id
stringlengths
6
19
text
stringlengths
1
1.02k
eng_text
stringlengths
1
1.02k
eclr:3505
2.
Fixed Assets
eclr:3506
Sócmhainní Seasta
Computer
eclr:3507
Trealamh
& Office
eclr:3508
Fearais &
Additions in 2011
eclr:3509
Oifige &
Closing Balance 31 December 2011
eclr:3510
Feisteas
Depreciation
eclr:3511
Iarmhéid tosaigh ag 1 Eanáir 2011
Transfer to Income and Expenditure Account
eclr:3512
Iarmhéid tosaigh ag 1 Eanáir 2011
Closing balance at 31 December
eclr:3513
Muirear 2011
4.
eclr:3514
Diúscairt i rith 2011
Salaries and Allowances
eclr:3515
Glanluach leabhar ag 31 Nollaig 2011
Salary of An Coimisinéir
eclr:3516
5.
6.
eclr:3517
Teas, Cíos agus Solas
Co-funding of Schools Project
eclr:3518
Sraith de cheachtanna scoile agus tionscadail dhátheangacha atá san acmhainn oideachais ilmheáin seo, le leabhrán do mhúinteoirí, póstaeir, cártaí oibre, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe, agus acmhainní ar líne.
The multi-media educational resource involves a series of bilingual lessons and projects and includes a teacher’s manual, posters, task cards, a CD Rom and a DVD of video clips as well as online resources.
eclr:3519
Dáileadh dhá chóip den achmainn seo ar gach scoil dara leibhéal sa tír.
Two copies of the resource pack were distributed to every second level school in Ireland.
eclr:3520
Bhain caiteachas ar an tionscnamh le:
Expenditure on the project comprised of:
eclr:3521
Táirgeadh agus priontáil
Production and printing
eclr:3522
Táirgeadh DVD
DVD production
eclr:3523
Dáileachán
Distribution
eclr:3524
Iomlán
Other
eclr:3525
Bhí an tionscnamh maoinithe le tacaíocht airgid €25,000 ó COGG agus mhaoinigh Oifig an Choimisinéara Teanga an fuílleach.
The project was funded by a financial contribution from COGG of €25,000 with the balance being funded by Oifig an Choimisinéara Teanga.
eclr:3526
Iarnród Éireann
INTERNATIONAL ASSOCIATION OF LANGUAGE COMMISSIONERS
eclr:3527
I litir dar dáta an 20 Eanáir 2015, thug Iarnród Éireann freagra i scríbhinn ar an imscrúdú.
· sharing experience and exchanging knowledge of best practice;
eclr:3528
Thug Iarnród Éireann le fios go raibh sin amhlaidh toisc nárbh fhéidir teicneolaíocht a uasghrádú ar thraenacha DART agus i stáisiúin, ceal maoinithe.
· advising or assisting in the establishment of language commissioners offices;
eclr:3529
Anuas air sin, dhearbhaigh an PF go raibh sé beartaithe acu a gcórais eolais do chustaiméirí a uasghrádú agus go raibh staidéir féidearthachta déanta acu maidir leis sin.
· facilitating an exchange of training and professional development resources, research and information;
eclr:3530
Dúradh go ndearnadh iarratas ar mhaoiniú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) i Meán Fómhair 2012 ach nach raibh aon mhaoiniú ar fáil faoi láthair.
· cooperating with like-minded organisations that value language rights, diversity, promotion and protection.
eclr:3531
Ba é seasamh Iarnród Éireann nárbh fhéidir an teicneolaíocht a uasghrádú ar thraenacha DART agus sna stáisiúin de thoradh easpa maoinithe.
Meetings are held using online video conferencing or conference call facilities.
eclr:3532
Thug sé le fios go raibh sé i gceist aige an t-uasghrádú sin a dhéanamh agus go raibh staidéar féidearthachta déanta aige chuige sin, ach nach raibh maoiniú ar fáil ón Údarás Náisiúnta Iompair.
The annual meeting of the Association was held in Ottawa, Canada in May 2015.
eclr:3533
Ba chóir a lua nach bhfuil an chumhacht ná an t-údarás ag an Oifig seo maolú den chineál sin a thabhairt.
