id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:2605
Ní raibh na gealltanais curtha i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill tráth críochnaithe an imscrúdaithe, ach bhí socrú sásúil molta ag an gComhairle le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm iad mar a bhí dlite.
The commitments had not yet been implemented in full by the end of the investigation, but the Council had proposed a satisfactory arrangement to ensure they were implemented as was due.
eclr:2606
Ní raibh aon amhras orm ach go raibh sárú déanta ar fho-alt 18(1) den Acht sa chás seo.
I was in no doubt but that subsection 18(1) had been breached in this instance.
eclr:2607
Thuig an t-imscrúdú go raibh deacrachtaí ann ó thaobh srianta airgeadais agus acmhainní foirne, ach ní chiallaíonn sin nach gá gealltanais reachtúla i scéim teanga a chomhlíonadh.
The investigation understood that there were difficulties faced in terms of monetary restraints and staff resources, but that does not mean that statutory obligations in language schemes need not be fulfilled.
eclr:2608
Anuas air sin, chonacthas don imscrúdú go raibh an-chuid den obair seo ar bun ag údaráis áitiúla eile ar fud na tíre, agus go raibh an-chuid den ábhar céanna i gceist.
It was also apparent to the investigation that a lot of this work was being done by other local authorities around the country, and that a lot of the same material was involved.
eclr:2609
Níor mhiste féachaint ar an obair sin chun éascaíocht a dhéanamh maidir le comhlíonadh gealltanas áirithe de chuid na scéime teanga.
That work should be looked at with a view to facilitating the implementation of certain commitments of the language scheme.
eclr:2610
Ba léir don imscrúdú go raibh cur i bhfeidhm na scéime ag brath den chuid is mó ar Oifigeach Gaeilge a bheith ar fáil don Chomhairle agus nach raibh an Chomhairle trí chéile ag glacadh freagrachta as an scéim.
It was clear to the investigation that the implementation of the scheme was dependent for the most part on an Irish Language Officer being available to the Council and that the Council in general was not taking responsibility for the scheme.
eclr:2611
Gan ról leanúnach comhordaithe, tacaíochta agus monatóireachta an Oifigigh Gaeilge ba léir nach raibh comhlíonadh na ndualgas reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ag fáil na hairde a bhí de dhíth chun an scéim a chur i bhfeidhm ina hiomláine.
Without the Irish Language Officer’s ongoing coordinating, supporting and monitoring role, the implementation of statutory obligations under the Official Languages Act was not getting the attention required to implement the scheme in its entirety.
eclr:2612
Bhí an chosúlacht ar an scéal, le ceapachán Oifigigh Gaeilge nua ar bhonn sealadach, go raibh athrú ag teacht ar an scéal, agus go rabhthas ag leagan freagrachta as a réimsí féin ar oifigigh de chuid na heagraíochta chomh maith.
It appeared, with the appointment of a new Irish Language Officer on a temporary basis, that the situation was changing and that responsibility for their own area was being placed on officers of the organisation also.
eclr:2613
Bhí mé ag súil go mbeadh a thionchar sin le feiceáil ar chur i bhfeidhm na scéime.
I was hopeful that the impact of this would be seen in the implementation of the scheme.
eclr:2614
Mhol mé go gcuirfí i bhfeidhm an plean céimnithe a chuir an Chomhairle faoi mo bhráid ina tuairisc le cinntiú go mbeadh gach mír den scéim teanga curtha i bhfeidhm faoin 28 Feabhra 2016.
I recommended that the phased plan the Council submitted to me in its report be implemented to ensure that all elements of the language scheme were implemented by 28 February 2016.
eclr:2615
Lorg mé chomh maith go gcuirfí tuairisc chuimsitheach faoi bhráid m’Oifige faoin 18 Márta 2016 ag tabhairt léargas foriomlán agus fianaise chuí i dtaca le stádas géilliúlachta ghealltanais aonaracha na scéime teanga agus go bhfeidhmeofaí próiseas monatóireachta leanúnach, i gcomhréir le gealltanas na scéime, chun an baol neamhghéilliúlachta sa todhchaí a mhaolú nó a chur go leataobh.
