id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:2005
Achtanna an Oireachtais
Acts of the Oireachtas
eclr:2006
Cé is moite den Bhunreacht, is iad Achtanna an Oireachtais an phríomhfhoinse dlí in Éirinn.
The Acts of the Oireachtas are the primary source of law in Ireland apart from the Constitution.
eclr:2007
Is gá ón 14 Iúil 2006 ar aghaidh na hAchtanna a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla a luaithe agus is féidir tar éis a n-achtaithe, mar atá leagtha amach in Alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Since 14 July 2006, Acts must be published simultaneously in both official languages as soon as possible after their enactment, as set out in Section 7 of the Official Languages Act.
eclr:2008
De réir Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006, Alt 3(2)(a), titeann an dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás Achtanna an Oireachtais.
In accordance with the Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Act 2006, Section 3(2)(a), the Houses of the Oireachtas Commission has the duty to provide translation services for Acts of the Oireachtas from one official language to the other official language.
eclr:2009
Imscrúdú
Investigation
eclr:2010
Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar iarratas ó ochtar ball den Oireachtas, chinn an Coimisinéir Teanga sa bhliain 2007 nár shárú ar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí ann gan leaganacha Gaeilge a bheith á bhfoilsiú de bhillí le linn an phróisis achtaithe i dTithe an Oireachtais.
Following an official investigation at the request of eight members of the Oireachtas, An Coimisinéir Teanga decided in 2007 that a provision of the Official Languages Act had not been contravened when bills were not published in Irish during the enactment process in the Houses of the Oireachtas.
eclr:2011
Cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla
Implementing the Official Languages Act
eclr:2012
An Ghaeilge sna Cúirteanna
Irish in the Courts
eclr:2013
Ceart an duine Gaeilge a úsáid
The right to use Irish
eclr:2014
Is féidir leas a bhaint as ceachtar den dá theanga oifigiúla in aon chúirt, in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eisítear ó aon chúirt.
Either of the two official languages may be used in any court, in any pleading in any court or in any document issuing from any court.
eclr:2015
Tá dualgas ar an gcúirt a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi.
The court has a duty to ensure that any person may be heard in the official language of his or her choosing.
eclr:2016
Ciallaíonn sé sin go bhfuil cead ag aon duine Gaeilge nó Béarla a úsáid agus gan a bheith faoi mhíbhuntáiste toisc an rogha atá déanta aige nó aici.
This means that any person may use Irish or English and should not be at a disadvantage because of the choice he or she has made.
eclr:2017
Ciallaíonn sé freisin nach féidir le haon chúirt iarracht a dhéanamh tabhairt ar dhuine fianaise a thabhairt in aon teanga seachas a rogha teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla.
It also means that no court may attempt to influence a person to give evidence in any language other than in the official language of his or her choosing, whether it be Irish or English.
eclr:2018
Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte, bainfidh an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile.
If the State or a public body is party to civil proceedings before a court, the State or the public body shall use the official language, Irish or English, chosen by the other party.
eclr:2019
Má tá níos mó ná páirtí amháin eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag an gcomhlacht poiblí faoi cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach a úsáid sa chás.
If more than one other party is involved, the State or public body shall have to decide which official language would be reasonable to use in the particular case.
eclr:2020
Ní féidir leis an gcúirt nó leis an gcomhlacht poiblí aon chiotaí ná aon chaiteachas breise a chur ar an duine a roghnaíonn teanga oifigiúil amháin seachas teanga oifigiúil eile.
The State or public body may not put the person choosing one official language rather than the other official language to any inconvenience or additional expense.
eclr:2021
Córas ateangaireachta sna cúirteanna
Translation System in the Courts
eclr:2022
Tá dualgas ar an gcúirt socruithe a dhéanamh faoi sholáthar chórais ateangaireachta más cuí agus ní féidir aon mhíbhuntáiste ná caiteachas breise a chur ar an duine aonair de bharr gur roghnaigh sé nó sí teanga oifigiúil amháin seachas an ceann eile.
The court is required to make arrangements for the provision of an interpretation system, if appropriate, and an individual may not be placed at any disadvantage or additional expense by choosing one official language rather than the other language.
eclr:2023
Tugann an Coimisiún Logainmneacha, a bunaíodh i 1946, comhairle don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha ar fud na tíre.
