id
stringlengths 6
19
| text
stringlengths 1
1.02k
| eng_text
stringlengths 1
1.02k
|
---|---|---|
eclr:1805 | Nuair a scríobhann duine chuig comhlacht poiblí i nGaeilge, i bhfoirm litreach nó leis an ríomhphost, tá an duine sin i dteideal freagra a fháil i nGaeilge. | When a person writes to a public body in Irish, by letter or by email, that person is entitled to receive a reply in Irish. |
eclr:1806 | Ar an mbunús sin tá dualgas ar na comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil córas i bhfeidhm chun déileáil le comhfhreagras i nGaeilge. | On this basis, public bodies have a duty to ensure that they have a system in place to deal with correspondence in Irish. |
eclr:1807 | Níor chóir go mbeadh an tseirbhís i nGaeilge ar chaighdeán níos ísle ná an tseirbhís i mBéarla. | The service in Irish should not be of a lower standard than the service in English. |
eclr:1808 | Imscrúdú | Investigation |
eclr:1809 | Sa chás seo bhí comhlacht seachtrach ag feidhmiú thar ceann an chomhlachta phoiblí. | In this case, an external company was acting on behalf of the public body. |
eclr:1810 | D’fhreagair an comhlacht seachtrach an chumarsáid i nGaeilge le freagra uathoibríoch, leictreonach i mBéarla. | The external company had replied to the communication in Irish with an automated, electronic answer in English. |
eclr:1811 | Faisnéis a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne / Cora Poist – Alt 9(3) | Circulating information to the public in general / Mail Shots – Section 9(3) |
eclr:1812 | Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil aon fhaisnéis i scríbhinn a chuirtear chuig an bpobal i gcoitinne, nó chuig aon aicme den phobal i gcoitinne, i nGaeilge amháin nó i mBéarla agus i nGaeilge. | Public bodies have a duty to ensure that any information in writing sent to the public in general, or to a class of the public in general, is in Irish only or in English and Irish. |
eclr:1813 | Uaireanta bíonn deacracht ag comhlacht poiblí cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an dtagann nó nach dtagann cumarsáid áirithe faoi scáth Alt 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. | Sometimes public bodies have difficulties deciding whether a particular document comes under Section 9(3) of the Official Languages Act. |
eclr:1814 | Is ceart Alt 9(3) a léamh i gcomhthéacs Alt 9 ina iomláine agus cuspóirí an Achta mar atá tugtha sa teideal fada – “Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát… le linn cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal nó seirbhísí a sholáthar don phobal agus le linn obair chomhlachtaí poiblí a dhéanamh…”. | Section 9(3) should be read in the context of Section 9 as a whole and the purposes of the Act as stated in the long title - “An Act to promote the use of the Irish language for official purposes in the state.....in communicating with or providing services to the public and in carrying out the work of public bodies...”. |
eclr:1815 | Baineann Alt 9(1) le rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht, fogairtí taifeadta béil srl. | Section 9(1) relates to the making of regulations with regard to the use of Irish in signage, stationery, oral announcements etc. |
eclr:1816 | Baineann Alt 9(2) le freagra a thabhairt ar chumarsáid scríofa a thionscnaíonn baill den phobal le comhlachtaí poiblí. | Section 9(2) relates to replying to written communication initiated by members of the public with public bodies. |
eclr:1817 | Baineann Alt 9(3) le cumarsáid ar leith a thionscnaíonn comhlachtaí poiblí faoin Acht i gcásanna áirithe ar leith. | Section 9(3) relates to particular communications initiated by public bodies under the Act in particular circumstances. |
eclr:1818 | De bharr na n-éagsúlachtaí ollmhóra a bhaineann le cumarsáid a eisíonn comhlachtaí poiblí, is léir go gcaithfear breathnú as féin ar gach ceann acu. | Because of the wide variety of communications issued by public bodies, it is clear that each case must be considered on its own merits. |