I sought also to have a comprehensive report submitted to my Office by 18 March 2016 giving an overall view with relevant evidence of the compliance status of the individual commitments of the language scheme and that an ongoing monitoring process be implemented, in accordance with the scheme’s commitment, to negate or reduce the risk of future non-compliance.
eclr:2616
Imscrúdú seolta: 15 Bealtaine 2015
Investigation launched: 15 May 2015
eclr:2617
Tuarascáil eisithe: 8 Nollaig 2015
Report issued: 8 December 2015
eclr:2618
Rinne Uachtarán na hÉireann mé a cheapadh i mo Choimisinéir Teanga go foirmiúil ar an 12 Márta 2014 ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin.
The President formally appointed me as Coimisinéir Teanga on 12 March 2014 on the advice of the Government following a resolution passed by both Houses of the Oireachtas recommending the appointment.
eclr:2619
Fuair an ceapachán sin do théarma 6 bliana tacaíocht ó na páirtithe uile sa Dáil agus sa Seanad.
The appointment for a 6 year period received the support of all the parties in the Dáil and Seanad.
eclr:2620
Tháinig mé i gcomharbacht ar an gcéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d’éirigh as oifig ar an 23 Feabhra 2014.
I replaced the first Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, who resigned on 23 February 2014.
eclr:2621
Tá cur síos mion ar obair Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2004 go dtí seo sna tuarascálacha bliantúla atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige: www.coimisineir.ie.
A detailed account of the work of the Office since its establishment in 2004 is provided in the annual reports available on the Office’s website: www.coimisineir.ie.
eclr:2622
Tá fáil ar an suíomh freisin ar na cuntais airgeadais chuí.
The relevant financial accounts are also available on the website.
eclr:2623
Oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí an Stáit.
The Office of An Coimisinéir Teanga is an independent statutory office whose responsibility is to monitor the manner in which the State’s public bodies comply with the provisions of the Official Languages Act 2003.
eclr:2624
Déanann an Oifig gach beart riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht féin, faoi na Rialacháin faoin Acht agus faoi scéimeanna teanga, sa chás gur ann dóibh.
The Office takes all necessary measures to ensure that public bodies fulfil their obligations under the Act itself, under the Regulations made under the Act and under language schemes, where these apply.
eclr:2625
Fiosraíonn an Oifig gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The Office investigates complaints from the public in cases where it is believed that public bodies may have failed to fulfil their obligations under the Official Languages Act.
eclr:2626
Fiosraíonn an Oifig freisin aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
The Office also enquires into any valid complaints regarding allegations that a provision of any other enactment relating to the status or use of Irish has been contravened.
eclr:2627
Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
My Office provides advice to the public about their language rights and to public bodies about their language obligations under the Act.
eclr:2628
Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Acht a chinntiú go soláthraíonn an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí seirbhísí Gaeilge ar bhonn níos líonmhaire agus ar chaighdeán níos airde in imeacht tréimhse ama.
The primary objective of the Act is to ensure that the services provided through Irish by the Civil and Public Service increase in both quantity and quality over a period of time.
eclr:2629
Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ar an 14 Iúil 2003 agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar an 14 Iúil 2006, tháinig gach foráil den Acht nach raibh tagtha i bhfeidhm le hOrdú Aire roimhe sin i bhfeidhm go hoifigiúil.
The President signed the Official Languages Act into law on 14 July 2003 and three years later, on 14 July 2006, all provisions of the Act not already commenced by Ministerial Order came into effect.
eclr:2630
Chiallaigh sin go raibh bunús reachtúil ón dáta sin ar aghaidh le gach foráil de chuid an Achta.
That meant that from this date onwards, every provision of the Act had a statutory basis.
eclr:2631
Shínigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9) 2008 (I.R.
On 1 October 2008, the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs signed the Official Languages Act 2003 (Section 9) Regulations 2008 (S.I.
eclr:2632
Uimh. 391 de 2008) ar an 1 Deireadh Fómhair 2008.
