id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:5
trí Bhéarla amháin nó
in English only or
eclr:6
Freisin is gá go ndéanfaí sonrú ar na céimeanna atá i gceist ag an gcomhlacht poiblí a ghlacadh chun na seirbhísí atá luaite a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.
It is necessary also to specify the steps which the public body intends to take to provide the stated services in Irish or bilingually.
eclr:7
Tá córas ateangaireachta chomhuainigh ar fáil i dTithe an Oireachtais le cinntiú nach bhfuil an té atá gan Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste nuair atá Gaeilge á labhairt.
A simultaneous interpretation system is available in the Houses of the Oireachtas to ensure that a person without Irish is not at a disadvantage when Irish is spoken.
eclr:8
Achtanna an Oireachtais
Acts of the Oireachtas
eclr:9
Cé is moite den Bhunreacht, is iad Achtanna an Oireachtais an phríomhfhoinse dlí in Éirinn.
The Acts of the Oireachtas are the primary source of law in Ireland apart from the Constitution.
eclr:10
Is gá ón 14 Iúil 2006 ar aghaidh na hAchtanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla a luaithe agus is féidir tar éis a n-achtaithe, mar atá leagtha amach in alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Since 14 July 2006, Acts must be printed and published simultaneously in both official languages as soon as possible after their enactment, as set out in section 7 of the Official Languages Act.
eclr:11
Ceadaíonn leasú a rinneadh ar an fhoráil seo in Alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 go ndéanfaí aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
An amendment of this provision by section 62 of the Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act, 2011 allows for the publication on the internet of an Act of the Oireachtas in one official language only prior to its printing and publication simultaneously in each official language.
eclr:12
De réir Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006, alt 3(2)(a), titeann an dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás Achtanna an Oireachtais.
In accordance with the Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Act 2006, section 3(2)(a), the Houses of the Oireachtas Commission has a duty to provide translation services for Acts of the Oireachtas from one official language to the other official language.
eclr:13
Cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla
Implementing the Official Languages Act
eclr:14
Tá dualgas ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain roimhe sin.
The Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs is required to submit a report annually to the Houses of the Oireachtas regarding the implementation of the Official Languages Act in the previous year.
eclr:15
Treoirlínte maidir le hullmhú Scéimeanna »
Photo by Tommy Kavanagh [CC-BY]
eclr:16
Treoirlínte maidir le hullmhú Scéimeanna
Guidelines on the Preparation of Schemes »
eclr:17
Riachtanais maidir le hullmhú Scéime Teanga
Requirements with regard to preparing a Language Scheme
eclr:18
Fógra a fhoilsiú ag lorg ionchuir ó pháirtithe leasmhara.
Publish a notice seeking input from interested parties.
eclr:19
Aird a thabhairt ar threoirlínte na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Take note of the guidelines from the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs.
eclr:20
Cinntiú go bhfuil líon leordhóthanach foirne in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge nó go dátheangach.
Ensure that a sufficient number of staff are able to provide services through Irish or bilingually.
eclr:21
Cinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta.
Ensure that the specific Irish language requirements concerning the provision of services in Gaeltacht areas will be met.
eclr:22
Cinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh an comhlacht poiblí le toiliú an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Ensure that Irish will be the working language in its offices in Gaeltacht areas no later than the date the public body decides on with the consent of the Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs.
eclr:23
Is féidir cóip de threoirlínte reachtúla na Roinne a íoslódáil anseo.
The Department’s statutory guidelines can be downloaded here.
eclr:24
Tá na scéimeanna teanga a leanas daingnithe faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
The following language schemes have been confirmed under section 11 of the Official Languages Act 2003.
eclr:25
I gcás go bhfuil athrú ar fheidhmeanna comhlachta phoiblí is féidir leis an Aire, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcomhlacht poiblí, leasaithe a mholadh ar a scéim teanga.