The Placenames Commission, established in 1946, advises the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs on the Irish versions of placenames throughout the country.
eclr:2024
Foráiltear le hAlt 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla gur féidir leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta orduithe logainmneacha a eisiúint ag dearbhú na leaganacha Gaeilge de logainmneacha tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún.
Section 32 of the Official Languages Act provides that the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs may, having received advice from the Commission, issue placenames orders declaring the Irish versions of placenames.
eclr:2025
Logainmneacha ar fud na tíre
Placenames throughout the country
eclr:2026
Tá cóipeanna de na hOrduithe Logainmneacha go léir atá déanta go dtí seo ar fáil ar www.coimisineir.ie.
Copies of all the Placenames Orders made to date are available at www.coimisineir.ie.
eclr:2027
Baineann an chuid is mó de na hOrduithe le contaetha éagsúla ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí agus na gcontaetha, na lárionad daonra agus dúichí agus na gceantar Gaeltachta.
Most of the Orders relate to individual counties but there are also Orders confirming the official names of provinces, counties, centres of population and Gaeltacht areas.
eclr:2028
I gcás go bhfuil Ordú Logainmneacha i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí faoi na Rialacháin atá déanta faoi Alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla an leagan oifigiúil den logainm a shonraítear san Ordú sin a úsáid, tar éis dátaí áirithe, sna cásanna seo a leanas:
Where a Placenames Order is in force, a public body is, after certain dates, required to under the Regulations made under Section 9(1) of the Official Languages Act to use the Irish version of the placename specified in the Order, in the following cases:
eclr:2029
a) i gceannteidil stáiseanóireachta ar stáiseanóireacht nua a úsáideann an comhlacht poiblí ó 1 Márta 2009;
On stationery headings on new stationery used by the public body from 1 March 2009;
eclr:2030
b) i gcomharthaí nua a chuireann an comhlacht poiblí ar aon suíomh ó 1 Márta 2009;
On new signs placed by the public body at any location from 1 March 2009;
eclr:2031
a) In aon Acht den Oireachtas nó in aon Ionstraim Reachtúil déanta tar éis theacht i bhfeidhm an Ordaithe Logainmneacha;
a) In any Act of the Oireachtas or in any Statutory Instrument made after the Placenames Order comes into force;
eclr:2032
b) I léarscáileanna ullmhaithe agus foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi ar 1 Eanáir 2005 nó dá éis sin, agus a bhfuil a gcuid scálaí de réir aon cheann de na scálaí ó 1:1 go 1:9,999 agus an dá scála sin san áireamh;
b) In maps prepared and published by Ordnance Survey Ireland or with its permission on or after 1 January 2005; the scales of which are on any scales from and including 1: 1 to 1:9,999;
eclr:2033
c) Ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.
c) On road or street signs erected by or on behalf of a local authority.
eclr:2034
D’fhéadfadh comhlacht poiblí ar leith gealltanais bhreise a bheith tugtha acu i dtaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta ina gcuid scéimeanna teanga.
Individual public bodies may also have made specific commitments in relation to the use of Gaeltacht placenames in their language schemes.
eclr:2035
Faoi réir fhorálacha Alt 33(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, níl aon fheidhm ná éifeacht ó 28 Márta 2005 leis an leagan Béarla de na logainmneacha seo, i gcás Achtanna den Oireachtais, sna léarscáileanna thuasluaite nó ar chomharthaí bóthair nó sráide de chuid na n-údarás áitiúil.
In accordance with the provisions of Section 33(1) of the Official Languages Act, the English version of these placenames has no force or effect from 28 March 2005 in the case of Acts of the Oireachtas, in the aforementioned maps or on local authority road or street signs.
eclr:2036
Tá sé de rogha, áfach, ag duine an leagan oifigiúil Gaeilge nó an leagan neamhoifigiúil Béarla a úsáid do logainm Gaeltachta de réir mar is rogha leis nó léi féin ach amháin i gcás na n-eisceachtaí thuasluaite agus aon eisceacht eile a bheadh déanta i scéim teanga faoin Acht.