eclr:1819 | Tá ceithre ghné faoi leith ag baint le hAlt 9(3) agus ba cheart aon chumarsáid atá beartaithe ag comhlacht poiblí leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne a mheas faoi na slata tomhais seo le féachaint an dtagann nó nach dtagann an chumarsáid atá beartaithe faoi scáth an Ailt seo. | There are four particular aspects to Section 9(3) and any communication which a public body proposes with the general public or with a class of the general public should be assessed under these criteria to decide whether the proposed communication comes under this Section. |
eclr:1820 | Seo a leanas na slata tomhais: | These are the criteria: |
eclr:1821 | · An comhlacht poiblí faoin Acht atá i mbun na cumarsáide? | · Is the communication from a public body under the Act? |
eclr:1822 | · An bhfuil an chumarsáid á déanamh tríd an bpost nó tríd an bpost leictreonach? | · Is the communication by post or by email? |
eclr:1823 | · An cumarsáid í a bhfuil sé mar sprioc aici faisnéis a thabhairt? | · Is the aim of the communication to provide information? |
eclr:1824 | · An bhfuil an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne? | · Is the communication with the general public or with a class of the general public? |
eclr:1825 | Má shásaíonn an chumarsáid atá beartaithe ag an gcomhlacht poiblí gach ceann de na slata tomhais sin, bheadh an chosúlacht air go gcomhlíonann sé gach critéar lena tabhairt faoi fhorálacha Alt 9(3) agus ba cheart go mbeadh sí á déanamh i nGaeilge nó go dátheangach. | If the communication proposed by the public body satisfies each of these criteria, it would appear that it comes under the provisions of Section 9(3) and it should be issued in Irish or bilingually. |
eclr:1826 | Mura sásaíonn an chumarsáid atá beartaithe aon cheann amháin nó níos mó de na slata tomhais thuasluaite, bheadh an chosúlacht air nach mbeadh sé san áireamh faoi Alt 9(3). | If the proposed communication fails to satisfy any one or more than one of these criteria, it would appear that it would not be included under Section 9(3). |
eclr:1827 | Ó tharla gur gá go mbeadh aidhm faoi leith chun “faisnéis a thabhairt” ag an gcumarsáid atá clúdaithe faoi Alt 9(3), caithfear gach modh cumarsáide a mheas ina aonar agus sprioc na cumarsáide sin a thógáil san áireamh. | As the specific aim of communications under Section 9(3) must be to “provide information”, each method of communication must be assessed on its own merits taking the purpose of the communication into account. |
eclr:1828 | Imscrúdú | Investigation |
eclr:1829 | Léirigh imscrúdú gur sárú ar Alt 9(3) den Acht a bhí ann ag comhlacht poiblí faisnéis a dháileadh ar an bpobal i gcoitinne i gcás inar scaipeadh 1.7 milliún leabhrán i mBéarla tríd an bpost ar fud na tíre agus faoi bhun 30,000 cóip i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta áirithe. | An investigation showed that a public body had contravened Section 9(3) of the Act by distributing information to the general public through circulating 1.7 million booklets in English by post throughout the country and under 30,000 copies in Irish in particular Gaeltacht areas. |
eclr:1830 | Níl sainmhíniú ar leith déanta san Acht ar na coincheapa a bhaineann le “faisnéis a thabhairt”, “don phobal i gcoitinne” nó “aicme den phobal i gcoitinne”. | The Act does not specifically define the concepts “providing information”, “the general public” or “a class of the general public”. |
eclr:1831 | Dá bhrí sin, caithfear an ghnáthbhrí a mheastar a bhí ag an Oireachtas leis na focail sin a thabhairt dóibh. | Consequently, the usual meaning considered to have been intended by the Oireachtas must be applied to those words. |
eclr:1832 | Moltar do chomhlachtaí poiblí leas a bhaint as na slata tomhais thuasluaite agus i gcás go bhfuil amhras orthu fós faoi chumarsáid éigin atá beartaithe acu, ba chóir an cheist a tharraingt anuas ar bhonn réamhghníomhach lena gcomhairleoirí dlí féin neamhspleách ar Oifig an Choimisinéara Teanga. | Public bodies are advised to use the criteria listed above and in cases where they are still in doubt with regard to proposed communications, they should proactively raise the matter with their own legal advisors independently of the Office of An Coimisinéir Teanga. |