Where there is a change in the functions of a public body the Minister may, by notice in writing to the public body, propose amendments to its language scheme.
eclr:26
Ar an 23 Lúnasa 2016, d’iarr an tAire ar Bhonneagar Iompair Éireann leasú a dhéanamh faoi Alt 16 den Acht, ar an Scéim Teanga a haontaíodh leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta, chun athruithe ar fheidhmeanna an chomhlachta sin a chur san áireamh.
On the 23 August 2016, the Minister asked Transport Infrastructure Ireland, under Section 16 of the Act, to amend the Language Scheme which was confirmed with The National Roads Authority, to take into account, changes made to this public body’s functions.
eclr:27
D'iarr an tAire ar na ranna rialtais a leanas go gclúdófaí a gcúraimí nua sna dréacht scéimeanna atá á n-ullmhú acu faoi láthair: An Roinn Talmhaíochta, Mara agus Bia; An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
The Minister asked the following government departments to include their new functions in the draftschemes they are currently preparing: Department of Agriculture, Marine and Food; Department of Justice and Equality.
eclr:28
Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe.
The Office of An Coimisinéir Teanga monitors the provision of services as promised by public bodies under the agreed schemes.
eclr:29
Tá na comhlachtaí poiblí sin liostáilte thíos faoi na hainmneacha agus leis na cúramaí a bhí orthu nuair a daingníodh a gcuid scéimeanna.
The public bodies listed below under the names and with the functions which they had when the schemes were confirmed.
eclr:30
Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí »
Reuse of Public Sector Information »
eclr:31
Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí
Reuse of Public Sector Information
eclr:32
Cloíonn Oifig an Choimisinéara Teanga leis na Rialacháin [Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí) 2005 S.I.
The Office of An Coimisinéir Teanga complies with the Regulations [European Communities (Re-Use of Public Sector Information) Regulations 2005 S.I.
eclr:33
Uimh.279 de 2005] maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí agus molann an Oifig go n-athúsáidfí an fhaisnéis a tháirgtear.
No. 279 of 2005] on the re-use of public sector information and encourages the re-use of the information that the Office produces.
eclr:34
Tá an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo faoi chóipcheart ag Oifig an Choimisinéara Teanga mura ndeirtear a mhalairt.
The information on this website is the copyright of the Office of An Coimisinéir Teanga unless otherwise indicated.
eclr:35
An fhoinse agus an cóipcheart a admháil sna cásanna sin ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile.
Acknowledge the source and our copyright in cases where you supply the information to others.
eclr:36
An fhaisnéis a atáirgeadh go beacht.
Reproduce the information accurately.
eclr:37
Gan leas míthreorach a bhaint as an bhfaisnéis.
Not use the information in a misleading way.
eclr:38
Gan leas a bhaint as an bhfaisnéis ar bhealach arbh é a phríomhchuspóir fógraíocht nó cur chun cinn a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís faoi leith.
Not use the information for the principal purpose of advertising or promoting a particular product or service.
eclr:39
Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta.
Not use the information for or in support of illegal, immoral, fraudulent or dishonest purposes.
eclr:40
Níl Oifig an Choimisinéara Teanga freagrach as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn an Oifig go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí.
The Office of An Coimisinéir Teanga is not liable for any loss or liability associated with the re-use of information and does not certify that the information is up to date or error free.
eclr:41
Ní thugann Oifig an Choimisinéara Teanga údarás d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici maidir le hathúsáid a cuid faisnéise.
The Office of An Coimisinéir Teanga does not authorise any user to have exclusive rights to the re-use of its information.
eclr:42
Coinníonn Oifig an Choimisinéara Teanga an fhaisnéis seo a leanas ar an suíomh gréasáin seo: Mapa Suímh
The Office of An Coimisinéir Teanga maintains the following information on this website: Sitemap
eclr:43
Gearáin & Imscrúduithe »
Complaints & Investigations »
eclr:44
Gearáin & Imscrúduithe
Complaints & Investigations
eclr:45
Mura féidir leis an gCoimisinéir Teanga an gearán a réiteach go sásúil ar bhonn neamhfhoirmiúil, is féidir leis imscrúdú nó fiosrúchán foirmiúil a sheoladh.
