id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:305
(D’fhéadfaí achomharc atá deireanach a cheadú i dtosca cuí.) Beidh táille €30 iníoctha (€10 má tá cárta leighis agat) sula bhféadfar tús a chur le hathbhreithniú inmheánach.
An application fee of €30 (€10 if you are covered by a medical card) is required before the processing of an internal review can begin.
eclr:306
Is féidir an táille seo a íoc trí ríomhaistriú airgid agus beidh ár sonraí bainc ar fáil ar gach litir a chuirfear amach i ndáil leis an gcinneadh.
This fee can be paid by electronic funds transfer (EFT) and our bank account details will be listed in all decision letters.
eclr:307
D’fhéadfadh athbhreithniú inmheánach an chéad chinneadh ar iarratas a dhearbhú, a leasú nó a chur ar ceal.
An internal review may affirm, vary or annul the original decision in relation to a request.
eclr:308
Ní mór an próiseas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith curtha i gcrích sula bhféadfar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise.
The internal review process must be completed before an appeal can be submitted to the Information Commissioner.
eclr:309
2.
2.
eclr:310
Athbhreithniú de chuid an Choimisinéara Faisnéise
Review by the Information Commissioner
eclr:311
Is é €50 an táille ar achomharc leis an gCoimisinéir Faisnéise (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).
The fee for appeals to the Information Commissioner is €50 (€15 for medical card holders and their dependants).
eclr:312
CeartaFaoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003Léigh Níos Mó
RightsUnder the Official Languages Act 2003Read More
eclr:313
An Ghaeilge san OireachtasImeachtaí Oireachtais a bheith foilsithe go dátheangachLéigh Níos Mó
Irish in the OireachtasOireachtas proceedings must be published bilinguallyRead More
eclr:314
An Ghaeilge sna CúirteannaCeart an duine Gaeilge a úsáid sna CúirteannaLéigh Níos Mó
Irish in the CourtsThe right to use Irish in the CourtsRead More
eclr:315
Gearán a Dhéanamh
Make a Complaint
eclr:316
Tá de cheart ag daoine den phobal gearán a dhéanamh má cheapann siad nach bhfuil na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh acu.
Members of the public have the right to make a complaint if they feel that Irish Language requirements are not being met by public bodies
eclr:317
Caighdeán Seirbhíse do Chustaiméirí
Customer Service Standards »
eclr:318
Tá rún daingean ag Oifig an Choimisinéara Teanga seirbhís ghairmiúil, éifeachtach, chúirtéiseach a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir.
The Office of An Coimisinéir Teanga is committed to providing an efficient, professional and courteous service to all our customers.
eclr:319
Leagtar amach sa Chairt Chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse ar féidir a bheith ag súil leo ón Oifig.
The Customer Charter sets out the standard of service that you can expect from our Office.
eclr:320
An Stiúrthóir, Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
The Director, The Office of An Coimisinéir Teanga, An Spidéal, Co.
eclr:321
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL
ANNUAL REPORT
eclr:322
Don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta:
To the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht:
eclr:323
An Coimisinéir Teanga
MISSION STATEMENT
eclr:324
Cothrom na Féinne a chinntiú do chách trí ghearáin maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a láimhseáil ar bhealach atá éifeachtach, gairmiúil agus neamhchlaon.
To ensure fairness for all by dealing in an efficient, professional and impartial manner with complaints regarding difficulties in accessing public services through the medium of Irish.
eclr:325
Eolas soiléir, cruinn a chur ar fáil:
To provide clear and accurate information:
eclr:326
· don phobal maidir le cearta teanga, agus
· to the public in relation to language rights, and
eclr:327
Réamhrá
CONTENTS
eclr:328
Cúlra
Background
eclr:329
Bliain thaitneamhach agus thairbheach a bhí inti ar go leor bealaí.
It has been an enjoyable and beneficial year in many ways.
eclr:330
Bliain thar a bheith gnóthach freisin.
