id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:3005
D’aithin Bus Átha Cliath a chuid dualgas faoin Acht Iompair, 1950 agus an tiomantas a tugadh do m’Oifig sa bhliain 2013 agus dúirt go raibh sé ag brú an tionscadail seo chun cinn agus go n-áireofaí é ina iarratas chuig ÚNI ar mhaoiniú caipitil don bhliain 2015.
Bus Átha Cliath recognised its obligations under the Transport Act 1950 and the commitment given to my Office in 2013 and stated that the organisation was progressing this project and that it would be included in the application to the NTA for capital funding for the company for 2015.
eclr:3006
Chuir an comhlacht roinnt cáipéisí tacaíochta ar fáil don imscrúdú inar léiríodh an teagmháil leanúnach a bhí aige leis na conraitheoirí i dtaca leis an ábhar seo.
The organisation provided some supporting documentation to the investigation, demonstrating the continual contact with the contractor on the matter.
eclr:3007
Dhúisigh an freagra seo ó Bhus Átha Cliath roinnt ceisteanna eile don imscrúdú a cuireadh faoi bhráid Bhus Átha Cliath.
This response from Bus Átha Cliath raised a number of other questions for the investigation which were put to Bus Átha Cliath.
eclr:3008
Mar fhreagra ar na ceisteanna sin, thug Bus Átha Cliath le fios gur soláthraíodh €23.5 milliún i maoiniú caipitil do Bhus Átha Cliath in 2014 agus go soláthraíonn Bus Átha Cliath sciar beag caipitil óna chuid acmhainní féin.
In response to those questions, Bus Átha Cliath informed the investigation that it had received €23.5 million in capital funding in 2014, and that Bus Átha Cliath provides some small amount of capital funding from its own resources.
eclr:3009
Dhearbhaigh an comhlacht go n-áiríonn a iarratas ar chaipiteal mionsonraí na dtionscadal a bhfuil i gceist ag an gcuideachta tabhairt fúthu, lena n-áirítear an costas a bheidh i gceist le gach tionscadal, agus go sonraíonn ÚNI ina fhreagra na tionscadail a bhfuil maoiniú bronnta aige ina leith.
The company confirmed that its application for capital funding includes the details of all projects which the company intends to undertake, including the cost of every project, and that the NTA specifies in its response what projects the funding is being allocated for.
eclr:3010
I dtaca le tionscadal na gcóras ticéadaithe, dhearbhaigh Bus Átha Cliath go bhféadfadh ÚNI tionscadail na gcóras ticéadaithe a mhaoiniú faoin gconradh Oibreora Seirbhíse Poiblí (PSO) reatha, ach gur dhiúltaigh sé sin a dhéanamh ina fhreagra ar iarratas maoinithe 2014.
In respect of the ticketing system project, Bus Átha Cliath confirmed that it was possible for the NTA to fund such a project under the current Public Service Operator (PSO) contract, but that it had refused to do so in its response to the 2014 application for capital funding.
eclr:3011
Thug Bus Átha Cliath le fios go raibh sé beartaithe aige an tionscadal a mhaoiniú ó acmhainní Bhus Átha Cliath féin agus go raibh sé curtha san áireamh i mbuiséad an chaiteachais caipitil don bhliain 2015.
We were advised by Bus Átha Cliath that it proposed funding the project from its own resources and that it was included in the capital expenditure budget for 2015.
eclr:3012
Ghlac Bus Átha Cliath leis go neamhbhalbh ón tús go raibh sárú reachtúil i gceist sa chás seo, agus d’fháiltigh mé roimhe sin.
It was accepted without question by Bus Átha Cliath from the start that there was a breach of legislation in this case, and I welcomed that.
eclr:3013
Ach in ainneoin an dualgas reachtúil sin a bheith orthu, ní dhearna Bus Átha Cliath aon tairiscint don imscrúdú ina chéad fhreagra a thabharfadh le fios go gcomhlíonfaí an dualgas reachtúil sin in achar réasúnta ama.
But despite that legal obligation, Bus Átha Cliath did not make any offer in its first response to the investigation that would lead one to believe that the matter would be addressed in any reasonable length of time.
eclr:3014
Thairg Bus Átha Cliath go n-áireofaí an tionscadal ina iarratas chuig an Údarás Náisiúnta Iompair ar mhaoiniú caipitil don bhliain 2015.
Bus Átha Cliath offered to include the project in its application to the NTA for capital funding for 2015.
eclr:3015
Ach mar a tugadh le fios don imscrúdú i gcás iarratas na bliana 2014, ní gá go mbeadh rath ar an iarratas sin, agus go deimhin, nuair a fiosraíodh an cheist leis a thuilleadh, tugadh le fios gur dhiúltaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair d’iarratas ó Bhus Átha Cliath ar an ábhar siar sa bhliain 2013, gur thug sé le fios nach mbeadh sé sásta deontas a thabhairt don tionscnamh, agus gur áitigh sé gur thit géilliúlacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus leis na hIonstraimí Reachtúla agus na Rialacháin a bhaineann leis faoi dhlínse Bhus Átha Cliath agus go n-áirítear san fhóirdheontas a íocann an tÚdarás le Bus Átha Cliath géilliúlacht le dualgais reachtúla.
