id
stringlengths 6
19
| text
stringlengths 1
1.02k
| eng_text
stringlengths 1
1.02k
|
---|---|---|
eclr:1505 | Bheinn ag súil, de thoradh an imscrúdaithe seo, go gcuirfí córas i bhfeidhm a chinnteodh go ngabhfaí i ngleic go críochnúil le gearáin ón Oifig seo nó ó bhall den phobal i dtaca le comharthaíocht neamhghéilliúil a thagann faoi dhlínse feidhme na Comhairle. | I would hope, as a result of this investigation, that a system would be put in place which would ensure that complaints from this Office or from members of the public in respect of non-compliant signage under the remit of the Council would be dealt with efficiently. |
eclr:1506 | Mhol mé, i measc nithe eile, go ndaingneofaí cleachtas oibre sa Chomhairle Contae laistigh de 8 seachtaine ó dháta eisiúna na tuarascála imscrúdaithe le plé go cuí agus go tráthúil le gearáin faoi sháruithe ar reachtaíocht teanga agus go gcuirfí cóip den chleachtas sin ar fáil do m’Oifig. | I recommended, amongst other things, that a work practice be introduced in the County Council within 8 weeks of the date of issue of the report on the investigation to deal in a correct and timely fashion with complaints in respect of breaches of language legislation and that a copy of that work practice should be provided to my Office. |
eclr:1507 | Imscrúdú seolta: 22 Meán Fómhair 2015 | Investigation launched: 22 September 2015 |
eclr:1508 | Tuarascáil eisithe: 24 Samhain 2015 | Report issued: 24 November 2015 |
eclr:1509 | Leagann na Rialacháin dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú gur i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge a bheidh a fógairtí taifeadta béil ón 1 Iúil 2013. | The Regulations place an obligation on public bodies to ensure that recorded oral announcements are in Irish or in English and Irish with effect from 1 July 2013. |
eclr:1510 | Rinne m’Oifig iarracht na gearáin seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil le hIarnród Éireann ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin comhréiteach a aimsiú. | My Office attempted to resolve these complaints informally with Iarnród Éireann but those attempts were unsuccessful. |
eclr:1511 | Dá bhrí sin, chonacthas dom nach raibh de rogha agam ach imscrúdú a thionscnamh sa chás le teacht ar fhionnachtana agus ar mholtaí, dá mba cuí. | It was apparent to me, therefore, that I had no choice but to initiate an investigation in order to make a finding on the matter, along with recommendations, if appropriate. |
eclr:1512 | Sheol mé litir chuig Príomhfheidhmeannach na heagraíochta ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid, nó rud den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe. | I issued a letter to the Chief Executive Officer of the organisation, seeking particular information and responses to certain questions as well as any information, record or item of that nature which related to the subject of the investigation. |
eclr:1513 | Thug Iarnród Éireann le fios go raibh sin amhlaidh toisc nárbh fhéidir teicneolaíocht a uasghrádú ar thraenacha DART agus i stáisiúin, ceal maoinithe. | Iarnród Éireann advised the investigation that this was the case as they could not upgrade the technology on DARTs and in stations due to a lack of funding. |
eclr:1514 | Thug an Príomhfheidhmeannach (PF) le fios go raibh iarrtha aige “athbhreithniú eile a dhéanamh ar na fógairtí béil ar thraenacha DART agus i stáisiúin faoi láthair chun an tAcht a chomhlíonadh a mhéid agus is féidir laistigh de shrianta na gcórais atá againn.” | The Chief Executive Officer (CEO) stated that he had requested that ‘another review be carried out on the oral announcements on DART trains and in stations at present to enable the Act to be fulfilled as far as possible under the current system restraints.’ (Translation) |
eclr:1515 | Anuas air sin, dhearbhaigh an PF go raibh sé beartaithe acu a gcórais eolais do chustaiméirí a uasghrádú agus go raibh staidéir féidearthachta déanta acu maidir leis sin. | The CEO confirmed also that it was intended to upgrade the customer information system and that a feasibility study had been undertaken in that respect. |