An international conference on language rights was also held at that time.
eclr:3534
Lena chois sin, de réir eolas a chuir Iarnród Éireann faoi bhráid an imscrúdaithe, ceadaíodh €107.5m d’infheistíocht chaipitil don bhliain 2014 agus €93.5m don bhliain 2015 agus ní raibh aon chuid den airgead seo curtha ar fáil leis an dualgas reachtúil seo a chomhlíonadh.
Representatives from Language Commissioners’ Offices in other countries gave presentations on cases relating to their own jurisdictions and the methods adopted to ensure a satisfactory outcome.
eclr:3535
Níor cuireadh aon fhianaise faoi mo bhráid go ndearna Iarnród Éireann aon chás ar leith don mhaoiniú seo, nó gur thug sé le fios ag aon phointe do ÚNI gur tosaíocht dó é i measc na n-ábhar a raibh iarratas ar mhaoiniú déanta ina leith.
It was a matter of pride that my suggestion that the international conference for 2016 be held in Galway as part of the 1916 Centenary Programme was accepted.
eclr:3536
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
The Department of Communication, Energy and Natural Resources
eclr:3537
Léirigh imscrúdú gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 maidir le cur i bhfeidhm a scéime teanga chomh fada is a bhain sé le mír i gCaibidil 2 den scéim sin, a bhaineann le logainmneacha Gaeltachta.
An investigation found that the Department of Communications, Energy and Natural Resources breached the statutory language obligation which is confirmed in subsection 18(1) of the Official Languages Act 2003 in respect of the implementation of its language scheme, insofar as it concerned Chapter 2 of that scheme, which concerns Gaeltacht placenames.
eclr:3538
Ba ar an 13 Iúil 2015 a sheol an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Alex White TD, an córas nua postchód d’Éirinn, Eircode.
The Minister for Communications, Energy and Natural Resources, Alex White TD, launched the new Irish postcode system, Eircode, on 13 July 2015.
eclr:3539
Tugadh le fios an tráth sin go mbeadh postchóid nua á seachadadh chuig gach áitreabh sa tír.
It was advised at the time that the new postcodes would be issuing to every building in the country.
eclr:3540
Go gairid ina dhiaidh sin, ag tosú i mí Iúil 2015 agus le linn an dá mhí ina dhiaidh sin, rinneadh gearáin le m’Oifig ar an ábhar.
Shortly afterwards, commencing in July and for the following two months, complaints were made to my Office on the subject.
eclr:3541
Bhain na gearáin a fuair m’Oifig le trí phríomhábhar:
The complaints my Office received concerned three main subjects:
eclr:3542
(1) go raibh litreacha leis an Eircode nua á bhfáil ag baill den phobal agus nach raibh na logainmneacha Gaeltachta a bhí in úsáid ar na litreacha sin i gcomhréir leis an Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta)
(1) that letters with the new Eircode were being received by members of the public and that the Gaeltacht placenames in use on those letters were not in accordance with the Placenames (Ceantair Gaeltachta) Order
eclr:3543
(2) go raibh litreacha leis an Eircode nua á bhfáil ag baill den phobal agus nach raibh an gnáthleagan den seoladh a úsáideann na daoine céanna, is é sin seoladh i nGaeilge, á úsáid, agus
(2) that letters with the new Eircode were being received by members of the public and that the version of their address which they usually used, that is the Irish version, was not used, and
eclr:3544
(3) go raibh litreacha leis an Eircode nua á bhfáil ag baill den phobal lena n-ainm agus sloinne i mBéarla nuair nár úsáid siad riamh ach a n-ainm agus sloinne i nGaeilge nó nuair nár ghnách leo ach an leagan Gaeilge sin a úsáid.
(3) That letters with the new Eircode were being received by members of the public with their name and surname in English, when they only ever used their name and surname in Irish or when they did not normally use the name and surname in English.
eclr:3545
Nuair a fhaigheann m’Oifig aon ghearán ina líomhnaítear nár cuireadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge is gá dom a mheas an bhféadfadh gur sárú a bhí sa mhéid sin ar aon chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.
When the Office receives any complaint that services are not provided in the Irish language, I need firstly to assess if it constitutes a possible breach of any part of the Official Languages Act.
eclr:3546
Is féidir liom freisin aon fhoráil a bhaineann le húsáid nó stádas teanga oifigiúla atá in aon achtachán eile a áireamh.