eclr:1833 | Sa bhreis ar chomhairle dlí neamhspleách, moltar freisin do chomhlachtaí poiblí tuairim a lorg ó Oifig an Choimisinéara Teanga. | In addition to independent legal advice, public bodies are also advised to seek the opinion of the Office of An Coimisinéir Teanga. |
eclr:1834 | Mar shampla, i gcás go raibh comhairleoirí dlí an chomhlachta phoiblí ag maíomh nár tháinig cumarsáid éigin faoi Alt 9(3) ar chúis áirithe, d’fhéadfaí dearcadh Oifig an Choimisinéara Teanga a lorg ansin. | For example, if the public body’s legal advisors maintained that some communication did not come under Section 9(3) for a particular reason, the viewpoint of the Office of An Coimisinéir Teanga could then be sought. |
eclr:1835 | Ar bhonn ginearálta, sa chás go bhfuil amhras ar chomhlacht poiblí agus é idir dhá cheann na meá maidir le cibé an dtagann nó nach dtagann togra cumarsáide ar leith faoi Alt 9(3), is é tuairim Oifig an Choimisinéara Teanga gur chóir leas a bhaint as cur chuige dátheangach, ag tabhairt san áireamh bunchuspóirí an Achta. | Generally, if a public body is in doubt as to whether or not a particular communication comes under Section 9(3), the view of the Office of An Coimisinéir Teanga is that the bilingual approach should be taken, considering the aims of the Act. |
eclr:1836 | Ní chuireann Oifig an Choimisinéara Teanga comhairle dlí ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir le léirmhíniú Acht na dTeangacha Oifigiúla. | The Office of An Coimisinéir Teanga does not provide public bodies with legal advice with regard to interpreting the Official Languages Act. |
eclr:1837 | Cuirtear comhairle ar fáil, áfach, “do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht...”. | However, advice is provided “to public bodies with regard to their obligations under the Act...”. |
eclr:1838 | Seirbhísí teileafóin, bileoga eolais, preasráitis agus suímh ghréasáin | Telephone services, information leaflets, press releases and websites |
eclr:1839 | Cé is moite de na bealaí a luadh cheana, tá go leor bealaí eile ag comhlachtaí poiblí chun teagmháil a dhéanamh lena gcuid custaiméirí, mar shampla trí sheirbhísí teileafóin, bileoga eolais, preasráitis agus suímh ghréasáin. | Apart from the aforementioned means of communication, public bodies have many other ways of contacting their customers for example through telephone services, information leaflets, press releases and websites. |
eclr:1840 | Toisc nach bhfuil aon dualgas díreach faoin Acht ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí teileafóin, bileoga eolais, preasráitis agus suímh ghréasáin a sholáthar i nGaeilge, braitheann na seirbhísí seo ar an méid atá daingnithe sna scéimeanna teanga, más ann dóibh. | Since the Act does not impose specific duties directly on public bodies with regard to the provision of telephone services, information leaflets, press releases and websites in Irish, the provision of these services depends on what is agreed in the relevant language scheme, if such a scheme exists. |
eclr:1841 | Cé go bhfuil comóntacht áirithe idir na scéimeanna, tá difríochtaí substaintiúla eatarthu freisin. | Although all schemes share certain common elements, there are also substantial differences between them. |
eclr:1842 | Dá bhrí sin, is gá breathnú ar chuile scéim ina ceann is ina ceann le féachaint céard iad na seirbhísí trí Ghaeilge atá á soláthar ag comhlacht poiblí faoi leith, sa bhreis ar sheirbhísí atá á soláthar mar dhualgas díreach faoin Acht. | Consequently, it is necessary to look at each scheme separately to see what services a particular public body provides in Irish, in addition to the services it is obliged to provide directly under the Act. |
eclr:1843 | Is féidir samplaí de na seirbhísí seo a fháil ach sracfhéachaint a thabhairt ar na scéimeanna teanga atá daingnithe go dtí seo agus atá ar fáil ar www.coimisineir.ie. | Examples of these services can be seen in the language schemes agreed to date which are available at www.coimisineir.ie. |