eclr:1516 | Dúradh go ndearnadh iarratas ar mhaoiniú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) i Meán Fómhair 2012 ach nach raibh aon mhaoiniú ar fáil faoi láthair. | It was stated that an application for funding had been made to the National Transport Authority (NTA) in September 2012 but that no funding was available at present. |
eclr:1517 | Cuireadh in iúl don Oifig go gcuirfí ar an eolas í faoin am a bheadh leagtha amach chun comhlíonadh a chinntiú dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí maoinithe. | The Office was advised that it would be informed as to the timetable that would be set out to ensure compliance if the situation with regard to funding changed. |
eclr:1518 | Dhúisigh an freagra ó Iarnród Éireann roinnt ceisteanna agus d’fhill mé air ag lorg soiléiriú ar roinnt ábhar, mar aon le hábhar tacaíochta. | The response from Iarnród Éireann raised a number of questions and I reverted to the organisation, seeking clarification on a number of issues, as well as supporting material. |
eclr:1519 | I bhfreagra ríomhphoist a seoladh chuig an mBainisteoir Imscrúdaithe thug PF Iarnród Éireann le fios gur infheistíocht chaipitil €107.5m agus €93.6m a cuireadh ar fáil don eagraíocht sna blianta 2014 agus 2015 faoi seach. | In an email response which was sent to the Investigations Manager, the CEO of Iarnród Éireann advised that capital investment of €107.5m and €93.6m had been provided to the organisation for 2014 and 2015 respectively. |
eclr:1520 | Thug an PF le fios gurbh iad ÚNI agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt na gníomhaireachtaí maoinithe atá ag Iarnród Éireann agus go gcaitear cloí leis na réimsí caiteachais a bhíonn ceadaithe dóibh. | The CEO advised that the NTA and the Department of Transport, Tourism and Sport are the funding agencies for Iarnród Éireann, and that the body must adhere to the spending fields permitted to it. |
eclr:1521 | De dheasca an chaillteanais shuntasaigh atá Iarnród Éireann a dhéanamh níl aon bhuiséad féinmhaoinithe ag an gcomhlacht d’infheistíocht chaipitil. | Iarnród Éireann has no internal capital funding as a result of the substantial losses being made by the organisation. |
eclr:1522 | I dteannta an chomhfhreagrais sin bhí sleachta as iarratas maoinithe Iarnród Éireann agus sleachta ón staidéar féidearthachta a bhí déanta ag an gcomhlacht ar an ábhar. | Excerpts from Iarnród Éireann’s capital funding application and feasibility study on the matter were included in this response. |
eclr:1523 | D’fhill mé an athuair ar Iarnród Éireann ag lorg cóip den litir dhiúltaithe a bhí luaite sa chéad fhreagra ón gcomhlacht chomh maith le costas iomlán an tionscnaimh. | I reverted to Iarnród Éireann seeking a copy of the rejection letter which was mentioned in the first response from the body as well as a total costing for the project. |
eclr:1524 | Tar éis roinnt cumarsáide ar an ábhar seo soiléiríodh dom, i ríomhphost dar dáta an 17 Meitheamh 2015, nach ndearna ÚNI aon ráiteas sonrach ag diúltú maoiniú don tionscnamh seo. | After some communication on this issue it was clarified for me in an email of 17 June 2015 that the NTA had not made any specific statement refusing funding for this project. |
eclr:1525 | Níor chuir Iarnród Éireann aon eolas breise ar fáil dúinn i dtaobh chostas an tionscnaimh, mar a bhí iarrtha. | Iarnród Éireann did not provide any further information as to the total cost of the project, as had been requested. |
eclr:1526 | Bhain an t-imscrúdú seo le húsáid na dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar fhógairtí taifeadta béil de chuid Iarnród Éireann. | This investigation concerned the use of the official languages, Irish and English, on recorded oral announcements made by Iarnród Éireann. |
eclr:1527 | Ní dhearna Iarnród Éireann aon chás nach ann do dhualgas reachtúil sa chás seo. | Iarnród Éireann did not make any case that a statutory obligation did not exist in this instance. |