I can also include any provision of any other enactment concerning the use or status of an official language.
eclr:3547
Is ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a thiteann an fhreagracht i dtaobh na postchóid a sholáthar agus tuigeadh dúinn gur bronnadh conradh ar chomhlacht príobháideach leis na cóid a scaipeadh.
The responsibility for providing a postcode falls to the Department of Communications, Energy and Natural Resources and we understood that a contract was awarded to a private company to distribute the postcodes.
eclr:3548
Tagann an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus tá scéim teanga aontaithe aici ina bhfuil gealltanais reachtúla tugtha i ndáil le seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge.
The Department of Communications, Energy and Natural Resources comes under the auspices of the Official Languages Act 2003 and it has agreed a language scheme which contains statutory commitments in respect of providing certain services in Irish.
eclr:3549
Faoi réir théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla, baineann na gealltanais a thugann comhlacht poiblí ina scéim teanga le seirbhísí a chuirtear ar fáil go díreach nó go neamhdhíreach.
Under the terms of the Official Languages Act commitments given by a public body in its language scheme encompass services provided directly or indirectly.
eclr:3550
Ba léir, mar sin, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, go leagtar na dualgais chéanna scéime ar chomhlachtaí príobháideacha atá ag feidhmiú ar conradh do chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta agus atá ar an gcomhlacht poiblí féin.
It was therefore apparent that the same scheme obligations are placed on private companies acting under contract to a public body under the auspices of the Act as are placed on the body itself under the Offical Languages Act.
eclr:3551
Mheas mé go bhféadfadh an gealltanas seo a bheith ábhartha maidir le cuid de na gearáin a cuireadh faoi mo bhráid.
I thought that this commitment could be relevant to some of the complaints submitted to me.
eclr:3552
Ní raibh a mhacasamhail de dhualgas ábhartha ann maidir le húsáid seoltaí taobh amuigh den Ghaeltacht ná, go deimhin, maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge.
There was no similar relevant commitment in respect of the use of addresses outside the Gaeltacht or indeed in respect of the use of names and surnames in Irish.
eclr:3553
Shocraigh mé go ndéanfainn tuilleadh fiosrúchán ar an méid seo agus ag an am céanna chinn mé na gearáin a chur faoi bhráid na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.
I decided to undertake further enquiries on the subject and at the same time I decided to refer the complaints to the Department of Communications, Energy and Natural Resources.
eclr:3554
Rinne m’Oifig iarracht an cheist seo agus na gearáin éagsúla ina leith a réiteach go neamhfhoirmiúil leis an Roinn ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin.
My Office attempted to resolve this question and the various complaints informally with the Department but those attempts were unsuccessful.
eclr:3555
Go deimhin, b’fhiú dom a lua chomh maith gur ardaigh an Oifig seo an cheist seo faoi úsáid logainmneacha don chód poist nua leis an Roinn Cumarsáide siar chomh fada le mí Feabhra 2008.
In fact, I should mention that this Office had raised the question of the use of placenames for the new postal codes with the Department of Communications as far back as February 2008.
eclr:3556
Ó tharla gearáin a bheith déanta ag baill den phobal liom i dtaobh na ceiste seo nach raibh mé in ann teacht ar réiteach sásúil leis an Roinn ina leith, bheartaigh mé go raibh gá le himscrúdú le haon amhras a sheachaint.
As a complaint had been made to me by members of the public on this question and as I was unable to reach a satisfactory resolution with the Department in that respect, I decided that it was necessary to launch an investigation for the avoidance of doubt.
eclr:3557
Go bunúsach, theastaigh uaim de thoradh an imscrúdaithe seo a bheith ábalta a rá an amhlaidh a bhí nó nach raibh an fhoráil i scéim teanga na Roinne á cur i bhfeidhm go cuí.
Basically, I wanted to be able to say as a result of the investigation whether or not the provision in the Department’s scheme was being appropriately implemented.
eclr:3558
Sheol mé an t-imscrúdú ar an 5 Deireadh Fómhair 2015 trí litir a eisiúint, mar chéad chéim, chuig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, ag lorg eolas ar leith, freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid, nó rud den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe.