No. 391 of 2008).
eclr:2633
Faoi na Rialacháin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid stáiseanóireachta, a gcuid comharthaíochta agus a gcuid fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge amháin, nó i nGaeilge agus i mBéarla, de réir critéir ar leith atá daingnithe sna Rialacháin.
Under the Regulations, public bodies are obliged to ensure that their stationery, their signage and their recorded oral announcements are provided in Irish only, or in Irish and English, in accordance with certain provisions set out in the Regulations.
eclr:2634
Ní raibh aon Rialachán déanta faoi dheireadh na bliana 2014 maidir le fógráin ná maidir le fógairtí beo béil.
No Regulations had been made by the end of 2014 regarding advertisements or live oral announcements.
eclr:2635
Rinneadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011.
An amendment was made to the Official Languages Act in section 62 of the Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act 2011.
eclr:2636
Ciallaíonn an leasú gur féidir aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
The amendment means that any Act of the Oireachtas may be published online in one official language before it is printed and published simultaneously in both official languages.
eclr:2637
Rinneadh leasú eile in alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 ar fhoráil d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 872 de 2004 – an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta), 2004 – fad is a bhaineann sé leis an logainm, ‘An Daingean’.
An amendment was also made in section 48 of the Environment (Miscellaneous Provisions) Act 2011 to a provision of Statutory Instrument (No. 872 of 2004) – Placenames Order (Gaeltacht Districts) 2004 – in so far as it relates to the placename, ‘An Daingean’.
eclr:2638
Fógraíodh athbhreithniú foirmiúil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mar ghné amháin de chlár oibre an Rialtais nua a tháinig i gcumhacht in 2011.
A formal review of the Official Languages Act formed part of the programme for government of the new administration that came to power in 2011.
eclr:2639
I mí Iúil 2011, d’fhoilsigh m’Oifig tráchtaireacht mar thuairisc speisialta faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta.
In July 2011, my Office published a commentary, as a special report, under section 29 of the Official Languages Act on the practical application and operation of the Act.
eclr:2640
Ar an 31 Eanáir 2012, tháinig deireadh le tréimhse comhairliúcháin phoiblí a d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an athbhreithniú.
A public consultation period organised by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in relation to a review of the Official Languages Act ended on 31 January 2012.
eclr:2641
I mí an Aibreáin 2014, d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a raibh príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) mar chuid de.
In April 2014 the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht published the Review of Official Languages Act 2003, part of which included the main provisions of the Official Languages (Amendment) Bill.
eclr:2642
Fógraíodh, tar éis an cónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a bhreithniú tuilleadh, agus ag tabhairt san áireamh thorthaí an phróisis comhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách, go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh beartaithe.
It was announced, following further consideration of the proposed amalgamation of the Office of An Coimisinéir Teanga with the Office of the Ombudsman, and having regard to the results of the public consultation process which indicated strong support for maintaining the Office of An Coimisinéir Teanga as a fully independent entity, that the Government had decided not to proceed with the proposed amalgamation.
eclr:2643
I mí Feabhra 2015, d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil ina raibh 34 moladh déanta i dtaca le Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014.
In February 2015, the Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht published a report containing 34 recommendations in relation to the General Scheme of the Official Languages (Amendment) Bill, 2014.
eclr:2644
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL
ANNUAL REPORT
eclr:2645
Don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta:
To the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht:
eclr:2646
An Coimisinéir Teanga
MISSION STATEMENT
eclr:2647
Cothrom na Féinne a chinntiú do chách trí ghearáin maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a láimhseáil ar bhealach atá éifeachtach, gairmiúil agus neamhchlaon.
To ensure fairness for all by dealing in an efficient, professional and impartial manner with complaints regarding difficulties in accessing public services through the medium of Irish.
eclr:2648
Eolas soiléir, cruinn a chur ar fáil:
To provide clear and accurate information:
eclr:2649
· don phobal maidir le cearta teanga, agus
· to the public in relation to language rights, and
eclr:2650
Réamhrá
CONTENTS
eclr:2651
Cúlra
Background
eclr:2652
Bliain thaitneamhach agus thairbheach a bhí inti ar go leor bealaí.