eclr:1528 | Ba é seasamh Iarnród Éireann nárbh fhéidir an teicneolaíocht a uasghrádú ar thraenacha DART agus sna stáisiúin de thoradh easpa maoinithe. | Iarnród Éireann maintained that it could not upgrade the technology on DART trains and in stations due to a lack of funding. |
eclr:1529 | Thug sé le fios go raibh sé i gceist aige an t-uasghrádú sin a dhéanamh agus go raibh staidéar féidearthachta déanta aige chuige sin, ach nach raibh maoiniú ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair. | It advised that it intended to undertake the upgrade and that a feasibility study had been conducted to that end, but that no funding was available from the NTA. |
eclr:1530 | Chuir Iarnród Éireann sliocht as cóip den iarratas ar maoiniú a sheol sé chuig ÚNI i Meán Fómhair 2012 don tréimhse 2012-2016 ar fáil don imscrúdú mar léiriú ar a thiomantas don Acht. | Iarnród Éireann supplied the investigation with an excerpt from a copy of the application for funding for the period 2012-2016 which it had submitted to the NTA in September 2012 as an indication of its commitment to the Act. |
eclr:1531 | Cé go raibh an dualgas faoin Acht i dtaca le fógraí réamhthaifeadta luaite san iarratas, níor tugadh aon mhiondealú ar chostas measta an tionscnaimh, agus is ar cheist na comharthaíochta neamhghéilliúla is mó a bhí an t-iarratas dírithe. | Although the obligation under the Act in regard to recorded oral announcements was mentioned in the application, there was no breakdown given of estimated project costs and the application was directed mainly towards the question of non-compliant signage. |
eclr:1532 | Fiú sa chás sin, bhí Iarnród Éireann ag caint ar mhaoiniú do na comharthaí a cheartú a bheith leata thar thréimhse 10 mbliana agus é a bheith siarchoinnithe (backloaded) agus go mbeadh maolú á lorg i dtaca le cur i bhfeidhm na Rialachán. | Even in that case, Iarnród Éireann was proposing that funding to correct the signage would be spread over a period of 10 years and backloaded and that a derogation would be sought with regard to the implementation of the Regulations. |
eclr:1533 | Ba chóir a lua nach bhfuil an chumhacht ná an t-údarás ag an Oifig seo maolú den chineál sin a thabhairt. | It should be mentioned that this Office has neither the power nor the authority to grant a derogation of that nature. |
eclr:1534 | Cuireadh sliocht as an staidéar féidearthachta a rinneadh i Márta 2014 ar fáil don imscrúdú chomh maith. | An excerpt from the feasibility study which was undertaken in March 2014 was also supplied to the investigation. |
eclr:1535 | Arís, ní raibh aon mhiondealú déanta ar chostas an tionscnaimh, ná meastacháin tugtha ina leith. | Once again, there was no breakdown or estimate given of the cost of the project. |
eclr:1536 | Ba chosúil, áfach, ón eolas a cuireadh faoi bhráid an imscrúdaithe, nach ndeachaigh Iarnród Éireann i ngleic mar is ceart leis an gceist seo go dtí Meán Fómhair 2012 ar a luaithe, in ainneoin gur eisíodh na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (I.R. 391 de 2008) ar an 1 Deireadh Fómhair 2008. | It appeared, however, from the information provided to the investigation that Iarnród Éireann did not get to grips properly with the issue until September 2012, at the earliest, despite the fact that the Regulations under subsection 9(1) of the Official Languages Act 2003 (S.I. 391 of 2008) issued on 1 October 2008. |
eclr:1537 | Lena chois sin, de réir eolas a chuir Iarnród Éireann faoi bhráid an imscrúdaithe, ceadaíodh €107.5m d’infheistíocht chaipitil don bhliain 2014 agus €93.5m don bhliain 2015 agus ní raibh aon chuid den airgead seo curtha ar fáil leis an dualgas reachtúil seo a chomhlíonadh. | Also, according to information supplied by Iarnród Éireann to the investigation, €107.5m in capital investment was granted in 2014 and €93.5m in 2015, but none of this money was provided to implement this statutory obligation. |