But as was advised to the investigation in respect of the 2014 capital funding application, it was not in any way certain that that application would be successful, and in fact, when the question was investigated further, it came to light that the NTA had refused the funding request back in 2013, that it had advised Bus Átha Cliath that it would not be prepared to provide funding for the project and that the NTA had claimed that compliance with the Official Languages Act and the relevant Statutory Instruments and Regulations was a matter for Bus Átha Cliath and that the subvention paid by the NTA to Bus Átha Cliath included compliance with legal obligations.
eclr:3016
Tugadh le fios sa dara litir ó Bhus Átha Cliath, áfach, go raibh sé beartaithe anois go ndéanfaí an tionscadal a mhaoiniú as acmhainní Bhus Átha Cliath féin agus go raibh sé curtha san áireamh i mbuiséad an chaiteachais caipitil don bhliain 2015.
In the second letter to the investigation from Bus Átha Cliath, however, we were advised that it had now been decided that the project would be funded from Bus Átha Cliath’s own resources and that it had been included in the capital expenditure budget for 2015.
eclr:3017
Níor mhiste liom a rá, cé gur tuigeadh dúinn go bhfuil riachtanais eile i gceist as an maoiniú caipitil a chuirtear ar fáil do Bhus Átha Cliath, gur léir go raibh tosaíocht á leagan amach ag Bus Átha Cliath don mhaoiniú caipitil sin, agus nach raibh ardtosaíocht á tabhairt don obair seo, a raibh dualgas reachtúil sainiúil ar Bhus Átha Cliath ina leith.
I would like to note that although we appreciate that there are other calls on the capital funding which is provided to Bus Átha Cliath, that it was apparent that priorities were being set out for that expenditure, and that a high priority was not being given to this work, despite the specific legal obligation on Bus Átha Cliath in its respect.
eclr:3018
Chonacthas dúinn go raibh tús áite tugtha, mar shampla, don chóras taispeána dátheangaí um Fhaisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí thar an gcóras ticéadaithe dhátheangaigh.
We noted, for example, that priority was given to the bilingual system of Real-time Information for Passengers, over the provision of bilingual tickets.
eclr:3019
Cé gur maith ann don chóras seo, ní fhacthas dúinn go raibh aon dualgas reachtúil ar Bhus Átha Cliath a leithéid de chóras a sholáthar.
Although we welcome the Real-time Information system, we were not aware of any specific legal obligation on Bus Átha Cliath to provide such a system.
eclr:3020
Níor léir ar chor ar bith gur leor fadhbanna le córais ticéadaithe mar leithscéal le mianta an Oireachtais atá daingnithe i ndlí a mhaolú, a mhoilliú nó a chur go leataobh.
It was not in any way apparent that difficulties with the ticketing system were any way sufficient as an excuse to reduce, delay or set aside the wishes of the Oireachtas, as specified in legislation.
eclr:3021
Bhí an riachtanas i leith an dátheangachais in alt 57(2) den Acht Iompair i bhfeidhm sula raibh coimisiúnú á dhéanamh ar aon chóras don obair seo agus ba cheart an riachtanas sin a bheith tugtha san áireamh nuair a bhí córas ticéadaithe á roghnú sa bhliain 2006.
The bilingual requirement in section 57(2) was in effect long before any work was commissioned on this project and that requirement should have been included when a ticketing system was being selected in 2006.
eclr:3022
Ba léir go ndearna Bus Átha Cliath cinneadh comhfhiosach siar sa bhliain 2006 dul chun cinn le córas ticéadaithe nach raibh i gcomhréir leis an reachtaíocht, ainneoin an reachtaíocht sin a bheith ar an bhfód ón mbliain 1950.
It was apparent that Bus Átha Cliath made an informed decision in 2006 to proceed with a ticketing system that was not in compliance with the legislation, despite that legislation being in place since 1950.
eclr:3023
Níorbh fhéidir, mar sin, glacadh le hargóintí an chomhlachta maidir le ganntanas airgid leis an scéal a chur ina cheart.
The company’s arguments in respect of money shortages could not, therefore, be accepted.
eclr:3024
Is léir go n-éilíonn Bus Átha Cliath go ginearálta go gcomhlíonfadh paisinéirí a ndualgais agus iad ag taisteal ar thurais bhus, ach go háirithe an dualgas táille chuí a íoc mar chúiteamh ar chearta taistil.
Bus Átha Cliath seeks in general that passengers comply with their obligations when travelling on buses, specifically the obligation to pay the correct sum in respect of the right to travel.
eclr:3025
Caithfidh Bus Átha Cliath a dhualgais féin a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá daingnithe sa dlí ag an Oireachtas, alt 57(2) den Acht Iompair, 1950 ina measc.