However, a person has the option of using the official Irish version or the unofficial English version of a Gaeltacht placename, should he or she choose to do so, apart from in the case of the aforementioned exceptions and any other exception specified in a language scheme under the Act.
eclr:2037
Féach freisin www.logainm.ie.
See also www.logainm.ie
eclr:2038
Achoimre: Dualgais Teanga na gComhlachtaí Poiblí
Summary: Language Duties of Public Bodies
eclr:2039
Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí:
Public bodies are required to:
eclr:2040
· A chinntiú gur i nGaeilge a fhreagraítear comhfhreagras (tríd an gcóras poist nó go leictreonach) a sheoltar i nGaeilge chuig comhlachtaí poiblí (Alt 9(2) den Acht).
· Ensure that correspondence (by post or email) sent to them in Irish is replied to in Irish (Section 9(2) of the Act).
eclr:2041
· A chinntiú nuair atá faisnéis áirithe á soláthar don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne tríd an gcóras poist nó go leictreonach (mar shampla cora poist) gur i nGaeilge nó go dátheangach atá an chumarsáid sin (Alt 9(3) den Acht).
· Ensure that when 11information is provided to the public in general or to a class of the public in general via post or email (for example mail shots) that the communication is in Irish or bilingual (Section 9(3) of the Act).
eclr:2042
· Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
· Publish the following documents simultaneously in Irish and English:
eclr:2043
· aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;
· any document setting out public policy proposals;
eclr:2044
· aon tuarascáil bhliantúil;
· any annual report;
eclr:2045
· aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;
· any audited account or financial statement;
eclr:2046
· aon ráiteas straitéise atá déanta faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997;
· any strategy statement prepared under the Public Service Management Act 1997;
eclr:2047
· aon doiciméad a fhorordaíonn an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta (i gcomhar le hAirí eile, más cuí) go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis (Alt 10 den Acht).
· any document of major public importance prescribed by the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs in conjunction with other Ministers, if appropriate (Section 10 of the Act).
eclr:2048
· Tá sé de dhualgas ar Thithe an Oireachtais gach acht a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis don Acht a bheith achtaithe (Alt 7 den Acht).
· The Houses of the Oireachtas are required to print and publish all Acts simultaneously in Irish and English as soon as possible after an Act has been enacted (Section 7 of the Act).
eclr:2049
De réir Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006, Alt 3(2)(a), titeann an dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás Achtanna an Oireachtais.
In accordance with the Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Act 2006, Section 3(2)(a), the Houses of the Oireachtas Commission is required to translate such Acts.
eclr:2050
· Tá dualgas ar gach cúirt glacadh le rogha teanga oifigiúil (Gaeilge nó Béarla) an té a bhfuil gnó aige nó aici leis an gCúirt sin (Alt 8 den Acht).
· Courts are required to deal with people in their chosen official language (Irish or English) (Section 8 of the Act).
eclr:2051
· Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a aontú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta nuair a iarrann an tAire ar an gcomhlacht é sin a dhéanamh agus gealltanais na scéime reachtúla sin a chur i bhfeidhm (Alt 11-18 den Acht).
· Public bodies are required to agree language schemes with the Department of Community, Equality and Gaeltacht Affairs when requested by the Minister and to implement the commitments of such statutory schemes (Sections 11 – 18 of the Act).
eclr:2052
· Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí comhoibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le comhlíonadh fheidhmeanna na hOifige sin.
· Public bodies are required to cooperate with the Office of An Coimisinéir Teanga in the performance of the functions of that Office.
eclr:2053
San áireamh anseo tá comhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga nuair atá sé ag fiosrú gearáin, ag seoladh imscrúdaithe agus/nó ag déanamh monatóireachta ar chomhlíonadh dhualgais teanga na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht (Alt 22 den Acht).
This includes cooperating with An Coimisinéir Teanga when he is enquiring into complaints, conducting investigations and/or monitoring public bodies’ compliance with language duties under the Act (Section 22 of the Act).
eclr:2054
Tá stádas faoi leith ag an nGaeilge in achtacháin eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá dualgais dá réir ar chomhlachtaí áirithe seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.