I launched the investigation on the 5 October 2015 by issuing a letter, as a first step, to the Mnister for Communications, Energy and Natural Resources seeking particular information and responses to certain questions, as well as any information, record or any such thing which was relevant to the subject of the investigation.
eclr:3559
D’iarr mé go gcuirfí an t-eolas cuí sin ar fáil faoin 27 Deireadh Fómhair 2015.
I requested that the relevant information be provided to me on or before 27 October 2015.
eclr:3560
Seoladh freagra chugam i ríomhphost dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2015.
I was sent a response in an e-mail dated 28 October 2015.
eclr:3561
Níor cuireadh aon cháipéisí tacaíochta ar fáil.
No accompanying documents were provided.
eclr:3562
Sa ríomhphost sin chugam, shéan an Roinn go raibh aon sárú ar a dualgas reachtúil teanga i gceist sa chás.
In that e-mail the Department denied that there had been any breach of its statutory language obligations in this case.
eclr:3563
D’áitigh an Roinn gur bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil ar chuideachta phríobháideach theoranta agus go raibh sí den tuairim nach comhlacht poiblí a bhí sa chonraitheoir chun críocha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
The Department contended that the contract to design, distribute and maintain the postcode system was awarded to a private company and that it was of the opinion that the contractor was not a public body under the Official Languages Act 2003.
eclr:3564
Thagair an Roinn do mhír eile ina scéim teanga reachtúil a bhain le tríú páirtithe a bhíonn ag obair ar son na Roinne a chur ar an eolas faoi ghealltanais na scéime teanga agus iad a spreagadh chun spiorad na scéime a léiriú.
The Department referred to another section in its statutory language scheme that related to informing third parties working on behalf of the Department about commitments in the language scheme and encouraging them to embrace the spirit of the scheme.
eclr:3565
Mhaígh an Roinn go raibh an méid sin déanta sa chás seo.
The Department claimed that that had been done in this case.
eclr:3566
Mar thaca leis an méid sin thug an Roinn le fios go raibh an conraitheoir tar éis dul i gcomhairle le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge chun ábhar áirithe a chur ar fáil ar bhonn dátheangach mar chuid den tionscnamh.
To support this case the Department informed me that the contractor had engaged with Conradh na Gaeilge and Foras na Gaeilge to provide certain materials on a bilingual basis as part of the project.
eclr:3567
Luaigh sí go raibh ábhar bolscaireachta dátheangach agus litreacha fógartha postchóid dátheangacha curtha i dtoll a chéile ag Eircode agus suíomh gréasáin dátheangach forbartha.
The Department said that Eircode had provided bilingual promotional material and bilingual notice letters relating to the postcodes as well as developing a bilingual website.
eclr:3568
Cuireadh ar a súile don imscrúdú go raibh baill foirne dhátheangacha earcaithe ag Eircode freisin le haghaidh a lárionaid glaonna agus Cód Cleachtais forbartha acu inar leagadh amach an chaoi a gcuirfí an Córas Náisiúnta Postchóid ar fáil don phobal.
The investigation was informed that Eircode had recruited bilingual staff for its central phone centre and that it had developed a Code of Practice where it was specified how the National Postcode System would be provided to the public.
eclr:3569
Dúirt an Roinn gur chóir a thabhairt faoi deara gur ón mbunachar sonraí GeoDirectory agus uaidh sin amháin a tháinig na seoltaí, seoltaí Gaeilge san áireamh, i mBunachar Sonraí Seoltaí Eircode.
It should be noted, the Department stated, that the addresses, including addresses in Irish, were included on the Eircode Address Data Base solely from the GeoDirectory data base.
eclr:3570
Thug an Roinn le fios go raibh an bunachar sonraí sin á chur ar fáil faoi cheadúnas ag An Post GeoDirectory (APG) do Capita, agus go raibh An Post freagrach as a scéim féin mar chomhlacht sainithe faoi Acht 2003.
The Department stated that this data base was being provided under licence by An Post and GeoDirectory (APG) to Capita, and that An Post is responsible for its own scheme as a specified company under the 2003 Act.
eclr:3571
Shoiléirigh an Roinn go raibh “Logainm” ag obair i gcomhar le APG chun aon difríocht idir a mbunachair sonraí a réiteach, mar thoradh ar roinnt fadhbanna a bheith aimsithe maidir leis an aistriúchán Gaeilge ar sheoltaí i mbunachar sonraí GeoDirectory.