It has also been an extremely busy year.
eclr:331
Ba mhaith liom ar an gcéad dul síos mo bhuíochas a chur in iúl do mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, as Oifig chomh héifeachtach agus Oifig a bhfuil meas ag lucht labhartha na Gaeilge uirthi a fhágáil agam mar oidhreacht.
I’d first like to thank my predecessor, Seán Ó Cuirreáin, for leaving me as his legacy such an effective Office and one which commands the respect of Irish speakers.
eclr:332
Is furasta a aithint go bhfuil an fheasacht atá ar chúrsaí cearta teanga in áit i bhfad níos folláine anois, ní amháin i measc an ghnáthphobail ach freisin i measc eagraíochtaí stáit, de thoradh obair na hOifige le deich mbliana anuas.
It’s easy to identify that there is a far more healthy awareness of language rights now, not only amongst the public but also amongst state agencies, as a result of the work of this Office over the past ten years.
eclr:333
Sa tréimhse atá amach romhamsa mar Choimisinéir Teanga tá sé mar chuspóir agam treisiú ar an méid a baineadh amach roimhe seo agus an meas atá tuillte ag an Oifig a chosaint agus a fhorbairt.
In my period ahead as An Coimisinéir Teanga it is my objective to copperfasten what has been achieved to date and to protect and develop the respect that this Office deserves.
eclr:334
Is é an príomhchúram atá leagtha ag Tithe an Oireachtais ormsa mar Choimisinéir Teanga ná gach beart atá faoi dhlínse mo chumhachta a chur i gcrích chun a chinntiú go gcloíonn comhlachtaí poiblí leis na dualgais atá leagtha orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
The main duty bestowed upon me by the Houses of the Oireachtas is to utilise all powers under my jurisdiction to ensure that public bodies comply with their obligations under the Official Languages Act.
eclr:335
Tá sé i gceist agam leanúint den mhéid sin a dhéanamh gan scáth, gan leithscéal.
I intend to continue doing that without fear or favour.
eclr:336
Tá sé i gceist agam freisin aird a tharraingt ar na laigí, mar a fheictear dom iad, a bhaineann leis an gcosaint reachtúil a thugtar do chearta teanga an tsaoránaigh.
I also intend to draw attention to the weaknesses, as I see them, pertaining to the statutory protection offered to the language rights of citizens.
eclr:337
Tá na cearta teanga sin, agus mo chumas iad a chosaint, ag brath ar an reachtaíocht atá daingnithe ag Tithe an Oireachtais.
These language rights, and my ability to protect them, depend on the legislation enacted by the Houses of the Oireachtas.
eclr:338
Tá deis stairiúil ann anois foghlaim ó na ceachtanna tar éis 10 mbliana d’fheidhmiú an Achta agus creat reachtaíochta a chur i bhfeidhm a thacóidh ar bhealach níos éifeachtaí le bunchearta teanga an tsaoránaigh.
There is a historic opportunity now to learn from the lessons of the past 10 years regarding the implementation of the Act and to establish a legislative framework which supports the basic language rights of citizens in a more effective way.
eclr:339
Is ábhar é seo a bhfillfidh mé air sa Tuarascáil seo.
This is a theme I will return to in this Report.
eclr:340
Rinneadh cinneadh Rialtais i mí an Aibreáin gan dul ar aghaidh leis an bplean a bhí ann an Oifig seo a chónascadh le hOifig an Ombudsman.
A Government decision was taken in April not to proceed with the plan to merge this Office with the Office of the Ombudsman.
eclr:341
Cinneadh ciallmhar agus praiticiúil a thug mé air sin ag an am agus sílim go bhfuil neamhspleáchas na hOifige neartaithe dá bharr.
I described the decision at the time as a sensible and practical one and I believe that the independence of the Office is strengthened as a result.
eclr:342
Ina theannta sin, ceadaíodh struchtúr nua foirne don Oifig; mar chuid de sin ceapadh Stiúrthóir Oifige ag leibhéal Príomhoifigigh sa Státseirbhís den chéad uair le os cionn dhá bhliain.