eclr:1844 | Tabhair faoi deara go bhfuil scéimeanna á ndaingniú ar bhonn leanúnach ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i gcomhar leis na comhlachtaí poiblí. | You should note that the Department of Community, Equality and Gaeltacht Affairs continues to agree language schemes with public bodies on an ongoing basis. |
eclr:1845 | Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe. | The Office of An Coimisinéir Teanga monitors the provision of services as promised by public bodies under the agreed schemes. |
eclr:1846 | Foilseacháin | Publications |
eclr:1847 | Tá dualgas faoi Alt 10 den Acht ar chomhlachtaí poiblí croídhoiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc tá: | Under Section 10 of the Act, public bodies have a duty to publish certain core documents simultaneously in Irish and English including: |
eclr:1848 | · Aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí; | · Any document setting out public policy proposals; |
eclr:1849 | · Aon tuarascáil bhliantúil; | · Any annual report; |
eclr:1850 | · Aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais; | · Any audited account or financial statement; |
eclr:1851 | · Aon ráiteas straitéise atá déanta faoi Alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997; | · Any statement of strategy prepared under Section 5 of the Public Service Management Act 1997; |
eclr:1852 | · Aon doiciméad atá forordaithe go cuí mar go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis. | · Any document that has been appropriately prescribed as being of major public importance. |
eclr:1853 | Is léir go gcuimsíonn Alt 10 den Acht cáipéisí ar nós seo a leanas: | It is evident that Section 10 includes such documents as: |
eclr:1854 | · Páipéir bhána agus páipéir uaine atá eisithe ag Ranna Rialtais; | · White Papers and Green Papers issued by Government Departments; |
eclr:1855 | · Dréachtphleananna forbartha na n-údarás áitiúl; | · Local Authority Draft Development Plans; |
eclr:1856 | · Aon doiciméad eile a fhoilsítear a bhaineann le beartais phoiblí agus a bhfuil tograí i leith na mbeartas poiblí sin sonraithe ann. | · Any other public policy document which is published and which lays out proposals in relation to public policy. |
eclr:1857 | Agus comhlacht poiblí ag iarraidh cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an dtagann doiciméad faoin gceannteideal seo nó nach dtagann agus an bhfuil riachtanas ann, dá bhrí sin, é a fhoilsiú go dátheangach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas: | When a public body is deciding whether a document comes under this heading and whether, as a result, it must be published bilingually, the following questions should be addressed: |
eclr:1858 | a) An bhfuil an doiciméad déanta ag nó faoi údarás comhlachta phoiblí atá faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla? | a) Is the document made by or under the authority of a public body which comes under the Official Languages Act? |
eclr:1859 | b) An bhfuil an doiciméad le foilsiú? | b) Is the document to be published? |
eclr:1860 | Toisc nach dtugtar sainmhíniú ar an bhfocal “foilsithe” sa reachtaíocht seo, tógann sé a ghnáthbhrí. | As the word “published” is not defined in the legislation, it takes its usual meaning. |
eclr:1861 | I bhfocail eile, an mbeidh an doiciméad seo ar fáil don phobal? | In other words, will the document be made available to the public? |
eclr:1862 | Más féidir freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist thuasluaite, is mó seans atá ann ná a mhalairt go dtagann an doiciméad atá faoi chaibidil faoi théarmaí Alt 10(a) den Acht agus gur gá é a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. | If the document satisfies these three aforementioned criteria, it would appear that it comes under the terms of Section 10(a) of the Act and it is necessary to publish it simultaneously in both official languages. |