Bus Átha Cliath must comply with its own obligations, especially those confirmed in law by the Oireachtas, including section 57(2) of the Transport Act 1950.
eclr:3026
Ghlac mé leis an dearbhú a thug Bus Átha Cliath go n-áireofaí tionscadal an chórais ticéadaithe i gClár Caipitil 2015.
I accepted the assertion given by Bus Átha Cliath that the ticketing system project would be included in the Capital Programme for 2015.
eclr:3027
Ar an mbonn sin, mhol mé, gan dochar don dualgas iomlán a mheas mé a bheith i gceist, go gcinnteodh Bus Átha Cliath go dtógfaí na céimeanna cuí a luaithe agus is féidir chun go gcloífeadh an comhlacht feasta leis an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe in alt 57(2) den Acht Iompair, 1950 trí chinntiú go mbeidh na ticéid phaisinéara ab ábhar don imscrúdú seo clóbhuailte i nGaeilge go hiomlán nó dátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla) go hiomlán.
On that basis I recommended, without prejudice to the full obligation, that Bus Átha Cliath take appropriate steps as soon as possible so that the company adheres henceforth to the statutory language obligation enshrined in section 57(2) of the Transport Act 1950 by ensuring that the passenger tickets which were the subject of this investigation are printed wholly in Irish or wholly bilingually (in Irish and English).
eclr:3028
Mhol mé gur chóir plean réalaíoch le spriocanna cinnte ama a ullmhú agus a chur i bhfeidhm leis an méid seo a bhaint amach agus go leagfaí cóip den phlean céimnithe sin faoi bhráid na hOifige seo a luaithe agus is féidir, ach ar a dhéanaí laistigh de dhá mhí ó dháta na tuarascála seo.
I recommended that a realistic plan with definite deadlines to achieve this target should be prepared and implemented and that a copy of that graduated plan would be laid before this Office as soon as possible, but at the latest within two months of the date of this report.
eclr:3029
Mhol mé chomh maith go mbeadh dualgais reachtúla teanga áirithe in aon chinntí atá á ndéanamh faoi chaiteachas caipitil i mBus Átha Cliath feasta.
I also recommended that statutory language obligations be taken into account in future when decisions are being made by Bus Átha Cliath in respect of capital expenditure.
eclr:3030
Ní miste liom buíochas a ghlacadh le Bus Átha Cliath as an gcomhoibriú iomlán a chuir sé ar fáil don imscrúdú; is mór agam an comhoibriú sin.
I would like to thank Bus Átha Cliath for its cooperation with the investigation, which was much appreciated.
eclr:3031
Imscrúdú seolta: 18 Meitheamh 2014
Investigation launched: 18 June 2014
eclr:3032
Tuarascáil eisithe: 21 Deireadh Fómhair 2014
Report issued: 21 October 2014
eclr:3033
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Health Service Executive
eclr:3034
Léirigh imscrúdú a rinneadh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur sháraigh an Fheidhmeannacht na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9(1) & 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus í i mbun cumarsáide le tuismitheoirí agus caomhnóirí daltaí bunscoile i gceantar Gaeltachta Dhún na nGall i dtaca le seirbhísí fiaclóireachta.
An investigation found that the Health Service Executive failed to comply with the statutory language obligations which are set out in subsections 9(1) and 9(3) of the Official Languages Act 2003 whilst communicating with parents and guardians of primary school pupils in the Donegal Gaeltacht in respect of dental services.
eclr:3035
Rinne tuismitheoir dalta i scoil Ghaeltachta i nDún na nGall gearán le m’Oifig i nDeireadh Fómhair 2014 gur i mBéarla amháin a eisíodh litir chuig tuismitheoirí/caomhnóirí gach dalta i rang a haon, rang a ceathair agus rang a sé sa scoil sin, chun faisnéis a thabhairt i dtaca le scrúdú fiaclóireachta a bhí le cur ar na daltaí.
The parent of a pupil in a Gaeltacht school in Donegal complained to the Office in October 2014 that a letter which issued to the parents/guardians of every pupil in first class, fourth class and sixth class in that school, to furnish information about a dental examination which was to be provided for pupils, was in English only.
eclr:3036
Ba chás leis an ngearánach chomh maith gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar an litir sin.
The parent also noted that the headings of stationery on the letter were in English only.
eclr:3037
Dhearbhaigh an gearánach dúinn, áfach, go raibh foirm dhátheangach in éineacht leis an gcumarsáid.
The complainant confirmed, however, that a bilingual form had issued with the communication.
eclr:3038
Bhí an cheist seo tarraingthe anuas cheana ag an Oifig seo leis an bhFeidhmeannacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2013.
This question had been raised previously by the Office with the Executive in October 2013.
eclr:3039
Tugadh le fios do m’Oifig mar fhreagra ar an ngearán sin go n-eiseofaí an téacs i nGaeilge agus i mBéarla ar gach litir chaighdeánach maidir le coinní agus chuig na scoileanna, agus go n-athrófaí na ceannteidil ar an stáiseanóireacht.