If An Coimisinéir Teanga cannot resolve the complaint satisfactorily on an informal basis, he may launch an investigation or formal enquiry.
eclr:46
Is féidir imscrúdú a dhéanamh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus/nó ar thionscnamh an Choimisinéara Teanga.
An Coimisinéir Teanga may begin an investigation based on a complaint from the public, at the request of the Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs and/or on his own initiative.
eclr:47
Is iondúil nach rachfaí chun cinn le himscrúdú mura mbeadh iarracht gan toradh déanta an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán Oifig an Choimisinéara Teanga nó mura mbeadh sé soiléir gur dócha nach réiteofaí an cás go sásúil d’éagmais imscrúdaithe.
Normally an investigation would not proceed unless an initial attempt to resolve the complaint through the Office of An Coimisinéir Teanga’s informal complaint resolution system was unsuccessful or unless it was clear that it was unlikely that the case would be resolved satisfactorily without an investigation.
eclr:48
Próiseas casta é an córas imscrúdaithe a thógann am agus acmhainní agus ní hiondúil go rachfaí ina bhun gan cúis mhaith.
The investigation system is a complicated process which requires time and resources and it would not normally be conducted without good reason.
eclr:49
Forálann an tAcht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú nó teip comhoibriú le himscrúdú nó a chuirfeadh bac ar a leithéid.
The Act provides for the imposition of a fine not exceeding €2,000 and/or imprisonment for a term of up to 6 months on a person convicted in court of refusing or failing to cooperate with or obstructing an investigation.
eclr:50
Gearáin chuig Oifig an Choimisinéara Teanga
Complaints to the Office of An Coimisinéir Teanga
eclr:51
Tá sé de cheart ag ball den phobal gearán a dhéanamh má bhraitheann siad nach bhfuil na riachtanais teanga a gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí.
Members of the public have the right to make a complaint if they feel that Irish Language requirements are not being met by public bodies
eclr:52
Tá achoimrí na n-imscrúduithe ó 2007 go dtí 2015 ar fáil anseo.
Summaries of investigations from 2007 to 2015 are available here.
eclr:53
Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama.
The aim of the Official Languages Act 2003 is to increase and improve in an organised manner, over a period of time, the quantity and quality of services provided for the public through Irish by public bodies.
eclr:54
Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.
The legislation intends to create a space for the language in public affairs in Ireland.
eclr:55
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Official Languages Act 2003
eclr:56
Ionstraimí Reachtúla faoin Acht
Statutory Instruments under the Act
eclr:57
An Ghaeilge sna Cúirteanna
Irish in the Courts
eclr:58
Ceart an duine Gaeilge a úsáid
The right to use Irish
eclr:59
Is féidir leas a bhaint as ceachtar den dá theanga oifigiúla in aon chúirt, in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eisítear ó aon chúirt.
Either of the two official languages may be used in any court; in any pleading in any court or in any document issuing from any court.
eclr:60
Tá dualgas ar an gcúirt a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi.
The court has a duty to ensure that any person may be heard in the official language of his or her choosing.
eclr:61
Aithnítear cearta teanga i mBunreacht na hÉireann agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Language rights are recognised in the Irish Constitution and in the Official Languages Act.
eclr:62
Leagann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí atá ainmnithe san Acht seirbhísí a chur ar fáil don phobal as Gaeilge.
The Official Languages Act 2003 requires public bodies named in that Act to provide services to the public through Irish.
eclr:63
Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.
The legislation intends to create a space for the language in public affairs in Ireland.
eclr:64
Cuirfear imscrúduithe 2016 ar fáil nuair a fhoilseofar tuarascáil bhliantúil 2016.
The 2016 investigations will be provided when the annual report for 2016 is published.
eclr:65
Is féidir imscrúdú a sheoladh má mheastar sárú a bheith déanta nó á dhéanamh ar aon fhoráil de chuid:
An investigation may be initiated if a provision of any of the following is considered to have been or is being contravened:
eclr:66
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003,
Official Languages Act 2003,
eclr:67
Na Rialacháin atá i bhfeidhm faoin Acht sin,
Regulations in force under that Act,
eclr:68
Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht sin, nó
Language scheme confirmed under that Act, or
eclr:69
Aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
Any other enactments relating to the status or use of Irish.
eclr:70
Cearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Rights under the Official Languages Act 2003
eclr:71
Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na cearta seo a leanas ag an bpobal:
The Official Languages Act confirms that the public has the following rights:
eclr:72
Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcloífidh comhlachtaí poiblí le haon rialachán a dhéantar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).