It has been an enjoyable and beneficial year in many ways.
eclr:2653
Bliain thar a bheith gnóthach freisin.
It has also been an extremely busy year.
eclr:2654
Ba mhaith liom ar an gcéad dul síos mo bhuíochas a chur in iúl do mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, as Oifig chomh héifeachtach agus Oifig a bhfuil meas ag lucht labhartha na Gaeilge uirthi a fhágáil agam mar oidhreacht.
I’d first like to thank my predecessor, Seán Ó Cuirreáin, for leaving me as his legacy such an effective Office and one which commands the respect of Irish speakers.
eclr:2655
Is furasta a aithint go bhfuil an fheasacht atá ar chúrsaí cearta teanga in áit i bhfad níos folláine anois, ní amháin i measc an ghnáthphobail ach freisin i measc eagraíochtaí stáit, de thoradh obair na hOifige le deich mbliana anuas.
It’s easy to identify that there is a far more healthy awareness of language rights now, not only amongst the public but also amongst state agencies, as a result of the work of this Office over the past ten years.
eclr:2656
Sa tréimhse atá amach romhamsa mar Choimisinéir Teanga tá sé mar chuspóir agam treisiú ar an méid a baineadh amach roimhe seo agus an meas atá tuillte ag an Oifig a chosaint agus a fhorbairt.
In my period ahead as An Coimisinéir Teanga it is my objective to copperfasten what has been achieved to date and to protect and develop the respect that this Office deserves.
eclr:2657
Is é an príomhchúram atá leagtha ag Tithe an Oireachtais ormsa mar Choimisinéir Teanga ná gach beart atá faoi dhlínse mo chumhachta a chur i gcrích chun a chinntiú go gcloíonn comhlachtaí poiblí leis na dualgais atá leagtha orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The main duty bestowed upon me by the Houses of the Oireachtas is to utilise all powers under my jurisdiction to ensure that public bodies comply with their obligations under the Official Languages Act.
eclr:2658
Tá sé i gceist agam leanúint den mhéid sin a dhéanamh gan scáth, gan leithscéal.
I intend to continue doing that without fear or favour.
eclr:2659
Tá sé i gceist agam freisin aird a tharraingt ar na laigí, mar a fheictear dom iad, a bhaineann leis an gcosaint reachtúil a thugtar do chearta teanga an tsaoránaigh.
I also intend to draw attention to the weaknesses, as I see them, pertaining to the statutory protection offered to the language rights of citizens.
eclr:2660
Tá na cearta teanga sin, agus mo chumas iad a chosaint, ag brath ar an reachtaíocht atá daingnithe ag Tithe an Oireachtais.
These language rights, and my ability to protect them, depend on the legislation enacted by the Houses of the Oireachtas.
eclr:2661
Tá deis stairiúil ann anois foghlaim ó na ceachtanna tar éis 10 mbliana d’fheidhmiú an Achta agus creat reachtaíochta a chur i bhfeidhm a thacóidh ar bhealach níos éifeachtaí le bunchearta teanga an tsaoránaigh.
There is a historic opportunity now to learn from the lessons of the past 10 years regarding the implementation of the Act and to establish a legislative framework which supports the basic language rights of citizens in a more effective way.
eclr:2662
Is ábhar é seo a bhfillfidh mé air sa Tuarascáil seo.
This is a theme I will return to in this Report.
eclr:2663
Rinneadh cinneadh Rialtais i mí an Aibreáin gan dul ar aghaidh leis an bplean a bhí ann an Oifig seo a chónascadh le hOifig an Ombudsman.
A Government decision was taken in April not to proceed with the plan to merge this Office with the Office of the Ombudsman.
eclr:2664
Cinneadh ciallmhar agus praiticiúil a thug mé air sin ag an am agus sílim go bhfuil neamhspleáchas na hOifige neartaithe dá bharr.
I described the decision at the time as a sensible and practical one and I believe that the independence of the Office is strengthened as a result.
eclr:2665
Ina theannta sin, ceadaíodh struchtúr nua foirne don Oifig; mar chuid de sin ceapadh Stiúrthóir Oifige ag leibhéal Príomhoifigigh sa Státseirbhís den chéad uair le os cionn dhá bhliain.