The Office had been advised in response to this complaint that the text would be in Irish and English in every standard letter to do with appointments and in every standard letter issued to the schools, and that the headings would be amended on the stationery.
eclr:3040
Anuas air sin, tugadh le fios don Oifig go raibh na litreacha á n-eisiúint go huathoibríoch ón gcóras ‘Exact’ i nDún na nGall agus i Sligeach/Liatroim, agus nár leagadh an clár seo amach ag an tús le tacú le téacs i nGaeilge.
The Office was also advised that letters were issuing automatically from the ‘Exact’ system in Donegal and in Sligo/Leitrim, and that the programme had not been designed to accommodate text in Irish from the start.
eclr:3041
Cuireadh in iúl don Oifig go mbeadh leagan náisiúnta den chlár ‘Exact’, ‘Software of Excellence Health’ (SoEL Health), á chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta go luath agus go raibh an Fheidhmeannacht ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh an leagan náisiúnta tacú leis an nGaeilge.
The Office was informed that the national version of the ‘Exact’ programme, ‘Software of Excellence Health’ (SoEL Health) was to be implemented shortly throughout the organisation and that the Executive was trying to find out whether the national version could support Irish text.
eclr:3042
D’fhilleamar ar an bhFeidhmeannacht i mí Feabhra 2014 nuair a eisíodh litir choinne i mBéarla amháin ar stáiseanóireacht le ceannteidil i mBéarla ó na seirbhísí fiaclóireachta, in ainneoin a raibh geallta.
We reverted to the Executive in February 2014 when an appointment letter issued from the dental services in English only on stationery with English only headings, despite previous commitments received.
eclr:3043
Cuireadh in iúl do m’Oifig ar an 5 Márta gur eisíodh an litir choinne i nGaeilge a luaithe is a fuair an Fheidhmeannacht an chasaoid, go raibh na litreacha coinne á n-eisiúint i mBéarla de bharr an chórais teicneolaíochta faisnéise (TF) agus go raibh an Príomh-Fhiaclóir tar éis treoir a thabhairt don fhoireann páipéir le ceannteidil dhátheangacha a chur isteach sa phrintéir.
The Office was advised on 5 March that the appointment letter was issued in Irish as soon as the complaint was received by the Executive, that the appointment letters were issued in English only because of the IT system and that the Chief Dentist had given an instruction to staff to ensure that paper with bilingual headings should be inserted into the printer.
eclr:3044
Cuireadh in iúl dúinn chomh maith gur tugadh treoir don fhoireann foirmeacha toilithe dátheangacha a sheoladh chuig tuismitheoirí na spriocranganna i ngach bunscoil i nDún na nGall agus gur chóir litir choinne a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla sa chás go líonfadh an tuismitheoir an leagan Gaeilge.
We were also informed that an instruction was given to staff to issue bilingual permission forms to all primary schools in Donegal and that appointment letters should issue in Irish and English where the parents completed the permission slip in Irish.
eclr:3045
D’iarr m’Oifig soiléiriú ar an bhfreagra seo ar an 6 Márta agus arís ar an 2 Iúil agus ar an 19 Lúnasa, i bhfianaise an fhreagra a cuireadh ar fáil ar an ngearán deireanach go n-eiseofaí an téacs i nGaeilge agus i mBéarla ar gach litir chaighdeánach maidir le coinní agus chuig na scoileanna, agus go n-athrófaí na ceannteidil ar an stáiseanóireacht agus mar nach raibh sé soiléir ón bhfreagra an raibh na litreacha le heisiúint tríd an gcóras nua ‘SoEL Health’, agus má bhí, an raibh ar chumas an chórais sin litreacha dátheangacha a eisiúint.
My Office requested clarification on 6 March, and again on 2 July and 19 August, in light of the response to the previous complaint that the text would be in Irish and English in every standard letter regarding appointments and to the schools, and that the headings would be amended on the stationery, as it was not clear if the letters were to be issued through the new system ‘SoEL Health’ and if so, had that system the ability to issue bilingual letters.
eclr:3046
I bhfreagra dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2014, seoladh cóip de mheamram chugainn a d’eisigh an Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta chuig baill foirne ar an 3 Meitheamh 2014, ag tabhairt treorach go gcaithfí cloí leis na dualgais reachtúla faoin Acht.
In a response dated 14 October 2014, we were sent a copy of a memorandum which the Deputy National Director had issued to staff members on 3 June 2014, giving an instruction that statutory obligations under the Act must be adhered to.
eclr:3047
D’fhilleamar ar an bhFeidhmeannacht ar an 15 Deireadh Fómhair ag lorg soiléiriú faoin gcóras EXACT.
We reverted to the Executive on 15 October seeking clarification about the ‘EXACT’ system.
eclr:3048
Níor cuireadh an soiléiriú sin ar fáil dúinn.
No such clarification was provided.
eclr:3049
Ar an 30 Deireadh Fómhair 2014, fuair m’Oifig gearán nua go raibh litir i mBéarla ar stáiseanóireacht le ceannteidil Bhéarla amháin eisithe athuair ag an bhFeidhmeannacht i dtaca le scrúdú fiaclóra chuig tuismitheoirí /caomhnóirí daltaí scoile Gaeltachta – an litir chéanna ab ábhar gearáin i nDeireadh Fómhair 2013.
