools, and that the headings would be amended on the stationery.
eclr:717
Anuas air sin, tugadh le fios don Oifig go raibh na litreacha á n-eisiúint go huathoibríoch ón gcóras ‘Exact’ i nDún na nGall agus i Sligeach/Liatroim, agus nár leagadh an clár seo amach ag an tús le tacú le téacs i nGaeilge.
The Office was also advised that letters were issuing automatically from the ‘Exact’ system in Donegal and in Sligo/Leitrim, and that the programme had not been designed to accommodate text in Irish from the start.
eclr:718
Cuireadh in iúl don Oifig go mbeadh leagan náisiúnta den chlár ‘Exact’, ‘Software of Excellence Health’ (SoEL Health), á chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta go luath agus go raibh an Fheidhmeannacht ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh an leagan náisiúnta tacú leis an nGaeilge.
The Office was informed that the national version of the ‘Exact’ programme, ‘Software of Excellence Health’ (SoEL Health) was to be implemented shortly throughout the organisation and that the Executive was trying to find out whether the national version could support Irish text.
eclr:719
D’fhilleamar ar an bhFeidhmeannacht i mí Feabhra 2014 nuair a eisíodh litir choinne i mBéarla amháin ar stáiseanóireacht le ceannteidil i mBéarla ó na seirbhísí fiaclóireachta, in ainneoin a raibh geallta.
We reverted to the Executive in February 2014 when an appointment letter issued from the dental services in English only on stationery with English only headings, despite previous commitments received.
eclr:720
Cuireadh in iúl do m’Oifig ar an 5 Márta gur eisíodh an litir choinne i nGaeilge a luaithe is a fuair an Fheidhmeannacht an chasaoid, go raibh na litreacha coinne á n-eisiúint i mBéarla de bharr an chórais teicneolaíochta faisnéise (TF) agus go raibh an Príomh-Fhiaclóir tar éis treoir a thabhairt don fhoireann páipéir le ceannteidil dhátheangacha a chur isteach sa phrintéir.
The Office was advised on 5 March that the appointment letter was issued in Irish as soon as the complaint was received by the Executive, that the appointment letters were issued in English only because of the IT system and that the Chief Dentist had given an instruction to staff to ensure that paper with bilingual headings should be inserted into the printer.
eclr:721
Cuireadh in iúl dúinn chomh maith gur tugadh treoir don fhoireann foirmeacha toilithe dátheangacha a sheoladh chuig tuismitheoirí na spriocranganna i ngach bunscoil i nDún na nGall agus gur chóir litir choinne a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla sa chás go líonfadh an tuismitheoir an leagan Gaeilge.
We were also informed that an instruction was given to staff to issue bilingual permission forms to all primary schools in Donegal and that appointment letters should issue in Irish and English where the parents completed the permission slip in Irish.
eclr:722
D’iarr m’Oifig soiléiriú ar an bhfreagra seo ar an 6 Márta agus arís ar an 2 Iúil agus ar an 19 Lúnasa, i bhfianaise an fhreagra a cuireadh ar fáil ar an ngearán deireanach go n-eiseofaí an téacs i nGaeilge agus i mBéarla ar gach litir chaighdeánach maidir le coinní agus chuig na scoileanna, agus go n-athrófaí na ceannteidil ar an stáiseanóireacht agus mar nach raibh sé soiléir ón bhfreagra an raibh na litreacha le heisiúint tríd an gcóras nua ‘SoEL Health’, agus má bhí, an raibh ar chumas an chórais sin litreacha dátheangacha a eisiúint.
My Office requested clarification on 6 March, and again on 2 July and 19 August, in light of the response to the previous complaint that the text would be in Irish and English in every standard letter regarding appointments and to the schools, and that the headings would be amended on the stationery, as it was not clear if the letters were to be issued through the new system ‘SoEL Health’ and if so, had that system the ability to issue bilingual letters.
eclr:723
I bhfreagra dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2014, seoladh cóip de mheamram chugainn a d’eisigh an Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta chuig baill foirne ar an 3 Meitheamh 2014, ag tabhairt treorach go gcaithfí cloí leis na dualgais reachtúla faoin Acht.
