text
stringlengths
1
1.97k
airteagal 32
forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann
ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige is do stiúrthóir cedefop a ceapadh ar bhonn airteagal 6 de rialachán (cee) uimh
337/75 a shannfar cúraimí an stiúrthóra feidhmiúcháin dá bhforáiltear in airteagal 11 den rialachán seo
ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha
i gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an stiúrthóir feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an rialacháin seo beidh feidhm ag airteagal 6 de rialachán (cee) uimh
337/75 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche
leis an rialachán seo ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi rialachán (cee) uimh
337/75
féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin rialachán seo i gcomhréir leis na rialacháin foirne agus le coinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile
coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid cedefop atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an rialacháin seo
airteagal 33
forálacha buiséadacha idirthréimhseacha
is i gcomhréir le hairteagal 11 de rialachán (cee) uimh
337/75 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn airteagal 12a den rialachán sin
caibidil vii
forálacha críochnaitheacha
airteagal 34
aisghairm
aisghairtear rialachán (cee) uimh
337/75 agus déanfar tagairtí don rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don rialachán seo
rialachán (ae) 2019/129 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle
an 16 eanáir 2019
lena leasaítear rialachán (ae) uimh
168/2013 a mhéid a bhaineann le céim euro 5 a chur i bhfeidhm i leith cineálcheadú feithiclí dhá roth nó trí roth agus cuadrothar
tá parliamint na heorpa agus comhairle an aontais eorpaigh
ag féachaint don chonradh ar fheidhmiú an aontais eorpaigh agus go háirithe airteagal 114 de
ag féachaint don togra ón gcoimisiún eorpach
tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta
ag féachaint don tuairim ó choiste eacnamaíoch agus sóisialta na heorpa
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach
de bharr an mhéid seo a leanas
ar bhonn na tuarascála ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa agus chuig an gcomhairle maidir leis an staidéar cuimsitheach ar an tionchar ar an gcomhshaol i dtaca le céim chomhshaoil euro 5 d'fheithiclí de chatagóir l (an staidéar ar an tionchar) a rinneadh faoi airteagal 23(4) de rialachán (ae) uimh
168/2013 chun cur i bhfeidhm rianúil an rialacháin sin a áirithiú
maidir leis an gceanglas córas diagnóiseach ar bord (dab) céim ii a shuiteáil lena náirithítear go ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath sa chóras rialaithe astaíochta tháinig an coimisiún ar an gconclúid ar bhonn an staidéir ar an tionchar go bhfuil teorainneacha teicniúla i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an gcatalaíoch i gcás feithiclí áirithe agus gur gá forbairt bhreise a dhéanamh chun an cur chun feidhme ceart a áirithiú
ós rud é go ndéantar feithiclí de chatagóirí l1e agus l2e a eisiamh cheana ón gceanglas a bheith feistithe le córas dab céim i i dtaca leis na feithiclí de chatagóir l6e ar feithiclí iad a dheartar agus a thógtar de réir sonraíochtaí móipéidí agus nach dtáirgtear ach líon measartha beag díobh ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas sin freisin
is gá soiléiriú a thabhairt ar an díolúine atá ag feithiclí de chatagóirí l1e agus l2e ón gceanglas a bheith feistithe le córas dab céim ii agus is gá an díolúine sin a leathnú chuig cuadrothair éadroma (catagóir l6e) agus chuig na fochatagóirí a bhaineann le gluaisrothair enduro (l3eaxe) agus trialghluaisrothair (l3eaxt)
tá saolré ghairid ag gluaisrothair enduro agus trialghluaisrothair agus tá cineál na ngluaisrothar sin agus an úsáid a bhaintear astu anchosúil le cuadrothair uileraoin throma (l7eb) atá díolmhaithe ón gceanglas a bheith feistithe le córas dab céim ii
dá bhrí sin ba cheart an díolúine sin a leathnú chuig gluaisrothair enduro agus trialghluaisrothair
tháinig an coimisiún ar an gconclúid sa staidéar ar an tionchar nach léirítear an fíormheath a thagann ar an gcóras rialaithe astaíochta de chuid feithicle le linn a saolré leis an nós imeachta marthanachta matamaiticiúil a leagtar amach i bpointe (c) d'airteagal 23(3) de rialachán (ae) uimh
168/2013 trína ndéantar feithiclí a chnuasaigh 100 km a thástáil
níor cheart an modh sin a úsáid a thuilleadh ba cheart deireadh a chur leis de réir a chéile faoi 2025 chun a dhóthain aga a thabhairt do gheallsealbhóirí dul i dtaithí air sin