Also, a new staff structure was approved for the Office this year; as part of that an Office Director, at Principal Officer level in the Civil Service, was appointed for the first time in over two years.
eclr:2666
Chomh maith leis sin, tháinig ardú os cionn €100,000 ar bhuiséad na hOifige don bhliain 2015 chun tacú leis an athrú struchtúir sin.
Also, the budget for the Office was increased by over €100,000 for 2015 to support the new staffing structure.
eclr:2667
Fáiltím roimh an dul chun cinn seo agus tacaíocht na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
I welcome the progress made to date and the support of the Department of Arts, Heritage & the Gaeltacht.
eclr:2668
I mí an Aibreáin i mbliana foilsíodh Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 san áireamh.
In April of this year the Review of the Official Languages Act was published, including the main provisions of the Official Languages (Amendment) Bill 2014.
eclr:2669
Ar aon léamh tá bearnaí suntasacha idir na forálacha sin agus an tráchtaireacht a d’fhoilsigh m’Oifig ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta roimhe seo.
On any reading there are substantial gaps between those provisions and a commentary on the practical implementation and the workings of the provisions of the Act previously published by this Office.
eclr:2670
Tá na laigí atá aitheanta maidir le cearta teanga an tsaoránaigh fós le brath.
The weaknesses identified regarding the language rights of citizens are still noticeable.
eclr:2671
Níl aon chur ina choinne agamsa go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht.
I have no objection to a review of the Act.
eclr:2672
Go deimhin, cuirim fáilte roimh a leithéid i gcás píosa reachtaíochta a bhí úrnua ag an am agus atá againn le os cionn deich mbliana anois.
Indeed I welcome it for a piece of legislation that was new for its time and that has been with us now for over ten years.
eclr:2673
Is é mo bharúil, áfach, go bhfuil ceannteidil an Bhille úir easnamhach agus nach dtéann siad i ngleic mar ba chóir leis na deacrachtaí atá aitheanta.
It is my opinion, however, that the heads of Bill are incomplete and don’t tackle the difficulties identified.
eclr:2674
Ba chóir go bhforbrófaí tuilleadh na codanna sin den Acht a fheidhmíonn go maith, go leasófaí na réimsí sin nach bhfuil éifeachtach agus go ndéileálfaí leis na heasnaimh a bhí ann ón tús.
Those areas of the Act that work well should be developed, those that aren’t effective should be amended and shortcomings that have been there from the beginning should be dealt with.
eclr:2675
Is iad na scéimeanna teanga croílár na reachtaíochta, an príomhbhealach a leagtar dualgais ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht lasmuigh de na forálacha díreacha.
Language schemes are at the heart of the legislation, the primary means by which obligations are placed on public bodies under the Act outside of the direct provisions.
eclr:2676
Aithním go bhfuil iarracht mhór déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hathnuachan a dhéanamh ar chóras na scéimeanna teanga le bliain anuas.
I recognise that the Department of Arts, Heritage & the Gaeltacht has made a substantial effort to renew the system of language schemes over the past year.
eclr:2677
In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad agus an ardaithe atá tagtha ar líon na scéimeanna teanga a dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain reatha, táim go mór in amhras faoi éifeacht an chórais seo.
Despite all the effort, and the increase in the number of language schemes confirmed by the Minister for Arts, Heritage & the Gaeltacht in the current year, I am very dubious about the effectiveness of this system.
eclr:2678
Táim den bharúil go bhfuil locht bunúsach i gcóras na scéimeanna teanga a fhágann go mbítear ag brath cuid mhaith ar an méid a bhíonn á thairiscint ag comhlachtaí poiblí de thuras na huaire seachas a bheith ag oibriú i dtreo caighdeáin aitheanta seirbhíse trí Ghaeilge.
I believe that there is a fundamental flaw in the language scheme system which means that it depends to a large degree on what the public body is offering at a particular point in time rather than working towards recognised standards of services through Irish.
eclr:2679
Tá raon na laige seo le brath i scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na bliana 2014.