On 30 October 2014, my Office received a new complaint that the Executive had once again issued a letter in English only to parents/guardians of primary school pupils in a Gaeltacht school, on stationery with headings in English only – the same letter which was subject to a complaint in October 2013.
eclr:3050
Tá Rialacháin eisithe i dtaca le húsáid na dteangacha oifigiúla ar cheannteidil stáiseanóireachta ón mbliain 2008 (IR 391 de 2008), faoi fho-alt 9(1) den Acht.
Regulations have been issued in respect of the use of the official languages on headings of stationery from 2008 (S.I. 391 of 2008), under subsection 9(1) of the Act.
eclr:3051
Faoi na Rialacháin sin, ní mór do cheannteideal stáiseanóireachta a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.
Headings of stationery must be in Irish or in Irish and in English according to those Regulations.
eclr:3052
Seo mar atá daingnithe i bhfo-alt 9(3) den Acht i dtaca le cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne:
The following is specified in subsection 9(3) of the Act in respect of communication with the public in general:
eclr:3053
“I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.”
“Where a public body communicates in writing or by electronic mail with the general public or a class of the general public for the purpose of furnishing information to the public or the class, the body shall ensure that the communication is in the Irish language or in the English and Irish languages.”
eclr:3054
Chinn mé, i bhfianaise an méid seo, gur ghá dom tabhairt faoi imscrúdú ar an ábhar chun teacht ar fhionnachtana sa chás agus moltaí a dhéanamh ina leith, dá mba chuí.
I decided, in light of the above, that an investigation was warranted to enable me to make findings in the case and to make recommendations on the matter, if appropriate.
eclr:3055
Sa fhreagra ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ghlac an Fheidhmeannacht leis gur sháraigh sí fo-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chás seo.
The Health Service Executive accepted in its response to the investigation that it had breached both subsection 9(1) and subsection 9(3) in this particular case.
eclr:3056
Mar mhíniú agus mar leithscéal, thug an Fheidhmeannacht le fios go seoltar réimse cáipéisí chuig an bpobal i staideanna éagsúla ón tSeirbhís Fiaclóireachta chun a chinntiú go bhfaigheann an pobal na seirbhísí fiaclóireachta a bhfuil siad ina dteideal, agus dúradh go ndearnadh go leor oibre le cinntiú go mbeidís ar fáil go dátheangach agus nuair ba chuí i nGaeilge agus i mBéarla araon.
By way of explanation and excuse, the Executive explained that a range of documents issue to the public at different stages from the Dental Services to ensure that the public get the dental services to which they are entitled, and it was said that a lot of work was undertaken to ensure they would be available bilingually or, where appropriate, in both Irish and in English.
eclr:3057
Thug an Fheidhmeannacht le fios, áfach, gur fágadh litir chlúdaigh faoi athruithe ar an gcóras cigireachta scoile a tugadh isteach bliain go leith ó shin as an áireamh, trí dhearmad, ón bpróiseas aistriúcháin seo.
The Executive advised, however, that a covering letter about changes to the school inspection system which were introduced a year and a half ago was omitted, by mistake, from this translation process.
eclr:3058
Dhearbhaigh sí, áfach, go raibh seo curtha ina cheart anois agus chuir sí cóip ar fáil don imscrúdú.
They confirmed, however, that this had now been rectified and a copy of the translated letter was provided to the investigation.
eclr:3059
Thug an Fheidhmeannacht le fios chomh maith gur pléadh prótacail atá bainteach le foilsiú cáipéisíochta dátheangaí leis an bhfoireann uile ag cruinnithe de chuid Limistéar Seirbhíse Dhún na nGall i mí na Samhna 2013 agus arís i mí Mheán Fómhair 2014 agus dúradh go raibh sí sásta de bharr a fiosrúcháin agus an athbhreithnithe ar an gcáipéisíocht go raibh dualgais an Achta á gcomhlíonadh aici.
The Executive also advised that protocols for publishing bilingual documents were discussed with all the staff at meetings for the Donegal Service Area in November 2013 and again in September 2014 and stated that they were satisfied, as a result of their enquiries and the review of documentation, that they were complying with the obligations of the Act.
eclr:3060
Chuir an Fheidhmeannacht cóip de chlár cruinnithe foirne agus cur i láthair ‘Powerpoint’ ar fáil don imscrúdú mar chruthúnas ar an bplé a rinneadh ar an bprótacal sin.