The public has the right to expect that public bodies will comply with any regulations made under this Act in relation to the use of Irish in signage, stationery and recorded oral announcements (Section 9(1) of the Act).
eclr:73
Tá sé de cheart ag an bpobal freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras tríd an bpost nó trí ríomhphost a scríobhtar sa teanga sin (Alt 9(2) den Acht).
The public has the right to receive replies in Irish from public bodies to correspondence by post or by email written in that language (Section 9(2) of the Act).
eclr:74
Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí faisnéis (mar shampla cora poist) chuig an bpobal i gcoitinne nó chuig aicme den phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó trí ríomhphost, i nGaeilge nó go dátheangach (Alt 9(3) den Acht).
The public has the right to expect that public bodies will send information (for example mail shots) by post or email to the public in general or to a class of the public in general in Irish or bilingually (Section 9(3) of the Act).
eclr:75
Tá sé de cheart ag duine aon ghnó a bheadh aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus/nó comhchoistí de chuid an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge (Alt 6 den Acht).
A person has the right to conduct his/her business before the Houses of the Oireachtas or before Oireachtas committees, sub-committees and/or joint committees through Irish (Section 6 of the Act).
eclr:76
Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseofar gach Acht den Oireachtas a achtaíodh ó mhí Iúil 2006 go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe (Alt 7 den Acht).
The public has the right to expect that all Acts of the Oireachtas, enacted from July 2006, will be published simultaneously in Irish and English as soon as possible after their enactment (Section 7 of the Act).
eclr:77
Tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna (Alt 8 den Acht).
The public has the right to use Irish in any court or in any business with any court (Section 8 of the Act).
eclr:78
San áireamh anseo tá na forálacha i scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.
The provisions of specific schemes relating to Gaeltacht areas are included here.
eclr:79
Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfaighidh siad comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena gcearta teanga faoin Acht (Alt 21 den Acht).
The public has the right to expect to receive advice from the Office of An Coimisinéir Teanga regarding their language rights under the Act (Section 21 of the Act).
eclr:80
Is eagraíocht pháirtáirithe í Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Freedom of Information The Office of An Coimisinéir Teanga is a partially included agency under the Freedom of Information Act 2014.
eclr:81
Deimhníonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise cearta daoine den phobal teacht ar eolas oifigiúil an oiread agus is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus cearta príobháideachais daoine eile.
The Freedom of Information Act confirms the right of members of the public to obtain access to official information to the greatest extent possible consistent with the public interest and the right to privacy of individuals.
eclr:82
Ceart dlíthiúil a bheith ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachta phoiblí.
A legal right for each person to access information held by public bodies.
eclr:83
Ceart dlíthiúil a bheith ag gach duine teacht ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh comhlachta phoiblí agus bhaineann leis féin nó léi féin.
A legal right for each person to access information relating to himself/herself.
eclr:84
Ceart dlíthiúil a bheith ag gach duine teacht ar na cúiseanna a bhí le cinntí a rinne comhlacht poiblí agus a bhain leis féin nó léi féin.
Certain records held by the Office of An Coimisinéir Teanga do not come under the scope of the Freedom of Information Act.
eclr:85
Taifid a bhaineann le himscrúduithe agus taifid a bhaineann le hiniúchtaí ar chomhlachtaí poiblí agus céimeanna eile a ghlactar chun géilliúlacht a dheimhniú.