Irish has a particular status in other enactments as well as the Official Languages Act and specific bodies are accordingly required to provide services through Irish.
eclr:2055
I measc na n-achtanna eile atá i gceist tá An tAcht Árachais 1936, An tAcht Iompair 1950, an tAcht Oidhreachta 1995, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus Acht an Gharda Síochána 2005.
Examples of other such acts are the Insurance Act 1936, Transport Act 1950, Heritage Act 1995, Education Act 1998, Planning and Development Act 2000, Garda Síochána Act 2005.
eclr:2056
Tá sé de cheart ag an gCoimisinéir Teanga imscrúdú a dhéanamh in aon chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlacht poiblí a dhualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe i leith comhlachta phoiblí faoin Acht.
An Coimisinéir Teanga has the right to carry out an investigation in any case in which a public body is considered to have failed to fulfil its duties under the Official Languages Act, under any regulations made under the Act and/or under any scheme confirmed in relation to a public body under the Act.
eclr:2057
Tá sé de cheart freisin go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil forálacha d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á gcomhlíonadh.
An Coimisinéir Teanga also has the right to enquire into any valid complaint in which it is alleged that the provisions of any other enactments relating to the status or use of Irish have been contravened.
eclr:2058
Achoimre: Cearta Teanga an Phobail
Summary: Language Rights of the Public
eclr:2059
Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na cearta seo a leanas ag an bpobal:
The Official Languages Act confirms that the public have the following rights:
eclr:2060
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcloífidh comhlachtaí poiblí le haon rialachán a dhéantar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).
· The public has the right to expect that public bodies will comply with any regulations made under this Act in relation to the use of Irish in signage, stationery and recorded oral announcements (Section 9(1) of the Act).
eclr:2061
· Tá sé de cheart ag an bpobal freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras tríd an bpost nó trí ríomhphost a scríobhtar sa teanga sin (Alt 9(2) den Acht).
· The public has the right to receive replies in Irish from public bodies to correspondence by post or by email written in that language (Section 9(2) of the Act).
eclr:2062
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí faisnéis (mar shampla cora poist) chuig an bpobal i gcoitinne nó chuig aicme den phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó trí ríomhphost, i nGaeilge nó go dátheangach (Alt 9(3) den Acht).
· The public has the right to expect that public bodies will send information (for example mail shots) by post or email to the public in general or to a class of the public in general in Irish or bilingually (Section 9(3) of the Act).
eclr:2063
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí doiciméid thábhachtacha ar leith, atá deimhnithe sa reachtaíocht, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí; aon tuarascáil bhliantúil; aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais; agus ráitis straitéise áirithe (Alt 10 den Acht).
· The public has the right to expect that public bodies will publish certain key documents confirmed in the legislation simultaneously in Irish and English including any document setting out public policy proposals; any annual report; any audited account or financial statement; and particular strategy statements (Section 10 of the Act).
eclr:2064
· Tá sé de cheart ag duine aon ghnó a bheadh aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus/nó comhchoistí de chuid an Oireachtais (Alt 6 den Acht) a dhéanamh trí Ghaeilge.
· A person has the right to conduct his/her business before the Houses of the Oireachtas or before Oireachtas committees, sub-committees and/or joint committees through Irish (Section 6 of the Act).
eclr:2065
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseofar gach Acht den Oireachtas a achtaíodh ó mhí Iúil 2006 go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe (Alt 7 den Acht).
· The public has the right to expect that all Acts of the Oireachtas, enacted from July 2006, will be published simultaneously in Irish and English as soon as possible after their enactment (Section 7 of the Act).
eclr:2066
· Tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna (Alt 8 den Acht).
· The public has the right to use Irish in any court or in any business with any court (Section 8 of the Act).
eclr:2067
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith in ann leas a bhaint as gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i scéim teanga ag comhlachtaí poiblí.
· The public has the right to avail of all services in Irish agreed by public bodies in language schemes.
eclr:2068
San áireamh anseo tá na forálacha i scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.
The provisions of specific schemes relating to Gaeltacht areas are included here.
eclr:2069
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí uathu sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht.
· The public has the right to expect An Coimisinéir Teanga to enquire into any valid complaint where public bodies are considered to have failed to fulfil their duties under the Official Languages Act, under any regulations made under the Act and/or under any scheme confirmed with a public body under the Act.
eclr:2070
Tá sé de cheart ag an bpobal freisin a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á chomhlíonadh.