Also, a new staff structure was approved for the Office this year; as part of that an Office Director, at Principal Officer level in the Civil Service, was appointed for the first time in over two years.
eclr:343
Chomh maith leis sin, tháinig ardú os cionn €100,000 ar bhuiséad na hOifige don bhliain 2015 chun tacú leis an athrú struchtúir sin.
Also, the budget for the Office was increased by over €100,000 for 2015 to support the new staffing structure.
eclr:344
Fáiltím roimh an dul chun cinn seo agus tacaíocht na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
I welcome the progress made to date and the support of the Department of Arts, Heritage & the Gaeltacht.
eclr:345
I mí an Aibreáin i mbliana foilsíodh Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 san áireamh.
In April of this year the Review of the Official Languages Act was published, including the main provisions of the Official Languages (Amendment) Bill 2014.
eclr:346
Ar aon léamh tá bearnaí suntasacha idir na forálacha sin agus an tráchtaireacht a d’fhoilsigh m’Oifig ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta roimhe seo.
On any reading there are substantial gaps between those provisions and a commentary on the practical implementation and the workings of the provisions of the Act previously published by this Office.
eclr:347
Tá na laigí atá aitheanta maidir le cearta teanga an tsaoránaigh fós le brath.
The weaknesses identified regarding the language rights of citizens are still noticeable.
eclr:348
Níl aon chur ina choinne agamsa go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht.
I have no objection to a review of the Act.
eclr:349
Go deimhin, cuirim fáilte roimh a leithéid i gcás píosa reachtaíochta a bhí úrnua ag an am agus atá againn le os cionn deich mbliana anois.
Indeed I welcome it for a piece of legislation that was new for its time and that has been with us now for over ten years.
eclr:350
Is é mo bharúil, áfach, go bhfuil ceannteidil an Bhille úir easnamhach agus nach dtéann siad i ngleic mar ba chóir leis na deacrachtaí atá aitheanta.
It is my opinion, however, that the heads of Bill are incomplete and don’t tackle the difficulties identified.
eclr:351
Ba chóir go bhforbrófaí tuilleadh na codanna sin den Acht a fheidhmíonn go maith, go leasófaí na réimsí sin nach bhfuil éifeachtach agus go ndéileálfaí leis na heasnaimh a bhí ann ón tús.
Those areas of the Act that work well should be developed, those that aren’t effective should be amended and shortcomings that have been there from the beginning should be dealt with.
eclr:352
Is iad na scéimeanna teanga croílár na reachtaíochta, an príomhbhealach a leagtar dualgais ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht lasmuigh de na forálacha díreacha.
Language schemes are at the heart of the legislation, the primary means by which obligations are placed on public bodies under the Act outside of the direct provisions.
eclr:353
Aithním go bhfuil iarracht mhór déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hathnuachan a dhéanamh ar chóras na scéimeanna teanga le bliain anuas.
I recognise that the Department of Arts, Heritage & the Gaeltacht has made a substantial effort to renew the system of language schemes over the past year.
eclr:354
In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad agus an ardaithe atá tagtha ar líon na scéimeanna teanga a dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain reatha, táim go mór in amhras faoi éifeacht an chórais seo.
Despite all the effort, and the increase in the number of language schemes confirmed by the Minister for Arts, Heritage & the Gaeltacht in the current year, I am very dubious about the effectiveness of this system.
eclr:355
Táim den bharúil go bhfuil locht bunúsach i gcóras na scéimeanna teanga a fhágann go mbítear ag brath cuid mhaith ar an méid a bhíonn á thairiscint ag comhlachtaí poiblí de thuras na huaire seachas a bheith ag oibriú i dtreo caighdeáin aitheanta seirbhíse trí Ghaeilge.
I believe that there is a fundamental flaw in the language scheme system which means that it depends to a large degree on what the public body is offering at a particular point in time rather than working towards recognised standards of services through Irish.
eclr:356
Tá raon na laige seo le brath i scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na bliana 2014.