Records relating to investigations, and records relating to audits of public bodies and other compliance measures carried out.
eclr:86
An fhaisnéis a fhaightear san Oifig i dtaca le comhairle a thabhairt do dhaoine den phobal maidir lena gcearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla nó i dtaca le comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Any information received in the course of providing advice to members of the public with regard to their rights under the Official Languages Act or in providing advice to public bodies regarding their statutory responsibilities under the Official Languages Act.
eclr:87
Gach taifead a bhaineann le heolas pearsanta.
All records relating to personal information.
eclr:88
Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 2008.
All other records created after 21st April 2008.
eclr:89
Gach taifead eile is gá chun taifead reatha a thuiscint.
All other records necessary for the understanding of a current record.
eclr:90
Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 dualgas ar chomhlachtaí poiblí Scéim Foilseachán a fhoilsiú taobh istigh de shé mhí ón dáta ar tháinig Alt 8 den Acht i bhfeidhm.
The Freedom of Information Act 2014 requires public bodies to publish a Publication Scheme within six months of the commencement date of Section 8 of the Act.
eclr:91
Na cineálacha faisnéise a bhíonn á bhfoilsiú ag an Oifig nó a bhfuil rún aici iad a fhoilsiú.
The classes of information the Office publishes or intends to publish.
eclr:92
Cur síos ginearálta ar na taifid ar fad atá i seilbh na hOifige agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina gcuirfear ar fáil iad gan chostas don phobal.
A general description of all records held by the Office and the terms and conditions whereby information will be made available to the public free of charge.
eclr:93
Scéim Foilseachán Oifig an Choimisinéara Teanga
The Publication Scheme of the Office of An Coimisinéir Teanga
eclr:94
Foilsiú na nIarratas a Fhaightear
The Publication of Requests Received
eclr:95
Foilsítear anseo taifead ar gach iarratas a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas neamhphearsanta ón 14 Aibreán 2015 ar aghaidh (an dáta ar tháinig an tAcht i bhfeidhm.
Logs of all non-personal requests submitted to the Office of An Coimisinéir Teanga under the Freedom of Information Act will be published here from April 14th 2015 (the date the Act comes into effect).
eclr:96
Tabharfar táblaí na dtaifead seo cothrom le dáta go rialta.
These records will be updated on a regular basis.
eclr:97
Más mian leat iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nó má tá aon eolas breise ag teastáil uait faoi fheidhmiú an Achta in Oifig an Choimisinéara Teanga, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Saorála Faisnéise, Éamonn Ó Bróithe, agus beimid an-sásta cuidiú leat.
If you would like to submit a request under the Freedom of Information Act or if you have any general queries in relation to the operation of the Act in the Office of An Coimisinéir Teanga, please feel free to contact the FOI Officer, Éamonn É Bróithe, and we will be happy to help you.
eclr:98
Tá spás oifige ar léas d’fhoireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcuid den fhoirgneamh, de chuid Údarás na Gaeltachta, atá sa phictiúr thuas.
Office space has been leased for the staff of the Office of An Coimisinéir Teanga in a section of the premises pictured above which is owned by Údarás na Gaeltachta.
eclr:99
Treoracha chuig Oifig an Choimisinéara Teanga
Directions to the Office of An Coimisinéir Teanga
eclr:100
Tá an oifig lonnaithe idir Gaillimh agus an Spidéal, 2km soir ón Spidéal.
The office is located between Galway and An Spidéal, 2km east of An Spidéal.
eclr:101
Ó Ghaillimh lean bóthar Chois Fharraige, an R336, i dtreo an Spidéil.
From Galway take the coast road, the R336, in the direction of An Spidéal.
eclr:102
Taistil trí Bhearna agus na Forbacha.
Travel through Bearna and Na Forbacha.
eclr:103
Thart ar 16km ó Ghaillimh, cas ar dheis ag an gcomhartha bóthair Údarás na Gaeltachta: Eastát Bhaile an tSagairt.
At the roundabout in the industrial estate, take a left turn at the sign Oifig an Choimisinéara Teanga.
eclr:104
Ag an timpeallán san eastát tionsclaíoch, cas ar chlé ag an gcomhartha Oifig an Choimisinéara Teanga.
The Office of An Coimisinéir Teanga is located on the ground floor of the building pictured above.