The Department confirmed that, as a result of a number of problems identified in relation to the Irish language translations of addresses in the GeoDirectory data base, “Logainm” was working in conjunction with APG to resolve any differences in their data bases.
eclr:3572
Leagadh dréacht-tuarascáil (gan fionnachtana ná moltaí) faoi bhráid na Roinne ar an 24 Samhain 2015 le deis a thabhairt don chomhlacht poiblí a léiriú má bhí aon mhíbhrí bainte agam as an eolas a bhí curtha ar fáil aici san imscrúdú.
A draft report (minus findings and recommendations) was presented to the Department on 24 November 2015 to give the public body concerned an opportunity to illustrate if I had misconstrued the information that was provided to the investigation.
eclr:3573
Tar éis dom an dréacht-tuarascáil sin eisiúint, d’iarr an Roinn síneadh ama le freagra a chur ar fáil, mar go raibh eolas tagtha chun solais sa dréacht-tuarascáil nach raibh tugtha faoi deara aici sna buncháipéisí imscrúdaithe.
After that draft report was issued the Department requested more time to provide an answer, as information had come to light in the draft report that it hadn’t noticed in the original investigative documents.
eclr:3574
Ceadaíodh síneadh ama go dtí Dé Luain, an 21 Nollaig leis an dréacht-tuarascáil a fhreagairt.
A time extension until Monday 21 December was permitted to reply to the draft report.
eclr:3575
Cuireadh freagra faoi mo bhráid i ríomhphost dar dáta an 22 Nollaig 2015.
A reply was presented to me by e-mail on 22 December.
eclr:3576
Sa tuairisc ar an dréacht-tuarascáil, thug an Roinn le fios nach raibh an chúis a dtagann conraitheoir atá ag oibriú de bhun conradh leis an Roinn faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla soiléir di sna buncháipéisí imscrúdaithe.
In its response to the draft report the Department said that the reason a contractor working under contract with the Department comes under the Official Languages Act wasn’t clear in the original investigative documents.
eclr:3577
Thug an Roinn le fios gur thuig sí dearcadh an Choimisinéara Teanga agus d’aithin sí go bhféadfadh conraitheoir atá ag oibriú de bhun conradh leis an Roinn a bheith faoi réir Scéim Teanga na Roinne de réir léirmhíniú an Choimisinéara.
The Department said it understood the position of An Coimisinéir Teanga and recognised that a contractor working under contract with the Department could come under the language scheme of the Department according to the interpretation of the Commissioner.
eclr:3578
Thug an Roinn le fios arís go raibh cruinnithe tar éis a bheith ag APG le Brainse na Logainmneacha lena chinntiú go gcuirfí logainmneacha oifigiúla dearbhaithe Gaeilge san áireamh i mbunachar sonraí GeoDirectory.
The Department reiterated that APG and Brainse na Logainmneacha had meetings to ensure that confirmed placenames were included in the GeoDirectory data base.
eclr:3579
D’eascair an t-imscrúdú seo as líon substaintiúil gearán a rinne baill den phobal le m’Oifig ar an ábhar.
This investigation began following a substantial number of complaints on the matter to my Office.
eclr:3580
B’fhíor, mar a dúirt an Roinn ina freagra, nár chomhlacht poiblí chun críocha an Achta é Capita Business Support Services Ireland Limited – an comhlacht príobháideach ar ar bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil.
It is true, as the Department said in its response, that Capita Business Support Services Ireland Limited – the private company that was awarded the contract to design, distribute and maintain the system – is not a public body for the purposes of the Act.
eclr:3581
Ach níor ghá gur comhlacht chun críocha an Achta a bheadh ag soláthar na seirbhíse faoi chonradh thar ceann na Roinne chun go dtabharfaí faoi choimirce na reachtaíochta é – ba leor go mbeadh aon chomhlacht nó eagraíocht ag soláthar seirbhíse faoi chonradh thar ceann na Roinne le go leagfaí na dualgais reachtúla chéanna orthu is a leagann a scéim teanga ar an Roinn.
But a company providing a service under contract on the Department’s behalf need not come under the Act itself for it to come under the auspices of the legislation – it is enough that any company or organisation provides a service under contract on behalf of the Department for the same obligations in the language scheme to apply to it as apply to the Department.
eclr:3582
I measc na ndualgas sin tá gealltanas i dtaca le logainmneacha oifigiúla Gaeltachta a úsáid chun críocha corparáideacha.