This flaw can be identified in language schemes that were agreed in 2014.
eclr:2680
I gcás Roinn Rialtais amháin, mar shampla, gealltar go n-eiseofar 25% dá gcuid preasráiteas i nGaeilge, ach d’fhéadfadh gur tar éis ceithre huaire fichead i ndiaidh don leagan Béarla a bheith eisithe a chuirfí an leagan Gaeilge ar fáil.
One Government Department, for example, promises to publish 25% of its press releases in Irish, but it could be up to 24 hours after the English version has been issued.
eclr:2681
I scéim teanga eile dearbhaíonn comhlacht poiblí go bhfuil an suíomh gréasáin ar cheann de na príomh-mhodhanna cumarsáide atá in úsáid ag an gcomhlacht.
In another language scheme a public body identifies its website as one of its primary means of communication.
eclr:2682
Ó thaobh na Gaeilge de, áfach, níl geallta ag an gcomhlacht poiblí ina scéim teanga ach go bhfoilseofar doiciméid chorparáideacha i nGaeilge ar an suíomh – doiciméid nach mór a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla ar aon bhealach.
However, in its language scheme the public body only commits to publishing corporate documents in Irish on its website, documents which must be published in both official languages in any event.
eclr:2683
Creidim go láidir go dteastaíonn córas na scéimeanna teanga a athrú ó bhonn.
I am firmly of the view that the system of language schemes must be fundamentally altered.
eclr:2684
Molaim go dtabharfaí faoi chur chuige nua a leathnódh an réimse seirbhísí atá clúdaithe ag rialacháin agus dá réir go laghdófaí réimse feidhme na scéimeanna teanga.
I strongly believe that a new approach is needed that would enhance the range of services covered by regulations and thus lessen the effect of language schemes.
eclr:2685
D’fhéadfaí é seo a dhéanamh go háirithe i gcás seirbhísí nach bhfuil ag brath chomh mór ar acmhainní daonna, leithéid suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar líne, foirmeacha iarratais agus a leithéid.
This could be done especially in the case of services that aren’t primarily dependent on human resources, like websites, online services, application forms and so on.
eclr:2686
Trí rangú a bheith déanta ar chomhlachtaí poiblí, ag brath ar a dteagmháil leis an bpobal, d’éascófaí córas ina leagfaí dualgas ar chomhlachtaí poiblí réimsí seirbhísí a chur ar fáil mar cheart seachas a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann is ina gceann.
By categorising public bodies, depending on their interaction with the public, a system could be developed that would require public bodies to provide a range of services as a right rather than agreeing individual language schemes.
eclr:2687
An taithí atá agamsa agus ag m’Oifig ná gurb é seo an bealach is éifeachtaí le freastal ar chearta teanga an tsaoránaigh.
It is my experience and the experience of this Office that this is the most effective way to address the language rights of citizens.
eclr:2688
Ba chóir freisin foráil dhíreach a bheith déanta san Acht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin.
A direct provision should also be inserted in the Act that would ensure that State employees working in the Gaeltacht, or providing services in those areas, be fluent in Irish.
eclr:2689
Chuir sé an-díoma orm chomh maith a laghad post lena mbaineann riachtanas Gaeilge a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais.
I was also extremely disappointed by the lack of posts identified by Government Departments with an Irish language requirement.
eclr:2690
Is minice ná a mhalairt a bhíonn deacrachtaí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus is beag rogha a bhíonn acu go praiticiúil ach tiontú ar an mBéarla más mian leo na seirbhísí sin a fháil.
More often than not people have difficulties obtaining services through Irish and they have little choice in practice but to switch to English to avail of the service they need.
eclr:2691
Ní bhaineann sé sin le heaspa éilimh, baineann sé le heaspa rogha.
This doesn’t amount to a lack of demand but to a lack of choice.
eclr:2692
Má theastaíonn uainn go mbeadh níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge ón státchóras caithfear a chinntiú go bhfuil dóthain foirne le Gaeilge ann chun an méid sin a dhéanamh.