eclr:1863 | Má thugtar freagra diúltach ar aon cheann de na trí cheist thuasluaite, is mó seans atá ann ná a mhalairt nach dtagann an doiciméad faoi théarmaí Alt 10(a) den Acht. | If the document fails to satisfy any one of these three aforementioned criteria, it would appear that it does not come under the terms of Section 10(a) of the Act. |
eclr:1864 | Dá bhrí sin, ní bheadh dualgas reachtúil é a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla faoin bhfo-alt seo den Acht. | Consequently, there would be no statutory duty to publish it simultaneously in both official languages under this sub-section of the Act. |
eclr:1865 | Imscrúdú | Investigation |
eclr:1866 | Chinn an Coimisinéir Teanga tar éis imscrúdú gur sárú ar dhualgas teanga faoi Alt 10(a) den Acht a bhí ann ag Roinn Rialtais páipéar uaine a fhoilsiú i mBéarla amháin ag tráth nach raibh fáil ar an leagan Gaeilge go comhuaineach mar gur doiciméad a bhí ann inar leagadh amach “tograí beartais phoiblí.” | An investigation conducted by An Coimisinéir Teanga decided that a Government Department had contravened the language duty under Section 10(a) of the Act by publishing a green paper setting out “public policy proposals” in English only without simultaneously providing the Irish version |
eclr:1867 | Tuarascálacha bliantúla | Annual Reports |
eclr:1868 | Caithfidh comhlachtaí poiblí aon tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. | Public bodies must publish annual reports simultaneously in both official languages. |
eclr:1869 | · Ciallaíonn an fhoráil seo gur cheart go mbeadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla faoin gclúdach céanna nó in dhá imleabhar ar leith a bheadh ar chomhchaighdeán. | · This provision means that the Irish and English versions should be within the same cover or in two separate volumes of equal standard. |
eclr:1870 | · Ciallaíonn go comhuaineach go mbeadh fáil ag an am céanna ar an dá leagan, más ann dóibh. | · Simultaneously means that the two versions, if they exist, should be available at the same time. |
eclr:1871 | Ní leor leagan clóite a chur ar fáil i mBéarla agus leagan leictreonach a chur ar fáil i nGaeilge. | It is not sufficient to provide a printed version in English and an electronic version in Irish. |
eclr:1872 | Is leor leagan leictreonach i nGaeilge, áfach, más i bhfoirm leictreonach amháin atá an leagan Béarla freisin. | An electronic version in Irish is sufficient, however, if the English version is also in electronic format only. |
eclr:1873 | Cuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais | Audited Accounts or Financial Statements |
eclr:1874 | Caithfidh comhlacht poiblí aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. | A public body must publish audited accounts or financial statements simultaneously in both official languages. |
eclr:1875 | Baineann na critéir chéanna atá thuasluaite faoi fhoilsiú tuarascála bhliantúla le cuntais iniúchta agus ráitis airgeadais freisin. | The aforementioned criteria which apply to the publication of annual reports also apply to audited accounts and financial statements. |
eclr:1876 | Ráiteas straitéise | Strategy Statements |
eclr:1877 | Caithfidh comhlacht poiblí aon ráiteas straitéise atá déanta faoi Alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. | A public body must publish any strategy statement, prepared under Section 5 of the Public Service Management Act 1997, simultaneously in both official languages. |
eclr:1878 | Ní bhaineann an dualgas seo le ráitis straitéise go ginearálta ach amháin na ráitis sin atá déanta de thoradh ar dhualgais faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí. | This duty does not apply to strategy statements in general but only to those statements prepared as a result of an obligation under the Public Service Management Act. |
eclr:1879 | Is féidir sonraí teagmhála na n-aistritheoirí creidiúnaithe a fháil ar shuíomh gréasán an Fhorais www.gaeilge.ie | Contact details for the accredited translators can be found on the website of Foras na Gaeilge www.gaeilge.ie |
eclr:1880 | Stáiseanóireacht | Stationery |