In a response dated 14 October 2014, we were sent a copy of a memorandum which the Deputy National Director had issued to staff members on 3 June 2014, giving an instruction that statutory obligations under the Act must be adhered to.
eclr:724
D’fhilleamar ar an bhFeidhmeannacht ar an 15 Deireadh Fómhair ag lorg soiléiriú faoin gcóras EXACT.
We reverted to the Executive on 15 October seeking clarification about the ‘EXACT’ system.
eclr:725
Níor cuireadh an soiléiriú sin ar fáil dúinn.
No such clarification was provided.
eclr:726
Ar an 30 Deireadh Fómhair 2014, fuair m’Oifig gearán nua go raibh litir i mBéarla ar stáiseanóireacht le ceannteidil Bhéarla amháin eisithe athuair ag an bhFeidhmeannacht i dtaca le scrúdú fiaclóra chuig tuismitheoirí /caomhnóirí daltaí scoile Gaeltachta – an litir chéanna ab ábhar gearáin i nDeireadh Fómhair 2013.
On 30 October 2014, my Office received a new complaint that the Executive had once again issued a letter in English only to parents/guardians of primary school pupils in a Gaeltacht school, on stationery with headings in English only – the same letter which was subject to a complaint in October 2013.
eclr:727
Tá Rialacháin eisithe i dtaca le húsáid na dteangacha oifigiúla ar cheannteidil stáiseanóireachta ón mbliain 2008 (IR 391 de 2008), faoi fho-alt 9(1) den Acht.
Regulations have been issued in respect of the use of the official languages on headings of stationery from 2008 (S.I. 391 of 2008), under subsection 9(1) of the Act.
eclr:728
Faoi na Rialacháin sin, ní mór do cheannteideal stáiseanóireachta a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.
Headings of stationery must be in Irish or in Irish and in English according to those Regulations.
eclr:729
Seo mar atá daingnithe i bhfo-alt 9(3) den Acht i dtaca le cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne:
The following is specified in subsection 9(3) of the Act in respect of communication with the public in general:
eclr:730
“I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.”
“Where a public body communicates in writing or by electronic mail with the general public or a class of the general public for the purpose of furnishing information to the public or the class, the body shall ensure that the communication is in the Irish language or in the English and Irish languages.”
eclr:731
Chinn mé, i bhfianaise an méid seo, gur ghá dom tabhairt faoi imscrúdú ar an ábhar chun teacht ar fhionnachtana sa chás agus moltaí a dhéanamh ina leith, dá mba chuí.
I decided, in light of the above, that an investigation was warranted to enable me to make findings in the case and to make recommendations on the matter, if appropriate.
eclr:732
Sa fhreagra ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ghlac an Fheidhmeannacht leis gur sháraigh sí fo-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chás seo.
The Health Service Executive accepted in its response to the investigation that it had breached both subsection 9(1) and subsection 9(3) in this particular case.
eclr:733
Mar mhíniú agus mar leithscéal, thug an Fheidhmeannacht le fios go seoltar réimse cáipéisí chuig an bpobal i staideanna éagsúla ón tSeirbhís Fiaclóireachta chun a chinntiú go bhfaigheann an pobal na seirbhísí fiaclóireachta a bhfuil siad ina dteideal, agus dúradh go ndearnadh go leor oibre le cinntiú go mbeidís ar fáil go dátheangach agus nuair ba chuí i nGaeilge agus i mBéarla araon.
By way of explanation and excuse, the Executive explained that a range of documents issue to the public at different stages from the Dental Services to ensure that the public get the dental services to which they are entitled, and it was said that a lot of work was undertaken to ensure they would be available bilingually or, where appropriate, in both Irish and in English.
eclr:734
Thug an Fheidhmeannacht le fios, áfach, gur fágadh litir chlúdaigh faoi athruithe ar an gcóras cigireachta scoile a tugadh isteach bliain go leith ó shin as an áireamh, trí dhearmad, ón bpróiseas aistriúcháin seo.
The Executive advised, however, that a covering letter about changes to the school inspection system which were introduced a year and a half ago was omitted, by mistake, from this translation process.
eclr:735
Dhearbhaigh sí, áfach, go raibh seo curtha ina cheart anois agus chuir sí cóip ar fáil don imscrúdú.