eclr:1538 | Cé go n-aithním an dearbhú ó Iarnród Éireann go raibh siad féin ag obair ar chaillteanas suntasach agus nach raibh siad in acmhainn, dá bhrí sin, maoiniú caipitil a chur ar fáil, is léir gur faoi Iarnród Éireann a bhí sé cás a dhéanamh don mhaoiniú sin leis an Roinn Iompair agus le ÚNI. | Although I recognise the statement from Iarnród Éireann that it was operating at a substantial loss and that it was therefore unable to provide capital funding, it is apparent that it was up to Iarnród Éireann to make the case for that funding to the Department of Transport and the NTA. |
eclr:1539 | Níor cuireadh aon fhianaise faoi mo bhráid go ndearna Iarnród Éireann aon chás ar leith don mhaoiniú seo, nó gur thug sé le fios ag aon phointe do ÚNI gur tosaíocht dó é i measc na n-ábhar a raibh iarratas ar mhaoiniú déanta ina leith. | No evidence was presented to me that Iarnród Éireann made any specific case for this funding, nor did it make it clear at any point that this was a priority for it amongst the items for which an application for funding was made. |
eclr:1540 | Ar deireadh thiar thall, is faoi Iarnród Éireann atá sé a chinntiú go gcloítear le reachtaíocht na tíre sa chás seo agus is faoi siúd atá sé na tosaíochtaí a leagan síos agus an cás is láidre is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirtear an maoiniú ar fáil dó chuige sin. | At the end of the day, it is a matter for Iarnród Éireann to ensure that the legislation of the country is adhered to in this case and it is up to it to set out the priorities and to make the strongest possible case to ensure that funding is provided to it for this purpose. |
eclr:1541 | Mar a dúradh in imscrúdú a rinne an Oifig seo ar Iarnród Éireann sa bhliain 2008, is léir go n-éilíonn Iarnród Éireann go ginearálta go gcomhlíonfadh paisinéirí a ndualgais agus iad ag taisteal ar thurais traenach, go háirithe an dualgas táille chuí a íoc mar mhalairt ar chearta taistil. | As was said during a previous investigation on Iarnród Éireann in 2008, it is apparent that Iarnród Éireann seeks in general that passengers fulfil their obligations when they are making a train journey, specifically the obligation to pay a fee in exchange for travel rights. |
eclr:1542 | Caithfidh Iarnród Éireann a dhualgais féin a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá daingnithe sa dlí ag an Oireachtas, agus ina measc na Rialacháin faoi fho-alt 9(1) i dtaca le fógairtí taifeadta béal. | Iarnród Éireann must fulfil its own obligations, especially those which are enshrined in law by the Oireachtas, which include the Regulations under subsection 9(1) in respect of recorded oral announcements. |
eclr:1543 | Mhol an t-imscrúdú gan dochar don dualgas reachtúil a bhí ann go mbeadh na fógairtí taifeadta béil seo i nGaeilge nó dátheangach láithreach, go gcuirfeadh Iarnród Éireann plean céimnithe cuimsitheach in áit laistigh de 6 mhí ó dháta eisithe na tuarascála imscrúdaithe le dul i ngleic le ceartú a dhéanamh ar na fógairtí taifeadta béil, go gcuirfí i bhfeidhm an plean ar bhonn céimnithe sa tréimhse is giorra ab fhéidir sin a dhéanamh ach go mbeadh gach fógairt acu ceartaithe ar a dheireanaí ar fad laistigh de thréimhse 2 bhliain ó dháta na tuarascála sin. | The investigation recommended, without prejudice to the statutory obligation which existed that these recorded oral announcements be made in Irish or bilingually immediately, that Iarnród Éireann would put a comprehensive graduated plan in place within 6 months of the date of issue of the report on the investigation to address the issue of the correction of the recorded oral announcements, and that the plan would be implemented on a graduated basis in the shortest time possible, but that every announcement would be corrected at the latest within 2 years of the issue of the report. |
eclr:1544 | Imscrúdú seolta: 31 Nollaig 2014 | Investigation launched: 31 December 2014 |
eclr:1545 | Tuarascáil eisithe: 10 Meán Fómhair 2015 | Report issued: 10 September 2015 |