The Executive provided the investigation with a copy of the agendas from the staff meetings and with a copy of the ‘powerpoint’ presentation as proof of the discussions held on the protocol.
eclr:3061
Maidir leis an gcóras ‘Exact’, dúirt an Fheidhmeannacht go bhfuil ar chumas chóras SoEL Health tacú le téacs i nGaeilge agus freagairt do na dualgais reachtúla a leagann Acht na dTeangacha Oifigiúla ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
As regards the ‘Exact’ system, the Executive confirmed that the SoEL Health system can support text in Irish and respond to the statutory obligations placed on the Health Service Executive by the Official Languages Act.
eclr:3062
Dúradh gurb iad na príomhcháipéisí is féidir a fhoilsiú as SoEL Health ná na teimpléid chaighdeánaithe do litreacha agus cártaí coinne agus gur féidir leis an gcóras tacú leis an síneadh fada freisin.
It was stated that the main documentation which can be published from SoEL Health are the standard templates for appointment letters and cards, and that the system can support the ‘síneadh fada’ also.
eclr:3063
Cuireadh in iúl don imscrúdú go bhfuil an córas náisiúnta TF ar fáil i roinnt contaetha agus go mbeidh sé á chur ar fáil sa chuid eile den Stát ar bhonn céimnithe sa dá bhliain seo romhainn.
The investigation was advised that the national IT system is available in some counties and that it would be rolled out to the rest of the State on an incremental basis in the next two years.
eclr:3064
Dúradh go bhfuil oiliúint á cur ar fáil sna háiteanna sin ina bhfuil SoEL Health agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh na ceantair seo ag eisiúint litreacha teimpléadacha agus cártaí coinne dátheangacha.
It was stated that training is being provided in those areas in which SoEL Health is available and that it is hoped that these areas will be issuing template letters and appointment cards bilingually.
eclr:3065
Dearbhaíodh go mbeifí ábalta gach litir agus cárta coinne teimpléadach a chur ar fáil go dátheangach nuair a bheidh SoEL Health i bhfeidhm go hiomlán ar fud na seirbhíse.
It was confirmed that it will be possible to provide all template letters and appointment cards bilingually when SoEL Health is fully implemented throughout the service.
eclr:3066
Thug an Fheidhmeannacht le fios gur sheol an Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta (Sláinte Béil) meamram chuig gach Príomhlia Fiaclóireachta ar an 4 Meitheamh 2014 ag tabhairt treorach don fhoireann uile cloí leis an reachtaíocht.
The Executive advised that the Deputy National Director (Oral Health) issued a memo to every Principal Dental Surgeon on 4 June 2014 giving an instruction to all staff to adhere to the legislation.
eclr:3067
Ina theannta sin, dúradh linn go raibh iniúchadh á dhéanamh ag FSS faoi láthair ar na seirbhísí fiaclóireachta uile chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí go hiomlán leis an Acht.
We were also advised that the Executive is currently conducting an audit of all Dental Services to ensure that they are adhering fully to the Act.
eclr:3068
Thug FSS le fios go ndíreofaí ar na nithe a leanas go háirithe le linn an iniúchta:
The Executive advised that the following matters will be specifically targeted during the audit:
eclr:3069
· An bhfuil an stáiseanóireacht uile ag cloí le rialachán 9(1)?
· Is all stationery compliant with the Regulations under 9(1)?
eclr:3070
· An bhfuil gach cumarsáid – 9(3) – (litreacha/foirmeacha/foirmeacha toilithe agus araile) a sheoltar chuig gach scoil ar fáil go dátheangach?
· Are all communications – 9(3) (letters/forms/permission forms etc.) which are sent to each school – available bilingually?
eclr:3071
· An bhfuil gach duine a roghnaíonn an leagan Gaeilge den fhoirm toilithe ag fáil gach comhfhreagrais leantaigh ón tSeirbhís Fiaclóireachta i nGaeilge?
· Is everybody who selects the Irish version of the permission form receiving all subsequent correspondence from the Dental Service in Irish?
eclr:3072
Dúradh go raibh iniúchadh á dhéanamh freisin ar réimsí cuí eile den Acht ag an am céanna, go mbeadh toradh an iniúchta seo ar fáil i mí Eanáir 2015 agus go dtabharfaí aird ar aon ní a d’éireodh as.
It was stated that an audit was also taking place in relation to other relevant areas of the Act at the same time, that the result of that audit would be available in January 2015 and that any matters arising from the audit would be addressed.
eclr:3073
Mar fhocal scoir, dhearbhaigh an Fheidhmeannacht go raibh Seirbhís Fiaclóireachta FSS sásta go raibh na bearta cuí curtha i gcrích chun go mbeadh seirbhís Dhún na nGall ag cloí leis an Acht.
In conclusion, the Executive confirmed that its Dental Services were satisfied that they had taken the appropriate steps to ensure that the Donegal service is complying with the Act.
eclr:3074
Thug sí le fios go raibh áifeála uirthi gur sáraíodh an tAcht nuair a eisíodh litir i mBéarla agus go bhfuil sí ag iarraidh a chinntiú go gcomhlíonfaidh sí Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
It expressed regret that the Act was breached when the letter issued in English and advised that it was attempting to ensure that it fulfilled the Official Languages Act 2003.
eclr:3075
Is comhlacht poiblí í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun críche Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dá réir sin tá dualgas uirthi cloí le forálacha reachtúla an Achta.