They confirmed, however, that this had now been rectified and a copy of the translated letter was provided to the investigation.
eclr:736
Thug an Fheidhmeannacht le fios chomh maith gur pléadh prótacail atá bainteach le foilsiú cáipéisíochta dátheangaí leis an bhfoireann uile ag cruinnithe de chuid Limistéar Seirbhíse Dhún na nGall i mí na Samhna 2013 agus arís i mí Mheán Fómhair 2014 agus dúradh go raibh sí sásta de bharr a fiosrúcháin agus an athbhreithnithe ar an gcáipéisíocht go raibh dualgais an Achta á gcomhlíonadh aici.
The Executive also advised that protocols for publishing bilingual documents were discussed with all the staff at meetings for the Donegal Service Area in November 2013 and again in September 2014 and stated that they were satisfied, as a result of their enquiries and the review of documentation, that they were complying with the obligations of the Act.
eclr:737
Chuir an Fheidhmeannacht cóip de chlár cruinnithe foirne agus cur i láthair ‘Powerpoint’ ar fáil don imscrúdú mar chruthúnas ar an bplé a rinneadh ar an bprótacal sin.
The Executive provided the investigation with a copy of the agendas from the staff meetings and with a copy of the ‘powerpoint’ presentation as proof of the discussions held on the protocol.
eclr:738
Maidir leis an gcóras ‘Exact’, dúirt an Fheidhmeannacht go bhfuil ar chumas chóras SoEL Health tacú le téacs i nGaeilge agus freagairt do na dualgais reachtúla a leagann Acht na dTeangacha Oifigiúla ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
As regards the ‘Exact’ system, the Executive confirmed that the SoEL Health system can support text in Irish and respond to the statutory obligations placed on the Health Service Executive by the Official Languages Act.
eclr:739
Dúradh gurb iad na príomhcháipéisí is féidir a fhoilsiú as SoEL Health ná na teimpléid chaighdeánaithe do litreacha agus cártaí coinne agus gur féidir leis an gcóras tacú leis an síneadh fada freisin.
It was stated that the main documentation which can be published from SoEL Health are the standard templates for appointment letters and cards, and that the system can support the ‘síneadh fada’ also.
eclr:740
Cuireadh in iúl don imscrúdú go bhfuil an córas náisiúnta TF ar fáil i roinnt contaetha agus go mbeidh sé á chur ar fáil sa chuid eile den Stát ar bhonn céimnithe sa dá bhliain seo romhainn.
The investigation was advised that the national IT system is available in some counties and that it would be rolled out to the rest of the State on an incremental basis in the next two years.
eclr:741
Dúradh go bhfuil oiliúint á cur ar fáil sna háiteanna sin ina bhfuil SoEL Health agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh na ceantair seo ag eisiúint litreacha teimpléadacha agus cártaí coinne dátheangacha.
It was stated that training is being provided in those areas in which SoEL Health is available and that it is hoped that these areas will be issuing template letters and appointment cards bilingually.
eclr:742
Dearbhaíodh go mbeifí ábalta gach litir agus cárta coinne teimpléadach a chur ar fáil go dátheangach nuair a bheidh SoEL Health i bhfeidhm go hiomlán ar fud na seirbhíse.
It was confirmed that it will be possible to provide all template letters and appointment cards bilingually when SoEL Health is fully implemented throughout the service.
eclr:743
Thug an Fheidhmeannacht le fios gur sheol an Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta (Sláinte Béil) meamram chuig gach Príomhlia Fiaclóireachta ar an 4 Meitheamh 2014 ag tabhairt treorach don fhoireann uile cloí leis an reachtaíocht.
The Executive advised that the Deputy National Director (Oral Health) issued a memo to every Principal Dental Surgeon on 4 June 2014 giving an instruction to all staff to adhere to the legislation.
eclr:744
Ina theannta sin, dúradh linn go raibh iniúchadh á dhéanamh ag FSS faoi láthair ar na seirbhísí fiaclóireachta uile chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí go hiomlán leis an Acht.