Those obligations include the commitment regarding the use of official Gaeltacht placenames for corporate purposes.
eclr:3583
Cé go raibh mír ar leith sa scéim teanga a bhain le soláthraí seirbhíse a bheith á spreagadh le cloí le ‘spiorad na scéime’, thóg foráil san Acht féin a bhain leis an ábhar seo ceannas ar an ngealltanas sin.
Whilst the language scheme includes a section relating to the providers of services being encouraged to comply with the “spirit of the scheme”, the provision in the Act itself relating to this matter overrides that commitment.
eclr:3584
Tá forlámhas ag foráil dhlíthiúil i reachtaíocht atá daingnithe ag an Oireachtas, agus ní féidir le haon ghealltanas i scéim teanga leasú, maolú nó cealú a dhéanamh ar fhoráil in aon Acht.
A legal provision in legislation passed by the Oireachtas has supremacy, and no commitment in a language scheme can dilute or cancel a direct provision in the Act.
eclr:3585
Leag an fhoráil san Acht dualgas sonrach ar an gcomhlacht poiblí a chinntiú gur chloígh aon chonraitheoir a bhí ag feidhmiú thar a cheann le forálacha a scéime teanga i gcás seirbhísí atá á gcur ar fáil faoi chonradh.
The provision in the scheme placed a specific obligation on the public body to ensure that the contractor operating on its behalf adhered to the provisions in its scheme in relation to services being provided under contract.
eclr:3586
Dhearbhaigh an Roinn go raibh seirbhís á cur ar fáil thar a ceann nuair a dúirt sí sa litir freagartha don imscrúdú gur “bronnadh an conradh chun córas na bpostchód a dhearadh, a scaipeadh agus a chothabháil ar chuideachta phríobháideach theoranta, Capita Business Support Services Ireland Limited i mí na Nollag 2013.”
The Department confirmed that a service was being provided on its behalf when it said in its response to the investigation that “the contract to design, distribute and maintain the postcode system was awarded to a private limited company, Capita Business Support Services Ireland Limited, in December 2013.”
eclr:3587
Ba léir don imscrúdú gur bheartas de chuid na Roinne a bhí i bhforbairt córas postchód don tír, agus ní raibh aon amhras ach gur bronnadh conradh ar chomhlacht príobháideach chun an tseirbhís sin a sholáthar.
It was clear to the investigation that the development of the country’s postcode system was a policy of the Department, and there was no doubt that a contract was awarded to a private body to provide that service.
eclr:3588
Ó tharla gur seirbhís í seo a bhí á soláthar go neamhdhíreach ag an Roinn, lean dualgais na scéime dá réir.
Since that service was being provided indirectly by the Department the commitments under the scheme followed on.
eclr:3589
Ba léir go raibh cúram déanta d’ábhar agus de sheirbhísí áirithe a chur ar fáil as Gaeilge nó go dátheangach, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, mar chuid den tionscnamh seo.
It’s clear that care was given to providing certain materials and services through Irish, with support from Foras na Gaeilge and Conradh na Gaeilge, as part of this project.
eclr:3590
In ainneoin an méid sin, ba bhunriachtanas é go gcomhlíonfaí dualgais reachtúla teanga agus níorbh fhéidir le haon socruithe eile teacht in áit na ndualgas sin ná na dualgais sin a mhaolú ar aon bhealach.
In spite of this it is a basic requirement that statutory language obligations are upheld and no other arrangements can replace those obligations or diminish them in any way.
eclr:3591
Ba é an bunriachtanas sa chás seo go dtabharfaí aird ar an ngealltanas a bhí tugtha maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta.
The basic requirement in this instance was that due regard be given to the commitment regarding the use of Gaeltacht placenames.
eclr:3592
Thug an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le fios go raibh “Logainm” agus GeoDirectory ag oibriú le chéile anois chun réiteach a fháil ar na difríochtaí a bhain le logainmneacha éagsúla.
The Department of Communications, Energy and Natural Resources said that “Logainm” and GeoDirectory were working together to resolve the differences between various placenames.
eclr:3593
Léirigh an méid seo dom go bhféadfadh an fhadhb a bhain le húsáid logainmneacha Gaeltachta a bheith seachanta ach an phleanáil cheart a bheith déanta roimh ré.