This flaw can be identified in language schemes that were agreed in 2014.
eclr:357
I gcás Roinn Rialtais amháin, mar shampla, gealltar go n-eiseofar 25% dá gcuid preasráiteas i nGaeilge, ach d’fhéadfadh gur tar éis ceithre huaire fichead i ndiaidh don leagan Béarla a bheith eisithe a chuirfí an leagan Gaeilge ar fáil.
One Government Department, for example, promises to publish 25% of its press releases in Irish, but it could be up to 24 hours after the English version has been issued.
eclr:358
I scéim teanga eile dearbhaíonn comhlacht poiblí go bhfuil an suíomh gréasáin ar cheann de na príomh-mhodhanna cumarsáide atá in úsáid ag an gcomhlacht.
In another language scheme a public body identifies its website as one of its primary means of communication.
eclr:359
Ó thaobh na Gaeilge de, áfach, níl geallta ag an gcomhlacht poiblí ina scéim teanga ach go bhfoilseofar doiciméid chorparáideacha i nGaeilge ar an suíomh – doiciméid nach mór a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla ar aon bhealach.
However, in its language scheme the public body only commits to publishing corporate documents in Irish on its website, documents which must be published in both official languages in any event.
eclr:360
Creidim go láidir go dteastaíonn córas na scéimeanna teanga a athrú ó bhonn.
I am firmly of the view that the system of language schemes must be fundamentally altered.
eclr:361
Molaim go dtabharfaí faoi chur chuige nua a leathnódh an réimse seirbhísí atá clúdaithe ag rialacháin agus dá réir go laghdófaí réimse feidhme na scéimeanna teanga.
I strongly believe that a new approach is needed that would enhance the range of services covered by regulations and thus lessen the effect of language schemes.
eclr:362
D’fhéadfaí é seo a dhéanamh go háirithe i gcás seirbhísí nach bhfuil ag brath chomh mór ar acmhainní daonna, leithéid suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar líne, foirmeacha iarratais agus a leithéid.
This could be done especially in the case of services that aren’t primarily dependent on human resources, like websites, online services, application forms and so on.
eclr:363
Trí rangú a bheith déanta ar chomhlachtaí poiblí, ag brath ar a dteagmháil leis an bpobal, d’éascófaí córas ina leagfaí dualgas ar chomhlachtaí poiblí réimsí seirbhísí a chur ar fáil mar cheart seachas a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann is ina gceann.
By categorising public bodies, depending on their interaction with the public, a system could be developed that would require public bodies to provide a range of services as a right rather than agreeing individual language schemes.
eclr:364
An taithí atá agamsa agus ag m’Oifig ná gurb é seo an bealach is éifeachtaí le freastal ar chearta teanga an tsaoránaigh.
It is my experience and the experience of this Office that this is the most effective way to address the language rights of citizens.
eclr:365
Ba chóir freisin foráil dhíreach a bheith déanta san Acht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin.
A direct provision should also be inserted in the Act that would ensure that State employees working in the Gaeltacht, or providing services in those areas, be fluent in Irish.
eclr:366
Chuir sé an-díoma orm chomh maith a laghad post lena mbaineann riachtanas Gaeilge a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais.
I was also extremely disappointed by the lack of posts identified by Government Departments with an Irish language requirement.
eclr:367
Is minice ná a mhalairt a bhíonn deacrachtaí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus is beag rogha a bhíonn acu go praiticiúil ach tiontú ar an mBéarla más mian leo na seirbhísí sin a fháil.
More often than not people have difficulties obtaining services through Irish and they have little choice in practice but to switch to English to avail of the service they need.
eclr:368
Ní bhaineann sé sin le heaspa éilimh, baineann sé le heaspa rogha.
This doesn’t amount to a lack of demand but to a lack of choice.
eclr:369
Má theastaíonn uainn go mbeadh níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge ón státchóras caithfear a chinntiú go bhfuil dóthain foirne le Gaeilge ann chun an méid sin a dhéanamh.
If we want additional services through Irish to be made available from our state sector then it must be ensured that there are sufficient staff with competence in Irish to achieve that.
eclr:370
Feictear dom gur chóir do Ranna Rialtais a bheith ag taispeáint ceannaireachta ar an ábhar seo agus a bheith fadradharcach ina gcur chuige.