The Health Service Executive is a public body for the purposes of the Official Languages Act and it is therefore obliged to adhere to the statutory provisions of the Act.
eclr:3076
Chonacthas don imscrúdú ón gcás a bhí curtha ina láthair ag an bhFeidhmeannacht nach raibh córas críochnúil curtha i bhfeidhm a chinnteodh gur i nGaeilge nó go dátheangach a bheadh ceannteideal stáiseanóireachta agus gur i nGaeilge nó go dátheangach a d’eiseofaí cumarsáid chuig aicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a thabhairt.
It was apparent to the investigation from the case that was presented by the Executive that an appropriate system had not been implemented to ensure that headings of stationery would be in Irish or bilingual and to also ensure that communication with the public in general to furnish information would issue in Irish or bilingually.
eclr:3077
Cé go ndearnadh iarrachtaí macánta an fhoireann a chur ar an eolas faoina ndualgais, is léir gur lean na sáruithe ar aghaidh toisc (1) nach raibh iniúchadh cuí déanta ar an stáiseanóireacht agus (2) nár cinntíodh go raibh gach ábhar a thagann faoi fho-alt 9(3) den Acht curtha ar fáil sa dá theanga oifigiúla.
Although honest efforts were made to inform staff of their obligations, it is clear that the breaches continued due to (1) the fact that no appropriate audit was made of stationery, and (2) that it was not ensured that all matters covered by subsection 9(3) of the Act were made available in both official languages.
eclr:3078
Tuigeadh ón bhfreagra a cuireadh ar fáil don imscrúdú go raibh an t-iniúchadh sin idir lámha ag an bpointe sin, mar aon le hiniúchadh ar réimsí cuí eile den Acht agus go raibh súil go mbeadh toradh an iniúchta sin ar fáil in Eanáir 2015.
It was understood from the response that was provided to the investigation that this audit was being undertaken, as well as an audit on other relevant sections of the Act, and that it was expected that the results of this audit would be available in January 2015.
eclr:3079
Ghlac an Oifig seo leis gur féidir linn ar fad dearmaid agus botúin dhaonna a dhéanamh ó am go chéile.
This Office accepted that we can all make mistakes and human errors from time to time.
eclr:3080
Ní raibh aon chúis againn a chreidiúint gur d’aon ghnó a tharla na sáruithe sa chás seo.
We had no reason to believe that the breaches in this case were deliberate.
eclr:3081
Ach fós féin, ba léir go raibh cumarsáid i mBéarla amháin á déanamh le tuismitheoirí páistí i scoil náisiúnta Ghaeltachta ar bhonn leanúnach.
However, it was apparent that the parents of Gaeltacht primary school children were being communicated with in English on a continual basis.
eclr:3082
Is léir gur teip chórasach a bhí i gceist anseo.
It was clear that this was a systemic failure.
eclr:3083
Ar chomhlachtaí poiblí féin amháin atá an dualgas a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas agus cothrom le dáta faoina ndualgais reachtúla faoin dlí agus go bhfuil a mbaill foirne ag cloí go cuí leis na dualgais sin.
The onus is on public bodies themselves to ensure that they are informed and up to date in respect of their statutory obligations and that their staff members are adhering to those obligations.
eclr:3084
Cé gur mhaígh an Fheidhmeannacht i mí Dheireadh Fómhair 2014 go raibh an scéal réitithe sa cheantar seo, is léir nach mar sin a bhí.
Although the Executive assured us in October 2014 that the matter was resolved in this area, it is apparent that this was not the case.
eclr:3085
Tá na forálacha reachtúla seo den Acht i bhfeidhm ó 2008 agus 2006, faoi seach.
These statutory provisions of the Act have been in force from 2008 and 2006, respectively.
eclr:3086
Dá thoradh sin bheifí ag súil go mbeadh na dualgais a ghabhann leo daingnithe go maith faoin am seo i nósanna agus i gcleachtais bhaill foirne na gcomhlachtaí poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh.
As a result of that, one would expect that the obligations which attach to them would be ingrained in the procedures and practices of staff members of the public bodies, including the Health Service Executive.
eclr:3087
Mhaígh an Fheidhmeannacht gur de thoradh réimse na gcáipéisí a sheoltar chuig an bpobal chun cinntiú go bhfaigheann siad na seirbhísí a bhfuil siad ina dteideal a d’eascair an sárú seo.
The Executive claimed that it was as a result of the range of documentation which is sent to the public to ensure they receive the services to which they are entitled that this breach occurred.
eclr:3088
Is léir nach ndearnadh iniúchadh cuí ag aon phointe ar na cáipéisí uile atá á n-eisiúint chun a chinntiú go raibh siad i gcomhréir leis an reachtaíocht.
It was apparent that the appropriate audit of all documentation was not undertaken at any point to ensure that all documentation was in compliance with the legislation.
eclr:3089
Mar sin féin, ba léir don imscrúdú go raibh céimeanna glactha ag an bhFeidhmeannacht leis an scéal a chur ina cheart.