don tréimhse go dtí 2025 ba cheart fad a chur leis an achar taistil is gá a bheith cnuasaithe ag feithicil sula ndéantar í a thástáil chun a áirithiú go mbeidh torthaí na tástála iontaofa
tá an teicneolaíocht is gá chun cloí le teorainneacha euro 5 ar fáil cheana
mar sin féin tháinig an coimisiún ar an gconclúid sa staidéar ar an tionchar gur gá dáta chur i bhfeidhm theorainneacha astaíochta euro 5 le haghaidh feithiclí áirithe de chatagóir l (l6eb l2eu l3eaxt agus l3eaxe) a chur siar ó 2020 go 2024 chun an cóimheas costais is tairbhe a mhéadú i gcomparáid leis an mbunlíne
ina theannta sin tá aga breise ag teastáil ó mhonaróirí na bhfeithiclí sin ar fbmanna iad den chuid is mó chun a áirithiú gur féidir aistriú chuig gléasraí cumhachta gan astaíochtaí ar bith amhail leictriúchán ar bhealach costéifeachtach
168/2013 ceanglaítear go mbeidh torthaí na tástála mar cheangaltán i ndeimhniú ar chineálcheadú ae
ar mhaithe le soiléireacht ba cheart an fhoráil sin a leasú chun a shoiléiriú gurb é an rud a bhfuiltear ag tagairt dó ná bileog thorthaí na tástála
maidir le neamhréireachtaí áirithe i leith dháta chur i bhfeidhm na dteorainneacha don leibhéal fuaime le haghaidh euro 5 in iarscríbhinn iv a ghabhann le rialachán (ae) uimh
168/2013 ba cheart iad a shoiléiriú chun a áirithiú go leanfaidh na teorainneacha (euro 4) atá ann cheana de bheith infheidhme go dtí gur féidir na teorainneacha nua a leagan síos le haghaidh euro 5
ar mhaithe le deimhneacht dhlítiúil maidir leis an gcumhacht a thugtar don choimisiún i rialachán (ae) uimh
168/2013 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i dtaca leis na ceanglais theicniúla a bhaineann le córas diagnóiseach ar bord ba cheart an chumhacht sin a shoiléiriú agus a bheachtú
ós rud é go leasaítear rialachán (ae) uimh
168/2013 leis an rialachán seo gan an tábhar rialála atá ann a leathnú agus nach féidir leis na ballstáit cuspóirí an rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an rialacháin seo gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an aontais féadfaidh an taontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in airteagal 5 den chonradh ar an aontas eorpach
i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san airteagal sin ní théann an rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú
ba cheart dá bhrí sin rialachán (ae) uimh
168/2013 a leasú dá réir sin
tar éis an rialachán seo a ghlacadh
airteagal 1
leasaítear rialachán (ae) uimh
168/2013 mar a leanas
cuirtear an méid seo a leanas in ionad airteagal 21
airteagal 21
ceanglais ghinearálta maidir le córais dhiagnóiseacha ar bord
déanfar feithiclí de chatagóir l cé is moite d'fheithiclí de chatagóirí l1e l2e agus l6e a fheistiú le córas dab lena gcomhlíontar na ceanglais fheidhmiúla agus na nósanna imeachta tástála a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 8 agus amhail ó na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach in iarscríbhinn iv
ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 181 d'iarscríbhinn iv déanfar feithiclí de (fho)chatagóirí l3e l4e l5ea agus l7ea a fheistiú le córas dab céim i lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach nó ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena ndéantar tuairisciú ar na clistí sin arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in iarscríbhinn vi (b1)
ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 182 d'iarscríbhinn iv déanfar feithiclí de (fho)chatagóirí l3e l4e l5e agus l7e a fheistiú le córas dab céim i lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach agus ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena dtionscnaítear tuarascáil nuair a sháraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in iarscríbhinn vi (b1)
ina theannta sin maidir leis na (fo)chatagóirí feithiclí sin déanfar tuairisciú trí bhíthin córais dab céim i ar aon mhodh oibríochta a thionscnaítear lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach
ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 183 d'iarscríbhinn iv déanfar feithiclí de chatagóirí l3e l4e l5e agus l7e a fheistiú le córas dab céim i lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach agus ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena dtionscnaítear tuarascáil nuair a sháraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in iarscríbhinn vi (b2)
ina theannta sin maidir leis na catagóirí feithiclí sin déanfar tuairisciú trí bhíthin córais dab céim i ar aon mhodh oibríochta a thionscnaítear lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach
ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 184 d'iarscríbhinn iv déanfar feithiclí de (fho)chatagóirí l3e l4e l5ea agus l7ea a fheistiú ina theannta sin le córas dab céim ii lena ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath ar an gcóras rialaithe astaíochta cé is moite d'fhaireachán ar an gcatalaíoch arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta dab a leagtar síos in iarscríbhinn vi (b1)
ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 185 d'iarscríbhinn iv déanfar feithiclí de (fho)chatagóirí l3e l4e l5ea agus l7ea a fheistiú ina theannta sin le córas dab céim ii lena ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath ar an gcóras rialaithe astaíochta arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta dab a leagtar síos in iarscríbhinn vi (b2)
ní bheidh feidhm ag mír 5 ná mír 6 maidir le gluaisrothair enduro i bhfochatagóir l3eaxe ná le trialghluaisrothair i bhfochatagóir l3eaxt
chun an tuairisciú a dhéantar leis an gcóras dab ar shábháilteacht fheidhmiúil nó ar fhabhtanna sa chóras rialaithe astaíochta a chomhchuibhiú agus deisiú éifeachtach éifeachtúil feithicle a éascú tugtar de chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hairteagal 75 chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a leagan síos a bhaineann le córas diagnóiseach ar bord i leith na gcatagóirí feithiclí agus na bhfochatagóirí feithiclí a leagtar amach in iarscríbhinn ii c1 ceanglais maidir le tógáil feithiclí agus ceanglais ghinearálta maidir le cineálcheadú sa tsraith a bhaineann le huimh
11 lena náirítear ceanglais fheidhmiúla dab agus nósanna imeachta tástála i gcás na nábhar a liostaítear i mír 1 go mír 7 den airteagal seo agus trí na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a leagan síos a bhaineann le cineál tástála viii dá dtagraítear in iarscríbhinn v
nós imeachta marthanachta matamaiticiúil
go dtí an 31 nollaig 2024 i gcomhair gach comhchoda astaíochta maidir le toradh iolrú na toisce meatha a leagtar amach in iarscríbhinn vii (b) agus a dtagann de bharr na tástála feidhmíochta comhshaoil de chuid feithicil a chnuasaigh breis is 100 km tar éis í a chur ar siúl den chéad uair i gceann na líne táirgthe beidh an toradh sin níos ísle ná an teorainn tástála feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach in iarscríbhinn vi (a)
d'ainneoin na chéad fhomhíre i gcás cineálacha nua feithiclí ón 1 eanáir 2020 agus i gcás cineálacha feithiclí atá ann cheana ón 1 eanáir 2021 go dtí an 31 nollaig 2024 i gcomhair gach comhchoda astaíochta maidir le toradh iolrú na toisce meatha a leagtar amach in iarscríbhinn vii (b) agus a dtagann de bharr na tástála feidhmíochta comhshaoil de chuid feithicil a chnuasaigh breis is 2500 km i gcás feithicil faoi uasluas dearaidh feithicle de < 130 km san uair agus 3500 km i gcás feithicil faoi uasluas dearaidh feithicle de ≥ 130 km san uair nó atá comhionann leis tar éis í a chur ar siúl den chéad uair i gceann na líne táirgthe beidh an toradh sin níos ísle ná an teorainn astaíochtaí sceithphíopa a leagtar amach in iarscríbhinn vi (a)
in airteagal 30(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)
bileog thorthaí na tástála
in airteagal 44(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír
ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an aontais a bhí cumhdaithe ag cineálcheadú ae bailí tráth a dtáirgthe ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an cineálcheadú ae sin a bhailíocht
cuirtear an méid seo a leanas in ionad airteagal 75(2)
déanfaidh an coimisiún tráth nach déanaí ná an 22 meitheamh 2022 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta
déantar iarscríbhinní ii iv v agus vi a leasú i gcomhréir leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán seo
airteagal 2
tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in iris oifigiúil an aontais eorpaigh
beidh an rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach ballstát
arna dhéanamh in strasbourg an 16 eanáir 2019
thar ceann pharlaimint na heorpa
an tuachtarán
thar ceann na comhairle
io c 367 10102018 lch 32
seasamh ó pharlaimint na heorpa an 29 samhain 2018 (nár foilsíodh fós san iris oifigiúil) agus cinneadh ón gcomhairle an 17 nollaig 2018
rialachán (ae) uimh
iarscríbhinn
168/2013 mar a leanas
in iarscríbhinn ii roinn c1 sa tsraith a bhaineann le huimh
11 scriostar an comhartha x i gcás na bhfochatagóirí l6ea agus l6eb
in iarscríbhinn iv leasaítear an tábla mar a leanas