eclr:1546 | Tá an t-údarás agus na cumhachtaí cuí chuige seo tugtha dom mar Choimisinéir Teanga faoin Acht; baineann sé seo le cásanna inar dóigh liom gur theip ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoin Acht, agus baineann sé fosta le haon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge. | As Coimisinéir Teanga, I have been given the relevant authority and powers under the Act to carry out investigations, not only in cases where I suspect that public bodies have failed to comply with their statutory obligations under the Act, but also under any provisions of any other enactments which relate to the status or use of Irish. |
eclr:1547 | Is féidir imscrúdú a dhéanamh a bheadh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó ar mo thionscnamh féin. | An investigation may be conducted based on a complaint from an individual, at the request of the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, or on my own initiative. |
eclr:1548 | Is próiseas foirmiúil é an córas imscrúdaithe a thógann cuid mhaith ama agus acmhainní ar an gcomhlacht poiblí a bhíonn i gceist agus ar m’Oifigse. | The investigation process is a formal procedure, the completion of which may require a substantial amount of time and resources from both the public body concerned and my Office. |
eclr:1549 | Dá bhrí sin, is iondúil go ndéantar iarracht an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán na hOifige. | As a result, efforts are usually made to resolve the complaint in the first instance through the informal complaints resolution procedure operated by the Office. |
eclr:1550 | Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí agus ar dhaoine ar leith ar oifigigh de chuid comhlachtaí poiblí iad comhoibriú leis an imscrúdú agus faisnéis nó taifid dá gcuid a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a thabhairt dom. | Public bodies and individuals who are officials of public bodies have a statutory obligation to cooperate with the investigation and to provide me with information or records they may have which relate to the subject of the investigation. |
eclr:1551 | Is iondúil go n-iarrtar tuairisc i scríbhinn maidir leis an ábhar ar an gcomhlacht poiblí chomh maith. | A written report on the matter is usually requested from the public body also. |
eclr:1552 | Má iarraim ar aon duine ar leith teacht i mo láthair le faisnéis ó bhéal a thabhairt, tá an duine sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna is a bheadh ag finné os comhair na hArd-Chúirte. | If I require any person to attend before me to provide information orally, such person is entitled to the same immunities and privileges as a witness before the High Court. |
eclr:1553 | Déantar foráil san Acht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú comhoibriú le himscrúdú, as loiceadh ina d(h)ualgas comhoibriú le himscrúdú nó as bac a chur le hobair imscrúdaithe. | The Act provides for a fine not exceeding €2,000 and/or imprisonment for a term not exceeding 6 months for a person convicted of failing or refusing to cooperate with an investigation or who hinders or obstructs such an investigation. |
eclr:1554 | Is féidir imscrúdú a sheoladh i gcásanna ina líomhnaítear gur theip ar chomhlacht poiblí a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaca le: | An investigation may be conducted in cases where it is alleged that a public body failed to comply with its statutory obligations in respect of: |
eclr:1555 | · Forálacha díreacha an Achta; | • Direct provisions of the Act; |
eclr:1556 | · Rialacháin atá déanta faoin Acht; | • Regulations made under the Act; |
eclr:1557 | · Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht; | • A language scheme confirmed under the Act; |
eclr:1558 | · Aon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge. | • Any provision of any other enactment relating to the status or use of Irish. |
eclr:1559 | Ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht. | An “enactment” is defined as a statute or an instrument made under a power conferred by a statute. |