I believe that Government Departments should show leadership in this regard and should be farsighted in their approach.
eclr:371
Faraor, níl sé sin le feiceáil faoi láthair.
Unfortunately, that isn’t to be sensed at the moment.
eclr:372
Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit in ann seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint go réamhghníomhach seachas a bheith de shíor ag tabhairt le fios gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí nuair is eol dúinn go maith nach bhfuil na seirbhísí sin ar fáil gan mórchuid dua.
State bodies should be able to offer services through Irish in a proactive manner instead of constantly stating that there is little demand for services through Irish when we are aware that those services aren’t available without a great degree of effort.
eclr:373
Go simplí, gan dóthain foirne le Gaeilge ní bheifear in ann na seirbhísí a bhíonn ag teastáil a chur ar fáil.
Put simply, without sufficient staff with competence in Irish it won’t be possible to provide the services that are required.
eclr:374
Éisteadh an cás san Ard-Chúirt i mí na Samhna, 2014.
This case was heard in the High Court in November 2014.
eclr:375
Mar chúlra ar an gcás, léirigh imscrúdú a rinneadh le linn na bliana 2013 gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003:
As background to the case, an investigation conducted in 2013 found that the Office of the Revenue Commissioners failed to comply with the statutory language duties set out in subsections 9(1) and 9(3) of the Official Languages Act 2003 in the following instances:
eclr:376
· i gcásanna inar eisíodh faisnéis i scríbhinn, i bhfoirm leabhrán eolais, i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) agus nach raibh an chumarsáid sin leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne i nGaeilge nó dátheangach (i mBéarla agus i nGaeilge);
· when information was issued in writing, in the form of an information booklet with regard to the Local Property Tax (LPT), and that communication with the public in general or with a class of the public in general was not in Irish or bilingual (in Irish and English);
eclr:377
· i gcásanna inar eisíodh litreacha chuig aicme den phobal i gcoitinne i dtaca leis an CMÁ agus gur i mBéarla amháin a eisíodh na litreacha sin;
· when letters in English only were issued to a class of the public in general with regard to the LPT;
eclr:378
· i gcásanna gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar litreacha arna seoladh amach ag na Coimisinéirí Ioncaim.
· when headings of stationery were in English only on letters sent by the Revenue Commissioners.
eclr:379
Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán CMÁ a eisíodh chuig daoine aonair ainmnithe ina raibh faisnéis phearsanta shonrach maidir le dualgais CMÁ an duine aonair.
The Office of the Revenue Commissioners maintained that the booklet did not come under the terms of subsection 9(3) of the Act because it was an adjunct to, or supplementary to, a letter and a LPT form sent to individually named people and containing specific personal information about the LPT obligations of these individuals.
eclr:380
Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair; i bhfocail eile, gur ghnó príobháideach é nár bhain ach leis na cáiníocóirí a bhí i gceist agus nár chumarsáid é le haicme den phobal i gcoitinne.
The Office of the Revenue Commissioners said that the envelope and all it contained should be seen as a single entity and as confidential correspondence with an individual taxpayer, in other words, as a private matter for the taxpayer in question and not as communication with the general public.
eclr:381
Chonacthas don imscrúdú gurbh é an bhunfhaisnéis chéanna a bhí á dáileadh ar bheagnach 1.7 milliún duine ar fud an Stáit sa leabhrán faisnéise seo; ba dhaoine iad a raibh ceangal comónta eatarthu mar shealbhóirí maoine – daoine ar cheart faisnéis ar leith faoin gCáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh chucu.
The investigation found that exactly the same information was being distributed to almost 1.7 million people throughout the State in this booklet; these were people who had a common bond, as property owners, who should receive certain information in relation to the LPT.
eclr:382
Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach gurbh “aicme den phobal i gcoitinne” iad na sealbhóirí maoine seo faoi réir na ngnáthchleachtas i dtaca le forléiriú reachtúil.