We were also advised that the Executive is currently conducting an audit of all Dental Services to ensure that they are adhering fully to the Act.
eclr:745
Thug FSS le fios go ndíreofaí ar na nithe a leanas go háirithe le linn an iniúchta:
The Executive advised that the following matters will be specifically targeted during the audit:
eclr:746
· An bhfuil an stáiseanóireacht uile ag cloí le rialachán 9(1)?
· Is all stationery compliant with the Regulations under 9(1)?
eclr:747
· An bhfuil gach cumarsáid – 9(3) – (litreacha/foirmeacha/foirmeacha toilithe agus araile) a sheoltar chuig gach scoil ar fáil go dátheangach?
· Are all communications – 9(3) (letters/forms/permission forms etc.) which are sent to each school – available bilingually?
eclr:748
· An bhfuil gach duine a roghnaíonn an leagan Gaeilge den fhoirm toilithe ag fáil gach comhfhreagrais leantaigh ón tSeirbhís Fiaclóireachta i nGaeilge?
· Is everybody who selects the Irish version of the permission form receiving all subsequent correspondence from the Dental Service in Irish?
eclr:749
Dúradh go raibh iniúchadh á dhéanamh freisin ar réimsí cuí eile den Acht ag an am céanna, go mbeadh toradh an iniúchta seo ar fáil i mí Eanáir 2015 agus go dtabharfaí aird ar aon ní a d’éireodh as.
It was stated that an audit was also taking place in relation to other relevant areas of the Act at the same time, that the result of that audit would be available in January 2015 and that any matters arising from the audit would be addressed.
eclr:750
Mar fhocal scoir, dhearbhaigh an Fheidhmeannacht go raibh Seirbhís Fiaclóireachta FSS sásta go raibh na bearta cuí curtha i gcrích chun go mbeadh seirbhís Dhún na nGall ag cloí leis an Acht.
In conclusion, the Executive confirmed that its Dental Services were satisfied that they had taken the appropriate steps to ensure that the Donegal service is complying with the Act.
eclr:751
Thug sí le fios go raibh áifeála uirthi gur sáraíodh an tAcht nuair a eisíodh litir i mBéarla agus go bhfuil sí ag iarraidh a chinntiú go gcomhlíonfaidh sí Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
It expressed regret that the Act was breached when the letter issued in English and advised that it was attempting to ensure that it fulfilled the Official Languages Act 2003.
eclr:752
Is comhlacht poiblí í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun críche Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dá réir sin tá dualgas uirthi cloí le forálacha reachtúla an Achta.
The Health Service Executive is a public body for the purposes of the Official Languages Act and it is therefore obliged to adhere to the statutory provisions of the Act.
eclr:753
Chonacthas don imscrúdú ón gcás a bhí curtha ina láthair ag an bhFeidhmeannacht nach raibh córas críochnúil curtha i bhfeidhm a chinnteodh gur i nGaeilge nó go dátheangach a bheadh ceannteideal stáiseanóireachta agus gur i nGaeilge nó go dátheangach a d’eiseofaí cumarsáid chuig aicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a thabhairt.
It was apparent to the investigation from the case that was presented by the Executive that an appropriate system had not been implemented to ensure that headings of stationery would be in Irish or bilingual and to also ensure that communication with the public in general to furnish information would issue in Irish or bilingually.
eclr:754
Cé go ndearnadh iarrachtaí macánta an fhoireann a chur ar an eolas faoina ndualgais, is léir gur lean na sáruithe ar aghaidh toisc (1) nach raibh iniúchadh cuí déanta ar an stáiseanóireacht agus (2) nár cinntíodh go raibh gach ábhar a thagann faoi fho-alt 9(3) den Acht curtha ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
Although honest efforts were made to inform staff of their obligations, it is clear that the breaches continued due to (1) the fact that no appropriate audit was made of stationery, and (2) that it was not ensured that all matters covered by subsection 9(3) of the Act were made available in both official languages.
eclr:755
Tuigeadh ón bhfreagra a cuireadh ar fáil don imscrúdú go raibh an t-iniúchadh sin idir lámha ag an bpointe sin, mar aon le hiniúchadh ar réimsí cuí eile den Acht agus go raibh súil go mbeadh toradh an iniúchta sin ar fáil in Eanáir 2015.