It was apparent, however, to the investigation that the HSE had taken steps to ensure the matter was resolved.
eclr:3090
Bheifí ag súil, de thoradh an imscrúdaithe seo agus de bharr chur i bhfeidhm na mbeartas sonraithe, go ndaingneofaí faisnéis faoi na dualgais reachtúla seo i gcleachtais oibre na foirne ar fad agus go laghdófaí nó go gcuirfí ar ceal ar fad gearáin faoi shárú na bhforálacha seo.
One would expect as a result of this investigation and due to the implementation of the specified policies that knowledge of these statutory obligations would be embedded in the work practices of all the staff and that complaints relating to the breach of these provisions would be reduced or indeed extinguished entirely.
eclr:3091
Mhol mé go gcinnteodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcloífeadh sí feasta lena dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ach go háirithe mar a bhaineann sé le fo-ailt 9(1) & 9(3) den Acht agus go gcuirfí i bhfeidhm go cuí an t-iniúchadh ar gach ceann de na beartais a bhí leagtha amach ag an bhFeidhmeannacht ina litir.
I recommended that the Health Service Executive ensure that it adheres in future to its statutory obligations under the Official Languages Act 2003, especially in respect of subsections 9(1) and 9(3) of the Act, and that the audit of all the policy initiatives which were specified by the Executive in its letter to the investigation be implemented fully.
eclr:3092
Anuas air sin, mhol mé go gcuirfí próiseas i bhfeidhm a chinnteodh go n-áireofaí na dualgais reachtúla teanga in aon stáiseanóireacht nó cáipéisíocht nua atá á mbeartú ag an tSeirbhís Fiaclóireachta.
I also recommended that a process be put in place which would ensure that statutory language obligations would be taken into account in any new stationery or documentation which was being considered by the Dental Services.
eclr:3093
Cuireadh an t-eolas, faisnéis agus eile ar fad a bhí iarrtha san imscrúdú ar fáil go críochnúil agus go gairmiúil dom.
All the information and documentation which was requested by the investigation was provided in a complete and professional manner.
eclr:3094
Is mór agam an comhoibriú a thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dom le linn an phróisis imscrúdaithe.
I appreciate the cooperation of the Health Service Executive with the investigation.
eclr:3095
Imscrúdú seolta: 5 Samhain 2014
Investigation launched: 5 November 2014
eclr:3096
Tuarascáil eisithe: 11 Nollaig 2014
Report issued: 11 December 2014
eclr:3097
Réitítear formhór na ngearán a chuirtear i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an Oifig.
The vast majority of complaints made to the Office of An Coimisinéir Teanga are resolved through the informal complaints resolution process operated by the Office.
eclr:3098
Tugtar léargas anseo ar shamplaí de roinnt bheag de na hábhair a réitíodh ar an mbealach seo.
The following is an overview of a small number of the many cases resolved in this manner.
eclr:3099
Bhain roinnt de na gearáin seo le hábhair nach raibh aon dualgas ina leith, agus fiú, i gcás amháin, le comhlacht poiblí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta, ach a dhearbhaigh go raibh sé den tuairim gur dea-chleachtas a bhí i gceist agus a réitigh an gearán ar an mbonn sin.
Some of these complaints referred to matters where there was no legal obligation and even, in one case, to a public body which does not come under the auspices of the Act but which confirmed that the issue was seen as good practice and which resolved the complaint on that basis.
eclr:3100
· Ní raibh an gearánach in ann seic ó Roinn Stáit a bhriseadh faoi dhó mar go raibh carachtair Shínise ar an seic in áit aon chuid dá hainm ina raibh síneadh fada.
· The complainant was unable to cash a cheque issued by a Government Department twice because there was a Chinese character in place of any part of her name where there was a síneadh fada over a vowel.
eclr:3101
Eisíodh seiceanna nua, cuireadh an printéir cuí in oiriúint do shíntí fada agus cuireadh prótacal úr in áit do chlóbhualadh na seiceanna.
New cheques were issued, the relevant printer was reset to accommodate the síneadh fada and a new protocol was put in place for the printing of cheques.
eclr:3102
· D’eisigh údarás sláinte foirmeacha athnuachana i mBéarla amháin chuig baill den phobal in ainneoin é a bheith curtha in iúl acu don údarás gur mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
· A health authority issued renewal forms in English only to members of the public despite those clients having advised the authority that they wished to conduct their business with them through the medium of Irish.
eclr:3103
Cuireadh síneadh ama ar fáil do na hiarratasóirí ach thóg sé os cionn 6 mhí an scéal a chur ina cheart agus a chinntiú go raibh foirmeacha i nGaeilge á soláthar.
An extension of time was granted to the complainants, but it took over 6 months to provide an Irish version of the relevant forms.
eclr:3104
Ghéill an Roinn Stáit ar iarratas ón Oifig seo agus nuair a cuireadh cruthúnas ar fáil i dtaca le gnáthúsáid an leagain Gaeilge den ainm.
The Department yielded to the request from this Office when evidence was provided of the common usage of the Irish version of the name by the complainant.