The investigation was in no doubt that these property owners constituted “a class of the general public” under the usual terms of legal interpretation.
eclr:383
I mbreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt i mí Feabhra 2015 diúltaíodh d’achomharc Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne chinneadh an imscrúdaithe.
In a judgement made in the High Court in February 2015 the appeal by the Office of the Revenue Commissioners against the findings of the investigation was rejected.
eclr:384
Tá os cionn céad imscrúdú seolta ag an gCoimisinéir Teanga in imeacht na mblianta agus ba é seo an chéad uair a tugadh dúshlán Ard-Chúirte in aghaidh cinneadh imscrúdaithe a rinne an Coimisinéir.
An Coimisinéir Teanga has conducted over one hundred investigations over the years and this was the first occasion the finding of an investigation by An Coimsinéir Teanga was challenged in the High Court.
eclr:385
GEARÁIN/IMSCRÚDUITHE
COMPLAINTS/INVESTIGATIONS
eclr:386
Rinneadh líon suntasach gearán le m’Oifig anuraidh a bhain le comhlachtaí poiblí nach bhfuil faoi scáth na reachtaíochta – 115 san iomlán.
A substantial number of complaints were made to my Office last year relating to public bodies that don’t come under the legislation – 115 in total.
eclr:387
Bhain a bhformhór mór le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a rinneadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí in Acht na dTeangacha Oifigiúla siar i Meitheamh na bliana 2006.
The vast majority of these related to public bodies that were established after the schedule relating to public bodies in the Official Languages Act was last updated in June 2006.
eclr:388
Toisc nach raibh ar chumas m’Oifige na gearáin seo a fhiosrú, de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta, ní féidir liom a rá an raibh sárú reachtúil i gceist in aon chás fiú dá mbeidís faoi scáth an Achta.
As my Office couldn’t investigate these complaints, because the public bodies concerned didn’t come under the legislation, I can’t say if a breach of legislation had occurred, even if they did come under the Act.
eclr:389
Ach léiríonn líon na ngearán na deacrachtaí atá cruthaithe do shaoránaigh na tíre ar mian leo plé leis an státchóras trí Ghaeilge ach nach féidir mar nach bhfuil uasdátú rialta á dhéanamh ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí.
But the number of complaints does show the difficulties created for citizens who wish to deal with the State system through Irish but can’t as the schedule of public bodies isn’t being updated regularly.
eclr:390
Tá sé molta ag m’Oifig i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtiocfadh gach comhlacht poiblí nuachruthaithe go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile.
My Office has recommended in the context of the review of the Official Languages Act that every newly-established public body would automatically come under the Act, as happens with other legislation.
eclr:391
Tá sin curtha san áireamh i gceannteidil an Bhille leasaithe agus cuirim fáilte roimhe sin.
I welcome that that recommendation is included in the heads of the amending Bill.
eclr:392
Bhain 9.9% de na gearáin le húsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus seoladh le comhlachtaí poiblí.
9.9% of complaints related to the usage of the Irish version of a name and address with public bodies.
eclr:393
Bhí nós seanbhunaithe sa tír seo gur ceadmhach don saoránach ceachtar leagan – Gaeilge nó Béarla – dá n-ainm agus sloinne a úsáid leis an státchóras.
There was a long-standing tradition in this country that citizens could use either version of their name – Irish or English – with the State.
eclr:394
Go stairiúil, ba mhinic leagan Béarla d’ainm agus sloinne a bheith ar theastas breithe ach leagan Gaeilge a bheith in úsáid ar bhonn laethúil ar phas, ceadúnas tiomána, do chúrsaí cánach agus leasa shóisialaigh &rl.
Historically, it was often the case that an English version of a name was on a birth certificate but an Irish version was used on a daily basis on a passport, driving licence, for tax and social welfare purposes etc.
eclr:395
De bharr cúrsaí slándála, tá athrú ag teacht ar an gcás seo anois, agus bítear ag súil le cruthúnas úsáide ar feadh tréimhse dhá bhliain den chuid is mó sula ceadmhach leagan eile seachas an leagan ar an teastas breithe a úsáid ar cháipéisí stáit.