This indicates to me that the problem relating to the use of Gaeltacht placenames could have been avoided if the correct planning had been carried out beforehand.
eclr:3594
Bhí an cheist maidir leis an riachtanas atá ar chonraitheoirí, a bhíonn ag obair thar ceann na Roinne, cloí le téarmaí na scéime teanga pléite roimhe seo leis an Roinn de thoradh gearán a tháinig chun cinn roinnt blianta ó shin.
The question relating to the obligation that contractors working on behalf of the Department having to comply with terms of the language scheme were raised previously with the Department as a result of a complaint years previously.
eclr:3595
Dhearbhaigh an Roinn ag an am sin gur thuig sí an dualgas a bhí i gceist.
The Department confirmed at the time that it understood the obligation in question.
eclr:3596
Ní fhéadfaí mar sin a mhaíomh go raibh aon cheist aineolais anseo go háirithe i bhfianaise an riachtanas seo a bheith meabhraithe ag m’Oifig don Roinn le linn cruinniú faireacháin a tharla sé seachtaine sular seoladh an tseirbhís Eircode.
It shouldn’t be claimed, therefore, that there was any question of ignorance especially since the Department had been reminded of the obligation during a monitoring meeting six weeks prior to the launch of the Eircode service.
eclr:3597
B’ábhar iontais dom mar sin nár ghlac an Roinn leis ag an tús gur thit dualgais na scéime teanga ar an gconraitheoir a bhí i mbun an tionscnaimh seo thar a ceann.
It surprised me then that the Department didn’t accept at the outset that the obligations of the language scheme applied to the contractor undertaking this project on its behalf.
eclr:3598
Cé gur bhain an t-imscrúdú seo le húsáid logainmneacha Gaeltachta, ní fhéadfainn neamhaird a dhéanamh den olc a bhí ar dhaoine, a rinne teagmháil le m’Oifig, gur i mBéarla a bhí a n-ainm agus sloinne ar an litir seachadta Eircode.
Whilst this investigation related to the use of Gaeltacht placenames I couldn’t turn a blind eye to the anger those who contacted my Office felt because their names on the Eircode delivery letters were in English.
eclr:3599
Ghoill sé go smior ar dhaoine go bhfacthas dóibh gur thóg eagraíocht éigin uirthi féin a n-ainm agus sloinne a aistriú go Béarla, i ngan fhios dóibh, agus gur úsáideadh é sin chun críocha oifigiúla.
It upset people deeply that, as they saw it, an organisation had taken it upon itself to translate their names to English for official purposes, without their knowledge.
eclr:3600
Fuair m’Oifig 48 gearán ar an ábhar seo amháin.
My Office received 48 complaints on this matter alone.
eclr:3601
Is ábhar é seo ar thagair mé dó le linn comhfhreagras leis an Roinn agus mar chuid den litir oifigiúil a eisíodh agus mé ag seoladh an imscrúdaithe.
I referred to this matter in my correspondence with the Department and in the official letter that was issued when the investigation was launched.
eclr:3602
Thug an Roinn aghaidh ar ábhar seo agus í ag tabhairt freagra ar an dréacht-tuarascáil.
The Department addressed this matter when answering the draft report.
eclr:3603
Thug sí le fios gur bhain An Post úsáid as 'tuairisceoirí foirgnimh' chun an go sárófaí an dúshlán i dtaca le cinnte a dhéanamh de gur sannadh an postchód ceart do gach seoladh aonair agus gur seachadadh an postchód ceart chuige sin.
It said that An Post used ‘building identifiers’ to overcome the challenges of ensuring that the correct postcode was identified with each individual address and that the correct postcode was delivered.
eclr:3604
Dúirt sí gurb é an t-aon chuspóir amháin a bhí leis sin ná an postchód a sheachadadh go cruinn, agus dúirt gur dhealraigh sé gurb é an leagan Béarla d'ainm agus sloinne úinéir an tí a bhí sna 'tuairisceoirí foirgnimh' i gcásanna áirithe.
It said that the only objective was to deliver an accurate postcode and that it seemed that the English version of the homeowner’s name was used for ‘building identifiers’ in some instances.