eclr:1881 | Cén stáiseanóireacht a chaithfidh a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach? | What stationery must be available in Irish or bilingually? |
eclr:1882 | e) Lipéid; | f) Envelopes. |
eclr:1883 | 1 Márta 2009 | except in the following cases |
eclr:1884 | ach amháin sna cásanna seo a leanas | For stationery already in the public body’s possession |
eclr:1885 | 1 Márta 2011 | on 1 March 2009, |
eclr:1886 | I gcás stáiseanóireachta ar ghá ríomhchlár a athrú ina leith | the deadline for implementation of the Regulations is: |
eclr:1887 | chun an stáiseanóireacht a chur ar fáil i nGaeilge, | For stationery requiring a computer programme change |
eclr:1888 | is é an spriocdháta ná: | to provide the stationery in Irish, |
eclr:1889 | 1 Márta 2013 | the deadline is: |
eclr:1890 | Má roghnaítear téacs dátheangach (seachas téacs i nGaeilge amháin) a úsáid, cad iad na Rialacháin maidir le stáiseanóireacht? | If bilingual text is chosen (instead of text in Irish only) what are the Regulations regarding stationery? |
eclr:1891 | a) Beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús. | a) The text in Irish shall appear first. |
eclr:1892 | c) Ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla. | c) The letters in the text in Irish shall not be smaller in size than the letters in the text in English. |
eclr:1893 | d) Maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl. | d) The text in Irish shall communicate the same information as the text in English. |
eclr:1894 | e) Ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin. | e) A word in the text in Irish shall not be abbreviated unless the word in the text in English, of which it is the translation, is also abbreviated. |
eclr:1895 | f) I gcás go bhfuil Ordú Logainmneacha faoi alt 32 den Acht i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí an leagan oifigiúil Gaeilge a shonraítear san Ordú a úsáid ina cheannteidil stáiseanóireachta. | f) If there is a Placenames Order under Section 32 of the Act in force, a public body must use the official Irish language version specified in the Order in its stationery headings. |
eclr:1896 | Tá na hOrduithe Logainmneacha | The Placenames Orders |
eclr:1897 | ar fáil ar www.coimisineir.ie. | are available at www.coimisineir.ie. |
eclr:1898 | Bunachar Téarmaí don tSeirbhís Phoiblí | Database of Public Terminology |
eclr:1899 | Tá bunachar téarmaí forbartha ag Foras na Gaeilge le rogha leathan de théarmaí bunúsacha a sholáthar a bheidh ina chabhair do chomhlachtaí poiblí le cinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacháin maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí agus ar stáiseanóireacht. | A database has been developed by Foras na Gaeilge to provide a wide range of basic terminology which should prove helpful to public bodies in complying with the regulations in relation to the use of Irish on signage and stationery. |
eclr:1900 | Is féidir an bunachar a chuardach de réir teanga, de réir catagóire (go haibítreach), nó is féidir an bunachar sonraí iomlán a chuardach do théarma faoi leith leis an inneall chuardaigh. | You can search the database by language, by category (alphabetically), or you can search the entire database for an individual term using the search engine. |
eclr:1901 | Tá na téarmaí ar fáil i bhfoirm liostaí aicmithe a bhaineann le réimsí éagsúla den tseirbhís phoiblí agus beidh tuilleadh réimsí agus téarmaí á gcur leis an mbunachar de réir a chéile. | The terms are provided in the form of classified lists relating to various areas of the public service and further areas and terms will be gradually added to the database. |
eclr:1902 | Tá an bunachar téarmaí le fáil ag www.gaeilge.ie | The terminology database can be accessed at www.gaeilge.ie |
eclr:1903 | An Bord Pleanála, An Post, An Garda Síochána, Bord Gáis, Bus Éireann, Iarnród Éireann. | Examples of names of public bodies in common use in Irish: |
eclr:1904 | Samplaí de theidil oifigiúla i nGaeilge: | Examples of official titles in common use in Irish: |
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.