The public has the right also to expect An Coimisinéir Teanga to investigate any valid complaint in which it is alleged that the provisions of any other enactments relating to the status or use of Irish have been contravened.
eclr:2071
· Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfaighidh siad comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena gcearta teanga faoin Acht (Alt 21 den Acht).
· The public has the right to expect to receive advice from the Office of An Coimisinéir Teanga regarding their language rights under the Act (Section 21 of the Act).
eclr:2072
Tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas.
An Coimisinéir Teanga is independent in the performance of his duties.
eclr:2073
Feidhmeanna an Choimisinéara Teanga
Functions of An Coimisinéir Teanga
eclr:2074
Seo a leanas dualgais an Choimisinéara Teanga mar a shonraítear iad in Alt 20 - 30 den Acht:
The duties of An Coimisinéir Teanga as specified in Sections 20 - 30 of the Act are as follows:
eclr:2075
· Monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.
· To monitor compliance by public bodies with the provisions of the Official Languages Act and to take all necessary measures to ensure compliance by public bodies with their duties under the Act.
eclr:2076
· Imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin, ar iarratas ón Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon duine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
· To conduct investigations on his own initiative, on request from the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs or pursuant to a complaint made to him by any person in cases where public bodies are considered to have failed to fulfil their duties under the Official Languages Act.
eclr:2077
Tá sé de cheart freisin go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á chomhlíonadh.
An Coimisinéir Teanga also has the right to investigate any valid complaint in which it is alleged that the provisions of any other enactments relating to the status or use of Irish have been contravened.
eclr:2078
· Tuarascáil i scríbhinn a ullmhú faoi gach imscrúdú.
· To prepare a report in writing in respect of each investigation.
eclr:2079
· Comhairle a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
· To provide advice to the public regarding their language rights under the Official Languages Act.
eclr:2080
· Comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
· To provide advice to public bodies regarding their language duties under the Act.
eclr:2081
· Tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.
· To provide an annual report on the work of the Office of An Coimisinéir Teanga to the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs to be laid before the Houses of the Oireachtas.
eclr:2082
Tá tuarascálacha bliantúla na hOifige ar fáil ar www.coimisineir.ie.
The Office’s annual reports are available at www.coimisineir.ie.
eclr:2083
· Cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.
· To submit annual financial accounts by the Office of An Coimisinéir Teanga to the Comptroller and Auditor General and to provide these accounts to the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs to be laid before the Houses of the Oireachtas.
eclr:2084
Tá cuntais bhliantúla na hOifige ar fáil ar www.coimisineir.ie.
The annual accounts of the Office are available at www.coimisineir.ie.
eclr:2085
· Tá cumhachtaí tugtha don Choimisinéir Teanga faisnéis scríofa nó ó bhéal a fháil ó chomhlachtaí poiblí chun go mbeidh ar a chumas dualgais a oifige a chomhlíonadh.
· An Coimisinéir Teanga has the power to obtain written or oral information from public bodies in order to enable him to fulfil the duties of his office.10
eclr:2086
· Is féidir leis an gCoimisinéir Teanga iachall a chur ar dhuine freastal os a chomhair chun eolas a thabhairt agus caithfidh an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.
· An Coimisinéir Teanga may compel a person to attend before him for that purpose and the person must comply with that requirement.
eclr:2087
Tá an duine sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh sé nó sí i dteideal a fháil dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.
The person is entitled to the same immunities and privileges as if he or she were a witness before the High Court.
eclr:2088
· D'fhéadfaí fíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó téarma suas le 6 mhí príosúnachta a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú nó as teip comhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga nó a chuirfeadh bac ar a chuid oibre.
· A fine not exceeding €2,000 and/or imprisonment for a term of up to 6 months may be imposed on a person convicted in court of refusing or failing to cooperate with An Coimisinéir Teanga or of obstructing his work.
eclr:2089
· Más amhlaidh go ndiúltaíonn comhlacht poiblí nó go dteipeann ar chomhlacht poiblí comhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga nó go gcuirtear bac ar a chuid oibre, agus má chruthaítear gur le cead, le cúlcheadú nó le faillí an oifigigh a tharla sé sin, d’fhéadfaí an t-oifigeach agus an comhlacht poiblí a chiontú i gcúirt sa chás áirithe sin.