It was understood from the response that was provided to the investigation that this audit was being undertaken, as well as an audit on other relevant sections of the Act, and that it was expected that the results of this audit would be available in January 2015.
eclr:756
Ghlac an Oifig seo leis gur féidir linn ar fad dearmaid agus botúin dhaonna a dhéanamh ó am go chéile.
This Office accepted that we can all make mistakes and human errors from time to time.
eclr:757
Ní raibh aon chúis againn a chreidiúint gur d’aon ghnó a tharla na sáruithe sa chás seo.
We had no reason to believe that the breaches in this case were deliberate.
eclr:758
Ach fós féin, ba léir go raibh cumarsáid i mBéarla amháin á déanamh le tuismitheoirí páistí i scoil náisiúnta Ghaeltachta ar bhonn leanúnach.
However, it was apparent that the parents of Gaeltacht primary school children were being communicated with in English on a continual basis.
eclr:759
Is léir gur teip chórasach a bhí i gceist anseo.
It was clear that this was a systemic failure.
eclr:760
Ar chomhlachtaí poiblí féin amháin atá an dualgas a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas agus cothrom le dáta faoina ndualgais reachtúla faoin dlí agus go bhfuil a mbaill foirne ag cloí go cuí leis na dualgais sin.
The onus is on public bodies themselves to ensure that they are informed and up to date in respect of their statutory obligations and that their staff members are adhering to those obligations.
eclr:761
Cé gur mhaígh an Fheidhmeannacht i mí Dheireadh Fómhair 2014 go raibh an scéal réitithe sa cheantar seo, is léir nach mar sin a bhí.
Although the Executive assured us in October 2014 that the matter was resolved in this area, it is apparent that this was not the case.
eclr:762
Tá na forálacha reachtúla seo den Acht i bhfeidhm ó 2008 agus 2006, faoi seach.
These statutory provisions of the Act have been in force from 2008 and 2006, respectively.
eclr:763
Dá thoradh sin bheifí ag súil go mbeadh na dualgais a ghabhann leo daingnithe go maith faoin am seo i nósanna agus i gcleachtais bhaill foirne na gcomhlachtaí poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh.
As a result of that, one would expect that the obligations which attach to them would be ingrained in the procedures and practices of staff members of the public bodies, including the Health Service Executive.
eclr:764
Mhaígh an Fheidhmeannacht gur de thoradh réimse na gcáipéisí a sheoltar chuig an bpobal chun cinntiú go bhfaigheann siad na seirbhísí a bhfuil siad ina dteideal a d’eascair an sárú seo.
The Executive claimed that it was as a result of the range of documentation which is sent to the public to ensure they receive the services to which they are entitled that this breach occurred.
eclr:765
Is léir nach ndearnadh iniúchadh cuí ag aon phointe ar na cáipéisí uile atá á n-eisiúint chun a chinntiú go raibh siad i gcomhréir leis an reachtaíocht.
It was apparent that the appropriate audit of all documentation was not undertaken at any point to ensure that all documentation was in compliance with the legislation.
eclr:766
Mar sin féin, ba léir don imscrúdú go raibh céimeanna glactha ag an bhFeidhmeannacht leis an scéal a chur ina cheart.
It was apparent, however, to the investigation that the HSE had taken steps to ensure the matter was resolved.
eclr:767
Bheifí ag súil, de thoradh an imscrúdaithe seo agus de bharr chur i bhfeidhm na mbeartas sonraithe, go ndaingneofaí faisnéis faoi na dualgais reachtúla seo i gcleachtais oibre na foirne ar fad agus go laghdófaí nó go gcuirfí ar ceal ar fad gearáin faoi shárú na bhforálacha seo.
One would expect as a result of this investigation and due to the implementation of the specified policies that knowledge of these statutory obligations would be embedded in the work practices of all the staff and that complaints relating to the breach of these provisions would be reduced or indeed extinguished entirely.
eclr:768
Mhol mé go gcinnteodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcloífeadh sí feasta lena dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ach go háirithe mar a bhaineann sé le fo-ailt 9(1) & 9(3) den Acht agus go gcuirfí i bhfeidhm go cuí an t-iniúchadh ar gach ceann de na beartais a bhí leagtha amach ag an bhFeidhmeannacht ina litir.