For security reasons this is changing now, and it is expected, for the most part, that there be proof of usage for two years before a different version of one’s name may be used on state documents that is different to that on a birth certificate.
eclr:396
Ní mór a chinntiú go gcuirtear córas cuí in áit a chinntíonn gur ceadmhach don saoránach an leagan is rogha leis nó léi a úsáid leis an Stát, ach a chinntíonn nach bhfuil aon bhaol slándála ann.
It is important to ensure that an appropriate system is put in place which allows the citizen to use whichever version he/she prefers with the State, while also ensuring there are no security concerns.
eclr:397
Maidir le ceist na seoltaí, is minice ná a mhalairt a dhéantar clárú nó teagmháil leis an Stát trí chóras ar líne, agus go minic lorgaítear seoltaí trí chóras roghchláir, ar a bhfuil na seoltaí réamhshocraithe i dteanga amháin.
As regards the issue of addresses, more often than not registration or contact is made with the State through an online system and very often an address is sought through a menu system where addresses are pre-set in one language only.
eclr:398
Ba cheart go dtabharfaí rogha don saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla den seoladh a úsáid de réir a rogha féin.
Citizens should be entitled to use either the Irish or English version of their address depending on preference.
eclr:399
Caithfear a chinntiú go bhfuil ar chumas chórais ríomhairí an Stáit plé leis an gceist seo agus le síntí fada mar ba chóir, le cinntiú go bhfuil ainmneacha agus seoltaí cruinn.
It must be ensured that computer systems operated by the State can deal with this issue appropriately and with the síneadh fada to ensure that names and addresses are accurate.
eclr:400
I gcás amháin anuraidh, chuir údarás áitiúil in iúl do m’Oifig nach raibh i gceist aige an prótacal do chlárú ainmneacha a athrú, in ainneoin nach raibh ar a chumas spás a chur idir an dá eilimint de shloinne an ghearánaigh: ‘ÓDomhnaill’ a bhí á chlárú in ionad ‘Ó Domhnaill’ ar chártaí toghchánaíochta sa Chomhairle seo, mar shampla, agus ‘NíShe’ seachas ‘Ní Shé’.
In one instance last year a local authority informed my Office that it didn’t intend to change its protocol for registration of names in spite of the fact it couldn’t create a space between both elements of the surname of the complainant: ‘ÓDomhnaill’ was being registered rather than ‘Ó Domhnaill’ on the voting cards in this authority for example and ‘NíShe’ instead of ‘Ní Shé’.
eclr:401
Cé nach raibh a leithéid inghlactha don Oifig seo dhiúltaigh an t-údarás áitiúil an scéal a chur ina cheart, toisc nach raibh aon dualgas reachtúil ina leith.
Whilst this was unacceptable to this Office the local authority refused to rectify the situation as there was no statutory obligation relating to the matter.
eclr:402
Bheinn ag súil go réiteodh an leasú atá molta ar an reachtaíocht i dtaca le hainmneacha agus seoltaí na deacrachtaí seo atá ag eascairt ar bhonn laethúil.
I would expect that the recommendation made to amend the legislation insofar as it relates to names and address should resolve these difficulties that are occurring on a daily basis.
eclr:403
Luadh sa Tuarascáil seo anuraidh an deacracht atá ag eascairt ar bhonn leanúnach i dtaca le húsáid córas meaisínaistriúcháin le haistriúcháin oifigiúla a sholáthar ar chomharthaíocht agus ar chomhfhreagras.
Last year’s Annual Report made reference to the difficulty that arises quite regularly relating to the use of machine translation to provide an official translation on signage and correspondence.
eclr:404
Mar chuid de chlár iniúchta na hOifige don bhliain 2014, socraíodh iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar fhógairtí taifeadta atá in úsáid ag na húdaráis áitiúla.
As part of the audit programme undertaken by the Office in 2014 it was decided to investigate the usage of recorded announcements by local authorities.