eclr:1560 | Tá dualgas reachtúil orm faoin Acht tuarascáil a eisiúint chuig na páirtithe cuí i gcás ina seolaim imscrúdú. | I am statutorily obliged under the Act to issue a report to the relevant parties in cases where I have conducted an investigation. |
eclr:1561 | Bíonn mo chinneadh i leith an ghearáin agus na moltaí cuí sa tuarascáil sin. | My decision on the complaint and the relevant recommendations are included in that report. |
eclr:1562 | Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh laistigh de cheithre seachtaine. | An appeal may be made to the High Court on a point of law against the decision within a period of four weeks. |
eclr:1563 | Seoladh sé imscrúdú nua le linn 2015. | A total of six new investigations were commenced in 2015. |
eclr:1564 | Bhí cúig imscrúdú neamhchríochnaithe ann a tugadh ar aghaidh ó 2014. | Five uncompleted investigations was carried forward from 2014. |
eclr:1565 | Mar sin, bhí aon imscrúdú dhéag idir lámha le linn na bliana 2015 agus críochnaíodh naoi gcinn acu sin faoi dheireadh na bliana. | Consequently, there were eleven investigations in hand during 2015 and nine of those investigations had been completed by the end of the year. |
eclr:1566 | Dá bhrí sin, tá achoimre ar naoi n-imscrúdú sa Tuarascáil seo. | Therefore, summaries are provided in this Report of nine investigations. |
eclr:1567 | Líon na nImscrúduithe 2014 2015 | Number of Investigations 2014 2015 |
eclr:1568 | Tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe 1 5 | Brought forward from previous year 1 5 |
eclr:1569 | Imscrúduithe seolta 7 6 | Investigations launched 7 6 |
eclr:1570 | Iomlán idir lámha 8 11 | Total in hand 8 11 |
eclr:1571 | Tugtha ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile 5 2 | Brought forward to next year 5 2 |
eclr:1572 | Achoimrí atá iontu ar na tuarascálacha oifigiúla a eisíodh i nGaeilge de réir alt 26 den Acht chuig na páirtithe cuí de thoradh na n-imscrúduithe. | They are summaries of the official reports issued in accordance with section 26 of the Act to the relevant parties in Irish as a result of the investigations. |
eclr:1573 | Is sna tuarascálacha oifigiúla sin, agus iontu sin amháin, atá na tuairiscí údarásacha ar na himscrúduithe. | It is in those official reports, and in those reports alone, that the authoritative accounts of investigations may be found. |
eclr:1574 | RÁITEAS MISIN | MISSION STATEMENT |
eclr:1575 | “Ag cosaint cearta teanga” | “Protecting Language Rights” |
eclr:1576 | Seirbhís neamhspleách ar ardchaighdeán a chur ar fáil i gcomhlíonadh ár ndualgas reachtúil le cinntiú go ndéanann an státchóras beart de réir a bhriathair maidir le cearta teanga. | To provide an independent quality service whilst fulfilling our statutory obligations to ensure state compliance in relation to language rights. |
eclr:1577 | Cothrom na Féinne a chinntiú do chách trí ghearáin maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a láimhseáil ar bhealach atá éifeachtach, gairmiúil agus neamhchlaon. | To ensure fairness for all by dealing in an efficient, professional and impartial manner with complaints regarding difficulties in accessing public services through the medium of Irish. |
eclr:1578 | Eolas soiléir, cruinn a chur ar fáil: | To provide clear and accurate information: |
eclr:1579 | • don phobal maidir le cearta teanga, | • to the public in relation to language rights, |
eclr:1580 | agus | and |
eclr:1581 | • do chomhlachtaí poiblí maidir le dualgais teanga. | • to public bodies in relation to language obligations. |
eclr:1582 | Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla | FINANCIAL STATEMENTS |
eclr:1583 | CLÁR | CONTENTS |
eclr:1584 | Tuairisc an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na Ráitis Airgeadais 3 | Report of the Comptroller and Auditor General on the Financial Statements 3 |
eclr:1585 | Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach Airgeadais 4 | Statement on Internal Financial Controls 4 |
eclr:1586 | Ráiteas ar Chúraimí an Choimisinéara Teanga 5 | Statement of Responsibilities of An Coimisinéir Teanga 5 |