I recommended that the Health Service Executive ensure that it adheres in future to its statutory obligations under the Official Languages Act 2003, especially in respect of subsections 9(1) and 9(3) of the Act, and that the audit of all the policy initiatives which were specified by the Executive in its letter to the investigation be implemented fully.
eclr:769
Anuas air sin, mhol mé go gcuirfí próiseas i bhfeidhm a chinnteodh go n-áireofaí na dualgais reachtúla teanga in aon stáiseanóireacht nó cáipéisíocht nua atá á mbeartú ag an tSeirbhís Fiaclóireachta.
I also recommended that a process be put in place which would ensure that statutory language obligations would be taken into account in any new stationery or documentation which was being considered by the Dental Services.
eclr:770
Cuireadh an t-eolas, faisnéis agus eile ar fad a bhí iarrtha san imscrúdú ar fáil go críochnúil agus go gairmiúil dom.
All the information and documentation which was requested by the investigation was provided in a complete and professional manner.
eclr:771
Is mór agam an comhoibriú a thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dom le linn an phróisis imscrúdaithe.
I appreciate the cooperation of the Health Service Executive with the investigation.
eclr:772
Imscrúdú seolta: 5 Samhain 2014
Investigation launched: 5 November 2014
eclr:773
Tuarascáil eisithe: 11 Nollaig 2014
Report issued: 11 December 2014
eclr:774
Réitítear formhór na ngearán a chuirtear i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an Oifig.
The vast majority of complaints made to the Office of An Coimisinéir Teanga are resolved through the informal complaints resolution process operated by the Office.
eclr:775
Tugtar léargas anseo ar shamplaí de roinnt bheag de na hábhair a réitíodh ar an mbealach seo.
The following is an overview of a small number of the many cases resolved in this manner.
eclr:776
Bhain roinnt de na gearáin seo le hábhair nach raibh aon dualgas ina leith, agus fiú, i gcás amháin, le comhlacht poiblí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta, ach a dhearbhaigh go raibh sé den tuairim gur dea-chleachtas a bhí i gceist agus a réitigh an gearán ar an mbonn sin.
Some of these complaints referred to matters where there was no legal obligation and even, in one case, to a public body which does not come under the auspices of the Act but which confirmed that the issue was seen as good practice and which resolved the complaint on that basis.
eclr:777
· Ní raibh an gearánach in ann seic ó Roinn Stáit a bhriseadh faoi dhó mar go raibh carachtair Shínise ar an seic in áit aon chuid dá hainm ina raibh síneadh fada.
· The complainant was unable to cash a cheque issued by a Government Department twice because there was a Chinese character in place of any part of her name where there was a síneadh fada over a vowel.
eclr:778
Eisíodh seiceanna nua, cuireadh an printéir cuí in oiriúint do shíntí fada agus cuireadh prótacal úr in áit do chlóbhualadh na seiceanna.
New cheques were issued, the relevant printer was reset to accommodate the síneadh fada and a new protocol was put in place for the printing of cheques.
eclr:779
· D’eisigh údarás sláinte foirmeacha athnuachana i mBéarla amháin chuig baill den phobal in ainneoin é a bheith curtha in iúl acu don údarás gur mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
· A health authority issued renewal forms in English only to members of the public despite those clients having advised the authority that they wished to conduct their business with them through the medium of Irish.
eclr:780
Cuireadh síneadh ama ar fáil do na hiarratasóirí ach thóg sé os cionn 6 mhí an scéal a chur ina cheart agus a chinntiú go raibh foirmeacha i nGaeilge á soláthar.
An extension of time was granted to the complainants, but it took over 6 months to provide an Irish version of the relevant forms.
eclr:781
Ghéill an Roinn Stáit ar iarratas ón Oifig seo agus nuair a cuireadh cruthúnas ar fáil i dtaca le gnáthúsáid an leagain Gaeilge den ainm.
The Department yielded to the request from this Office when evidence was provided of the common usage of the Irish version of the name by the complainant.
eclr:782
· Foirmeacha eisithe ag údarás sláinte chuig Gaelscoil, agus treoir tugtha nach bhféadfaí seirbhísí a sholáthar do pháistí gan síniú tuismitheoirí ar leagan Béarla den fhoirm.