· If a public body refuses or fails to cooperate with An Coimisinéir Teanga or if his work is obstructed and if it is proved that this occurred with the consent, connivance or neglect of an official, the official and the public body could be convicted in court in that particular case.
eclr:2090
Imscrúduithe
Investigations
eclr:2091
Tá údarás agus cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigúla imscrúduithe a dhéanamh i gcásanna ina meastar go bhféadfadh sé gur theip ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoin Acht.
An Coimisinéir Teanga has authority and powers in accordance with the provisions of the Official Languages Act to carry out investigations in cases where it is considered that public bodies may have failed to fulfil their statutory duties under the Act.
eclr:2092
Is féidir leis freisin imscrúduithe a dhéanamh má tá amhras ann go bhfuil forálacha d’achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á sárú.
He may also investigate allegations of non-compliance with provisions of other enactments relating to the status or use of Irish.
eclr:2093
Is é atá i gceist le himscrúdú ná fiosrúchán atá seolta ar bhonn foirmiúil, reachtúil de réir na bhforálacha san Acht.
An investigation is an official enquiry initiated on a formal statutory basis in accordance with the provisions in the Act.
eclr:2094
Is féidir imscrúdú a dhéanamh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus/nó ar thionscnamh an Choimisinéara Teanga.
An investigation may be conducted based on a complaint from any person, at the request of the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs or on the initiative of An Coimisinéir Teanga.
eclr:2095
· Na Rialacháin atá i bhfeidhm faoin Acht sin
· Regulations in force under that Act
eclr:2096
· Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht sin nó
· Language scheme confirmed under that Act or
eclr:2097
· Aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
· Any other enactments relating to the status or use of Irish.
eclr:2098
Is iondúil nach rachfaí chun cinn le himscrúdú mura mbeadh iarracht gan toradh déanta an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán Oifig an Choimisinéara Teanga nó mura mbeadh sé soiléir gur dócha nach réiteofaí an cás go sásúil d’éagmais imscrúdaithe.
Normally an investigation would not proceed unless an initial attempt to resolve the complaint through the Office of An Coimisinéir Teanga’s informal complaint resolution system was unsuccessful or unless it was clear that it was unlikely that the case would be resolved satisfactorily without an investigation.
eclr:2099
Próiseas casta é an córas imscrúdaithe a thógann am agus acmhainní agus ní hiondúil go rachfaí ina bhun gan cúis mhaith.
The investigation system is a complicated process which requires time and resources and it would not normally be conducted without good reason.
eclr:2100
Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí le linn imscrúdaithe faisnéis nó taifid dá gcuid a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a chur ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga.
During an investigation, public bodies have a statutory duty to provide the Office of An Coimisinéir Teanga with information or files in their possession relating to the investigation.
eclr:2101
Is iondúil go n-iarrfaí ar chomhlacht poiblí aon eolas a bheadh i gcomhaid na heagraíochta faoin ábhar a sholáthar don Oifig chomh maith le tuairisc i scríbhinn a thabhairt ar an ábhar a bheadh á imscrúdú.
The public body would normally be asked to provide the Office with any information on the matter from its files as well as a written report on the matter being investigated.
eclr:2102
Tá dualgas reachtúil freisin ar aon duine ar leith ón gcomhlacht poiblí teacht i láthair an Choimisinéara Teanga le faisnéis ó bhéal a thabhairt, má iarrtar orthu a leithéid a dhéanamh.
Any person from the public body also has a statutory duty to present himself or herself before An Coimisinéir Teanga to give information orally, if requested to do so.
eclr:2103
Tá an té a bheadh ag soláthar faisnéise d’imscrúdú i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna le finné os comhair na hArd-Chúirte.
The person providing information to an investigation is entitled to the same immunities and privileges as a witness before the High Court.
eclr:2104
Forálann an tAcht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú nó teip comhoibriú le himscrúdú nó a chuirfeadh bac ar a leithéid.
The Act provides for the imposition of a fine not exceeding €2,000 and/or imprisonment for a term of up to 6 months on a person convicted in court of refusing or failing to cooperate with or obstructing an investigation.