If we want additional services through Irish to be made available from our state sector then it must be ensured that there are sufficient staff with competence in Irish to achieve that.
eclr:2693
Feictear dom gur chóir do Ranna Rialtais a bheith ag taispeáint ceannaireachta ar an ábhar seo agus a bheith fadradharcach ina gcur chuige.
I believe that Government Departments should show leadership in this regard and should be farsighted in their approach.
eclr:2694
Faraor, níl sé sin le feiceáil faoi láthair.
Unfortunately, that isn’t to be sensed at the moment.
eclr:2695
Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit in ann seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint go réamhghníomhach seachas a bheith de shíor ag tabhairt le fios gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí nuair is eol dúinn go maith nach bhfuil na seirbhísí sin ar fáil gan mórchuid dua.
State bodies should be able to offer services through Irish in a proactive manner instead of constantly stating that there is little demand for services through Irish when we are aware that those services aren’t available without a great degree of effort.
eclr:2696
Go simplí, gan dóthain foirne le Gaeilge ní bheifear in ann na seirbhísí a bhíonn ag teastáil a chur ar fáil.
Put simply, without sufficient staff with competence in Irish it won’t be possible to provide the services that are required.
eclr:2697
Éisteadh an cás san Ard-Chúirt i mí na Samhna, 2014.
This case was heard in the High Court in November 2014.
eclr:2698
Mar chúlra ar an gcás, léirigh imscrúdú a rinneadh le linn na bliana 2013 gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003:
As background to the case, an investigation conducted in 2013 found that the Office of the Revenue Commissioners failed to comply with the statutory language duties set out in subsections 9(1) and 9(3) of the Official Languages Act 2003 in the following instances:
eclr:2699
· i gcásanna inar eisíodh faisnéis i scríbhinn, i bhfoirm leabhrán eolais, i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) agus nach raibh an chumarsáid sin leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne i nGaeilge nó dátheangach (i mBéarla agus i nGaeilge);
· when information was issued in writing, in the form of an information booklet with regard to the Local Property Tax (LPT), and that communication with the public in general or with a class of the public in general was not in Irish or bilingual (in Irish and English);
eclr:2700
· i gcásanna inar eisíodh litreacha chuig aicme den phobal i gcoitinne i dtaca leis an CMÁ agus gur i mBéarla amháin a eisíodh na litreacha sin;
· when letters in English only were issued to a class of the public in general with regard to the LPT;
eclr:2701
· i gcásanna gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar litreacha arna seoladh amach ag na Coimisinéirí Ioncaim.
· when headings of stationery were in English only on letters sent by the Revenue Commissioners.
eclr:2702
Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán CMÁ a eisíodh chuig daoine aonair ainmnithe ina raibh faisnéis phearsanta shonrach maidir le dualgais CMÁ an duine aonair.
The Office of the Revenue Commissioners maintained that the booklet did not come under the terms of subsection 9(3) of the Act because it was an adjunct to, or supplementary to, a letter and a LPT form sent to individually named people and containing specific personal information about the LPT obligations of these individuals.
eclr:2703
Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair; i bhfocail eile, gur ghnó príobháideach é nár bhain ach leis na cáiníocóirí a bhí i gceist agus nár chumarsáid é le haicme den phobal i gcoitinne.
The Office of the Revenue Commissioners said that the envelope and all it contained should be seen as a single entity and as confidential correspondence with an individual taxpayer, in other words, as a private matter for the taxpayer in question and not as communication with the general public.
eclr:2704
Chonacthas don imscrúdú gurbh é an bhunfhaisnéis chéanna a bhí á dáileadh ar bheagnach 1.7 milliún duine ar fud an Stáit sa leabhrán faisnéise seo; ba dhaoine iad a raibh ceangal comónta eatarthu mar shealbhóirí maoine – daoine ar cheart faisnéis ar leith faoin gCáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh chucu.
The investigation found that exactly the same information was being distributed to almost 1.7 million people throughout the State in this booklet; these were people who had a common bond, as property owners, who should receive certain information in relation to the LPT.