· Forms were issued by a health authority to a Gaelscoil, with an instruction that services could not be provided to the children unless the English version of the form was signed by a parent.
eclr:783
Foireann gan Ghaeilge curtha i mbun dualgais sa scoil.
Staff with no Irish were to provide services in the school.
eclr:784
Aontaíodh go nglacfaí leis an leagan Gaeilge sínithe in aon chás agus go ndéanfadh an fhoireann a bhí ar dualgas sa scoil gach iarracht úsáid a bhaint as cúpla nath i nGaeilge, bunbheannachtaí &rl, i gcomhréir le héiteas na scoile.
It was agreed that the signed Irish version of the form would be accepted and that the staff on duty in the school would make every effort to use everyday Irish phrases, greetings etc. in accordance with the school’s ethos.
eclr:785
· Litir i mBéarla amháin eisithe ag comhlacht poiblí chuig ball den phobal ag tabhairt tuairisc dó faoin dul chun cinn ina chás, tar éis dó ráiteas i nGaeilge a chur ar fáil don chomhlacht poiblí sin.
· A letter in English was issued by a public body to a member of the public updating him on his case, despite the fact that a statement in Irish had been given by him to the public body.
eclr:786
Glacadh leithscéal leis an ngearánach agus eisíodh leagan Gaeilge den litir chuige.
The public body apologised to the individual and issued an Irish version of the letter to him.
eclr:787
· Rinneadh leasú ar chleachtas i gcomhlacht poiblí nuair a eisíodh comhfhreagras oifigiúil Gaeilge ar stáiseanóireacht Bhéarla trí thimpiste trí huaire as a chéile.
· Practices were changed in a public body when it came to light that official correspondence in Irish had issued in error on English only stationery three times.
eclr:788
· Tugadh gealltanas go gcuirfí córas ar líne nua dátheangach ar fáil faoi dheireadh na bliana dár gcionn sa chás go raibh córas ar líne ar fáil don phobal agus nárbh ann do leagan Gaeilge, in ainneoin gealltanas scéime.
· An assurance was given that a new bilingual online system would be provided by the end of the following year in an instance where no Irish version existed of an online system available to the public, despite a provision in the language scheme.
eclr:789
· Bhí lúb ar lár i bpróiseas comhlachta phoiblí de bharr athrú ar ról na heagraíochta a d’fhág nach raibh an leagan Gaeilge den suíomh gréasáin cothrom le dáta.
· A deficiency was created in the process of a public body due to a change in the role of the organisation which resulted in the Irish version of the website not being updated.
eclr:790
Rinneadh iniúchadh ar an suíomh, tugadh an leagan Gaeilge cothrom le dáta agus cuireadh socruithe cuí i bhfeidhm lena choinneáil cothrom le dáta de thoradh gearán ó bhall den phobal.
An audit was carried out of the website, the Irish version was brought up to date and appropriate arrangements were put in place to keep it up to date as a result of a complaint from a member of the public.
eclr:791
· Cuireadh socruithe cuí i bhfeidhm le cinntiú go mbeadh seirbhís i nGaeilge ar fáil agus go gcloífí mar is cuí le forálacha díreacha an Achta i dtaca le córas acmhainní daonna nua a bhí á chur ar fáil don státchóras de thoradh gearán ó bhall den phobal.
· Appropriate arrangements were put in place to ensure that services through Irish would be available and that the direct provisions of the Official Languages Act would be adhered to as a result of a complaint made by a member of the public when a new human resources system was put in place for the public service.
eclr:792
· Ceartaíodh preasráiteas a d’eisigh Roinn Stáit le logainmneacha Gaeltachta i mBéarla amháin, agus cuireadh liosta de na logainmneacha oifigiúla Gaeltachta ar fáil i nGaeilge, de réir na forála i scéim teanga na Roinne.
· A press release issued by a Government Department with Gaeltacht placenames in English only was corrected and a list of the official Irish language placenames was provided, in accordance with a provision of that Department’s statutory language scheme.
eclr:793
· D’earcaigh údarás sláinte foireann bhreise le Gaeilge líofa le dul i mbun oibre i lárionad glaonna nuair a rinneadh gearán nach raibh seirbhís i nGaeilge ar fáil go rialta ón ionad.
