text
stringlengths
1
1.97k
forálacha ginearálta
beidh feidhm ag na rialacháin foirne agus ag coinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an aontais chun éifeacht a thabhairt do na rialacháin foirne agus do choinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile maidir le foireann cedefop
déanfaidh an bord bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na rialacháin foirne agus do choinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile i gcomhréir le hairteagal 110 de na rialacháin foirne
airteagal 18
beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de cedefop a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'airteagal 2 de choinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile
is é an bord bainistíochta a cheapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann
iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair pharlaimint na heorpa agus ceisteanna ó fheisirí de pharlaimint na heorpa a fhreagairt
ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin
chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an stiúrthóir feidhmiúcháin déanfaidh cathaoirleach an bhoird bainistíochta ionadaíocht do cedefop
cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin
roimh dheireadh na tréimhse sin déanfaidh an coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin cedefop amach anseo
féadfaidh an bord bainistíochta ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3 síneadh a chur le téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin uair amháin go ceann 5 bliana ar a mhéad
i gás inar cuireadh síneadh le téarma oifige stiúrthóra feidhmiúcháin ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine
ní fhéadfar an stiúrthóir feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mbord bainistíochta
sa chinneadh uaidh tabharfaidh an bord bainistíochta aird ar mheasúnú an choimisiúin ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 3
is trí tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an bord bainistíochta cinntí faoi cheapadh faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an stiúrthóra feidhmiúcháin
airteagal 19
saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile
féadfaidh cedefop leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid cedefop iad
glacfaidh an bord bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do cedefop
caibidil v
forálacha ginearálta
airteagal 20
stádas dlíthiúil
gníomhaireacht de chuid an aontais a bheidh in cedefop
beidh pearsantacht dhlítheanach aige
i ngach ceann de na ballstáit beidh ag cedefop an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha
féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla
is in thessaloniki a bheidh suíomh cedefop
féadfaidh cedefop oifig idirchaidrimh a bhunú sa bhruiséil chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí ábhartha an aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hairteagal 11(6)
airteagal 21
pribhléidí agus díolúintí
beidh feidhm ag prótacal uimh
7 ar phribhléidí agus díolúintí an aontais eorpaigh maidir le cedefop agus maidir lena fhoireann
airteagal 22
socruithe teanga
beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i rialachán uimh
1 ón gcomhairle maidir le cedefop
is é an tionad aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh cedefop
airteagal 23
trédhearcacht agus cosaint sonraí
cuirfidh cedefop a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta
beidh feidhm ag rialachán (ce) uimh
1049/2001 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle maidir le doiciméid atá i seilbh cedefop
laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe glacfaidh an bord bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun rialachán (ce) uimh
1049/2001 a chur i bhfeidhm
beidh an phróiseáil a dhéanann cedefop ar shonraí pearsanta faoi réir rialachán (ae) 2018/1725 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle
laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe bunóidh an bord bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm rialachán (ae) 2018/1725 ag cedefop lena náirítear bearta a bhaineann le hoifigeach cosanta sonraí a cheapadh
bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an maoirseoir eorpach ar chosaint sonraí
airteagal 24
an chalaois a chomhrac
chun an comhrac in aghaidh na calaoise an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi rialachán (ae euratom) uimh
883/2013 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle aontóidh cedefop faoin 21 lúnasa 2019 do chomhaontú idirinstitiúideach an 25 bealtaine 1999 idir parlaimint na heorpa comhairle an aontais eorpaigh agus coimisiún na gcomhphobal eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag olaf agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú sin
beidh cumhacht ag an gcúirt iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair ar gach tairbhí deontais ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí aontais ó cedefop
féadfaidh olaf imscrúduithe a dhéanamh lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i rialachán (ae euratom) uimh
883/2013 agus rialachán (euratom ce) uimh
2185/96 ón gcomhairle d'fhonn a shuí ar tharla calaois éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag cedefop
gan dochar do mhír 1 mír 2 ná mír 3 beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gconarthaí i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais cedefop ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don chúirt iniúchóirí agus do olaf iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach
airteagal 25
rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a chosaint
glacfaidh cedefop rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an aontais eorpaigh (frae) agus faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a chosaint a leagtar amach i gcinneadh (ae euratom) 2015/443 agus cinneadh (ae euratom) 2015/444 i gcás inar gá
cuimseofar le rialacha slándála cedefop inter alia agus i gcás inar gá forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú a phróiseáil agus a stóráil
airteagal 26
dliteanas
beidh dliteanas conarthach cedefop faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist
beidh dlínse ag cúirt bhreithiúnais an aontais eorpaigh (an chúirt bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag cedefop
i gcás dliteanas neamhchonarthach déanfaidh cedefop i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mballstát aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas
beidh dlínse ag an gcúirt bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3
beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith cedefop faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna rialacháin foirne agus i gcoinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile
airteagal 27
meastóireacht
i gcomhréir le hairteagal 29(5) de rialachán tarmligthe (ae) uimh
1271/2013 déanfaidh cedefop meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach
faoin 21 feabhra 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin áiritheoidh an coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an choimisiúin chun feidhmíocht cedefop a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí a shainordaithe agus a chúraimí de
rachaidh an coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an bhoird bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta
tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin go háirithe ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le sainordú cedefop a leasú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin
déanfaidh an coimisiún tuarascáil do pharlaimint na heorpa don chomhairle agus don bhord bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta
poibleofar torthaí na meastóireachta
airteagal 28
fiosrúcháin riaracháin
beidh gníomhaíochtaí cedefop faoi réir fhiosrúcháin an ombudsman eorpaigh i gcomhréir le hairteagal 228 cfae
airteagal 29
comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
a mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa rialachán seo a bhaint amach agus gan dochar d'inniúlachtaí na mballstát agus institiúidí an aontais faoi seach féadfaidh cedefop dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
chuige sin féadfaidh cedefop faoi réir údarú an bhoird bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gcoimisiún socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an aontas ná ar na ballstáit de dheasca na socruithe sin
beidh cedefop oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an aontas
faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír forbrófar socruithe lena sonrófar go háirithe cineál méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair cedefop lena náirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann cedefop le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne
i dtaca le cúrsaí foirne comhlíonfaidh na socruithe sin na rialacháin foirne i gcás ar bith
glacfaidh an bord bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag cedefop ina leith
airteagal 30
comhaontú ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin
na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do cedefop sa bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa bhallstát óstach maidir leis an stiúrthóir feidhmiúcháin comhaltaí an bhoird bainistíochta baill foirne agus baill dá dteaghlaigh leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir cedefop agus an ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe
cuirfidh ballstát óstach cedefop na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh cedefop lena náirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné eorpach inti agus naisc iomchuí iompair
caibidil vi
forálacha idirthréimhseacha
airteagal 31
socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mbord bainistíochta
fanfaidh comhaltaí an bhoird rialúcháin arna bhunú ar bhonn airteagal 4 de rialachán (cee) uimh
337/75 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an bhoird bainistíochta dá dtagraítear in airteagal 5 den rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an bhoird bainistíochta agus an saineolaí neamhspleách de bhun airteagal 4(1) den rialachán seo