eclr:1587 | Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta 6 | Statement of Accounting Policies 6 |
eclr:1588 | Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais 9 | Balance Sheet as at 31 December 2013 8 |
eclr:1589 | Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla | Notes to the Financial Statements 9 |
eclr:1590 | Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach Airgeadais | Statement on Internal Financial Controls |
eclr:1591 | Freagracht maidir leis an gCóras um Rialú Inmheánach Airgeadais | Responsibility for the System of Internal Financial Controls |
eclr:1592 | Oifig bheag in aonad amháin is ea Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. | Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla is a small office in one unit. |
eclr:1593 | Tá naíonúr ball foirne ceadaithe don Oifig, ar a n-áirítear an Coimisinéir Teanga agus ochtar státseirbhíseach. | A staff complement of nine is sanctioned for the Office including An Coimisinéir Teanga and eight civil servants. |
eclr:1594 | Bhí dhá fholúntas foirne ann ag deireadh na bliana 2013. | There were two staff vacancies at the end of 2013. |
eclr:1595 | Is ormsa, mar Choimisinéir Teanga, a thiteann an fhreagracht a chinntiú go bhfuil córas éifeachtach in áit agus á chur i bhfeidhm maidir le rialú inmheánach. | The responsibility for ensuring that an effective system of internal controls is maintained and operated falls to myself, as An Coimisinéir Teanga. |
eclr:1596 | Ní féidir leis an gcóras sin ach cinnteacht réasúnta, agus ní cinnteacht iomlán, a thabhairt go bhfuil na sócmhainní sábháilte, go bhfuil bearta údaraithe agus taifead ceart déanta orthu, agus go bhfuil bac ar bhotúin thábhachtacha nó mírialtachtaí, nó go dtabharfaí faoi ndeara iad in am cuí. | The system can only provide reasonable and not absolute assurance that assets are safeguarded, transactions authorised and properly recorded, and that material errors or irregularities are either prevented or would be detected in a timely period. |
eclr:1597 | Braitheann an Oifig ar chóras pá-rolla na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, a mbaineann a córais rialúcháin le pá-rolla na hOifige. | The Office relies on the payroll system of the Department of Justice and Equality, whose control systems apply to the Office payroll. |
eclr:1598 | 1. | This includes: |
eclr:1599 | Meastacháin bhliantúla agus ráithiúla ina leagtar síos an soláthar atá de dhíth don tréimhse amach romhainn. | · Annual and quarterly estimates which specify the supply needed for the coming period. |
eclr:1600 | Déantar comparáid ag an am seo idir an caiteachas measta agus an caiteachas iarbhír. | Comparisons are made at this time between estimated and actual expenditure. |
eclr:1601 | Tá cuntasóir cairte ag cur seirbhís iniúchta inmheánaigh ar fáil ar bhonn conartha. | Internal audit services are provided on a contract basis by a chartered accountant. |
eclr:1602 | Rinneadh iniúchadh inmheánach le linn na bliana 2013. | An internal audit took place during 2013. |
eclr:1603 | Bhí Coiste Iniúchta ag feidhmiú chomh maith, ar a raibh Stiúrthóir na hOifige, mar aon le beirt bhall sheachtracha. | This Office has also put in place an Audit Committee, consisting of the Office Director and two external members. |
eclr:1604 | Faoi mhír 8(1) den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá dualgas ar an gCoimisinéir Teanga na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí, agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a choimeád, i cibé foirm a cheadóidh an tAire. | Under paragraph 8(1) of the Second Schedule of the Official Languages Act 2003, An Coimisinéir Teanga is obliged to keep, in such form as may be approved of by the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, all proper and usual accounts of all moneys received or expended by him or her and all such special accounts (if any) as the Minister may direct. |
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.