· A health authority recruited additional staff with proficiency in the Irish language to work in a call centre when a complaint was made that Irish language services were not readily available from the centre.
eclr:794
· Tugadh gealltanas go gceartófaí botúin i dtaobh logainmneacha i mBéarla agus i nGaeilge ar léarscáil oifigiúil de thoradh gearán ó bhall den phobal.
· A commitment was given to correct placenames in Irish and in English on an official map as a result of a complaint from a member of the public.
eclr:795
· Socraíodh go gceartófaí comharthaí leictreonacha a raibh logainmneacha i mBéarla amháin á dtaispeáint mar cheann scríbe orthu.
· It was arranged that electronic signs showing destinations in English only would be corrected.
eclr:796
· Cuireadh naisc i bhfeidhm chuig leagan Gaeilge de phríomhshuíomh gréasáin comhlachta phoiblí ionas go mbeadh fáil éasca ar ábhar i nGaeilge ó shuíomhanna seachtracha an chomhlachta.
· Links to the Irish version of the main website of a public body were put in place so that information would be readily available to the users of the external websites of the organisation.
eclr:797
· Dhearbhaigh Roinn Stáit go gcuirfí soláthar de leaganacha Gaeilge d’fhoirmeacha dá cuid ar fáil do chonraitheoirí seachtracha agus go n-eiseofaí ciorclán tréimhsiúil chuig na conraitheoirí sin ag meabhrú dóibh an riachtanas atá ann stoc de na leaganacha Gaeilge a choinneáil ar láimh.
· A Government Department confirmed that a supply of the Irish language version of its forms would be provided to external contractors and that periodic circulars would issue to the contractors reminding them of their obligation to keep a stock of Irish forms in hand.
eclr:798
· Atheisíodh nótaí eolais go dátheangach chuig tuismitheoirí páistí bunscoile nuair a tháinig sé chun solais de thoradh gearáin gur i mBéarla amháin a eisíodh na nótaí eolais seo an chéad lá.
· An information note was reissued bilingually to parents of primary school pupils when it came to light as a result of a complaint that this information note had initially been issued in English only.
eclr:799
· Cinntíodh go raibh freagra dátheangach uathoibríoch á ghiniúint mar fhreagra ar ríomhphost chuig seoladh teagmhála ríomhphoist a bhí á sholáthar don phobal i gcoitinne.
· It was ensured that a bilingual automated response was being generated in response to e-mails sent to an e-mail address which was supplied for the public in general.
eclr:800
· Rinneadh iniúchadh ar chomharthaíocht i leabharlann ar champas institiúide oideachais tríú leibhéal agus cuireadh socruithe cuí in áit le haon chomharthaíocht nach raibh i gcomhréir leis an reachtaíocht a cheartú.
· An audit of signage was carried out in the library of a third level institute and arrangements were put in place to correct any signage which was not in accordance with the legislation.
eclr:801
· Ceartaíodh téacs míchruinn Gaeilge ar veain de chuid comhlacht poiblí.
· Incorrect text in Irish on a sign on a van belonging to a public body was corrected.
eclr:802
· Dhearbhaigh Roinn Stáit go mbeadh a suíomh gréasáin dátheangach go hiomlán faoi dheireadh na bliana nuair a rinne ball den phobal gearán nach raibh an suíomh i gcomhréir lena gealltanas sa scéim teanga.
· A Government Department confirmed that its website would be completely bilingual by the end of the year when a member of the public complained that the site was not in accordance with the provisions of the language scheme.
eclr:803
Cuireadh an leagan Gaeilge ar fáil de réir mar a dearbhaíodh.
The Irish version was provided as promised.
eclr:804
· Cuireadh leagan Gaeilge d’áis frithbhulaíochta do dhaltaí scoile ar fáil nuair a rinneadh gearán nach raibh fáil ar an áis ach i mBéarla amháin.
· An Irish version of an anti-bullying aid for schoolchildren was provided when a complaint was made that the aid was available in English only.